|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/5 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Itä- Suomen hallinto-oikeus — an Fhionlainn) — caingean arna tabhairt ag J.M.
(Cás C-579/21 (1) Pankki S)
(Tarchur chun réamhrialú - Sonraí pearsanta a phróiseáil - Rialachán (AE) 2016/679 - Airteagail 4 agus 15 - Raon feidhme an chirt um rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15 - Faisnéis atá i gcomhaid loga arna nginiúint ag córas próiseála (log data) - Airteagal 4 - An coincheap ‘sonraí pearsanta’ - An coincheap ‘faighteoirí’ - Cur i bhfeidhm san am)
(2023/C 278/06)
Teanga an cháis: an Fhionlainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Itä-Suomen hallinto-oikeus
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: J.M.
Páirtithe leasmhara: Apulaistietosuojavaltuutettu, Pankki S
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Maidir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), arna léamh i bhfianaise Airteagal 99(2) den Rialachán sin, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: tá feidhm aige maidir le hiarraidh ar rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear san fhoráil sin i gcás ina ndearnadh na hoibríochtaí próiseála a mbaineann an iarraidh sin leo roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin, ach go ndearnadh an iarraidh tar éis an dáta sin. |
|
2) |
Maidir le hAirteagal 15(1) de Rialachán 2016/679, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: is éard atá i bhfaisnéis a bhaineann le hoibríochtaí chun breathnú ar shonraí pearsanta duine, a bhaineann le dátaí agus críocha na n-oibríochtaí sin, ná faisnéis a bhfuil sé de cheart ag an duine sin í a fháil ón rialaitheoir faoin bhforáil sin. Mar sin féin, leis an bhforáil sin, ní fhoráiltear dá leithéid de cheart i ndáil le faisnéis a bhaineann le féiniúlacht fhostaithe de chuid an rialaitheora sin a rinne na hoibríochtaí sin faoi údarás an rialaitheora agus i gcomhréir lena threoracha, murab ea go bhfuil an fhaisnéis sin bunriachtanach ionas go bhféadfaidh an duine is ábhar do na sonraí na cearta a thugtar dó leis an Rialachán sin a fheidhmiú go héifeachtach agus ar choinníoll go gcuirtear cearta agus saoirsí na bhfostaithe sin san áireamh. |
|
3) |
Maidir le hAirteagal 15(1) de Rialachán 2016/679, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: más rud é go saothraíonn an rialaitheoir gníomhaíocht bhaincéireachta i gcomhthéacs cúram rialaithe agus go raibh an duine a ndearnadh a shonraí pearsanta a phróiseáil ina cháil mar chustaiméir an rialaitheora fostaithe ag an rialaitheoir sin freisin, ní dhéantar aon difríocht, i bprionsabal, do raon feidhme an chirt a bhí ag an duine sin faoin bhforáil sin. |