22.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 179/4


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 30 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny – an Pholainn) – Gmina O. v Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej

(Cás C-612/21, (1) Gmina O.)

(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 2(1)(a) agus (c) - Soláthar earraí agus seirbhísí ar comaoin - Airteagal 9(1) - Brí “duine inchánach” agus “gníomhaíocht eacnamaíoch” - Bardas a eagraíonn suiteáil fuinnimh in-athnuaite ar a críoch dá cónaitheoirí a bhfuil úinéireacht acu ar mhaoin dhochorraithe agus a chuir in iúl gur mian leo córais fuinnimh in-athnuaite a bheith feistithe - Is ionann a ranníocaíocht agus 25 % de na costais fóirdheonaithe, gan a bheith in ann dul thar uasluach a comhaontaíodh idir an bardas agus úinéir na maoine leasmhar - Aisíocaíocht an bardas trí fhóirdheontas ón údarás inniúil cúige de 75 % de na costais fóirdheonaithe - Airteagal 13(1) - Bardais nach bhfuil faoi réir cánach as na gníomhaíochtaí nó na hidirbhearta a dhéantar mar údaráis phoiblí)

(2023/C 179/05)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Naczelny Sąd Administracyjny

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Gmina O.

Cosantóir: Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 2(1), Airteagal 9(1) agus Airteagal 13(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

a léiriú sa chaoi sa chás go soláthraíonn agus go suiteálann bardas, trí ghnóthas, córais fuinnimh in-athnuaite dá cónaitheoirí bhfuil maoin ina seilbh acu agus a chuir in iúl gur mian leo córais fuinnimh in-athnuaite a threalmhú, sa chás nach bhfuil gníomhaíocht den sórt sin beartaithe ioncam a fháil ar bhonn leanúnach agus as a n-eascraíonn, ar thaobh na gcónaitheoirí sin amháin, íocaíocht a chumhdaíonn an ceathrú cuid ar a mhéad de na costais a thabhaítear, agus an t-iarmhéid á maoiniú le cistí poiblí, nach ionann é agus soláthar earraí agus seirbhísí atá faoi réir cánach breisluacha.


(1)  IO C 95, 28.2.2022.