17.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 252/5


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 25 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Wien – an Ostair) – WertInvest Hotelbetriebs GmbH v Magistrat der Stadt Wien

(Cás C-575/21 (1), WertInvest Hotelbetrieb)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhshaol - Treoir 2011/92/AE - Measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol - Airteagail 2(1) agus 4(2) - Tionscadail faoi Iarscríbhinn II - Oibreacha forbartha uirbigh - Scrúdú ar bhonn tairseach nó critéar - Airteagal 4(3) - Critéir roghnúcháin ábhartha arna socrú in Iarscríbhinn III - Airteagal 11 - Rochtain ar an gceartas)

(2023/C 252/04)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Wien

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: WertInvest Hotelbetriebs GmbH

Cosantóir: Magistrat der Stadt Wien

Idiragraí: Verein Alliance for Nature

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagail 2(1), 4(2)(b) agus 4(3), Iarscríbhinn II pointe 10(b) agus Iarscríbhinn III de Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnuithe a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cur i gcrích measúnaithe ar éifeachtaí ‘oibreacha forbartha uirbigh’ ar an gcomhshaol faoi réir, ar an gcéad dul síos, baint amach tairseach maidir le tógáil talún d’achar de, ar a laghad, 15 heicteár agus d’oll-achar talún de níos mó ná 150 000 m2 agus, ar an dara dul síos, an tionscadal a bheith ina thionscadal forbartha chun ionad ilfheidhmeach a thógáil, ina bhfuil ar a laghad foirgnimh chónaithe agus oifige, tionscadal ina bhfuil na bóithre agus an bonneagar seirbhísithe chuige sin aige agus a bhfuil ceantar meallta aige a leathnaíonn níos faide amach ná an t-achar a chumhdaítear leis an tionscadal féin.

2)

Maidir le hAirteagal 4(3) de Threoir 2011/92, arna leasú le Treoir 2014/52,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

mar chuid de scrúdú de réir an cháis ar an gceist an bhféadfadh tionscadal éifeachtaí suntasacha a bheith aige ar an gcomhshaol agus nach mór dá bhrí sin é a chur faoi réir measúnú ar a éifeachtaí ar an gcomhshaol, ní mór don údarás inniúil scrúdú a dhéanamh ar an tionscadal lena mbaineann i bhfianaise na gcritéar roghnúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/92, arna leasú, d’fhonn na critéir ábhartha a chinneadh sa chás lena mbaineann agus ní mór dó ina dhiaidh sin na critéir ábhartha sin a chur i bhfeidhm i leith an cháis.

3)

Maidir le hAirteagal 11 de Threoir 2011/92, arna leasú le Treoir 2014/52,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis go ndéanfaidh cúirt atá an inniúlacht aici chun údarú a bhronnadh an scrúdú féideartha de réir an cháis dá bhforáiltear in Airteagal 4(2)(a) de Threoir 2011/92, arna leasú, den chéad uair, mar a fhoráiltear in Airteagal 1(2)(c) de Threoir 2011/92, arna leasú.

Ní mór, áfach, go mbeidh ag duine aonair, atá mar chuid den ‘p[h]obal lena mbaineann’, de réir bhrí Airteagal 1(2)(e) de Threoir 2011/92, arna leasú, agus a chomhlíonann na critéir dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta maidir le ‘leas leordhóthanach’ nó, más iomchuí, ‘sárú ar cheart’, dá dtagraítear in Airteagal 11, an fhéidearthacht agóid a dhéanamh, os comhair cúirt bhreithiúnach eile nó, de réir an cháis, comhlacht neamhspleách agus neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, maidir leis an tsubstaint nó leis an nós imeachta, in aghaidh dhlíthiúlacht an chinnidh lena n-aithnítear nach bhfuil gá measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol a d’fhéadfadh a bheith glactha ag cúirt den sórt sin.

4)

Maidir le Treoir 2011/92, arna leasú le Treoir 2014/52,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc léi ar cheadúnas tógála a bhronnadh, roimh nó le linn cur i gcrích measúnúaithe ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol a éilítear nó roimh dheireadh scrúdaithe de réir an cháis ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol a bhfuil beartaithe le cinneadh an bhfuil measúnú den sórt sin riachtanach, do thionscadail aonair oibreacha a thagann faoi chumhdach tionscadal oibreacha forbartha uirbigh níos mó.


(1)  IO C 2, 3.1.2022