12.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 205/6 |
Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 20 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – EEW Energy from Waste Großräschen GmbH v MNG Mitteldeutsche Netzgesellschaft Strom GmbH
(Cás C-580/21, (1) EEW Energy from Waste)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhshaol - Treoir 2009/28/CE - Cur chun cinn fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh - Airteagal 16(2)(c) - Rochtain ar eangaí tarchurtha agus dáileacháin - Rochtain tosaíochta ar leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite - Táirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó ghnáthfhoinsí fuinnimh)
(2023/C 205/07)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: EEW Energy from Waste Großräschen GmbH
Cosantóir: MNG Mitteldeutsche Netzgesellschaft Strom GmbH
Idiragraí: 50 Hertz Transmission GmbH
An chuid oibríochtúil
1. |
Maidir le hAirteagal 16(2)(c) de Threoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus 2003/30/CE, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní mór rochtain tosaíochta ar an eangach leictreachais atá ag suiteálacha giniúna leictreachais a úsáideann foinsí in-athnuaite fuinnimh a dheonú ní hamháin do shuiteálacha a tháirgeann leictreachas go heisiach ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, ach freisin dóibh siúd a tháirgeann ó fhoinsí in-athnuaite agus ó fhoinsí traidisiúnta fuinnimh araon. |
2. |
Maidir le hAirteagal 16(2)(c) de Threoir 2009/28, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: tá rochtain tosaíochta ag suiteáil a tháirgeann leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh agus ó fhoinsí traidisiúnta fuinnimh araon ar an eangach maidir leis an gcion den leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amháin. Is faoi na Ballstáit atá sé na rialacha mionsonraithe a leagan síos chun an rochtain tosaíochta sin a chur i bhfeidhm, trí chritéir thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha a shocrú a cheadóidh, agus ceanglais a bhaineann le hiontaofacht agus sábháilteacht na n-eangaí a chothabháil á gcur san áireamh acu, ord tosaíochta de réir mhéid an sciartha d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a úsáideann gach suiteáil chun leictreachas a tháirgeadh. |