|
27.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 112/6 |
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht – an Ghearmáin) – ZS v Zweckverband “Kommunale Informationsverarbeitung Sachsen” KISA, Körperschaft des öffentlichen Rechts
(Cás C-560/21 (1), KISA)
(Tarchur chun réamhrialú - Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil - Rialachán (AE) 2016/679 - Airteagal 38(3) - Oifigeach Cosanta Sonraí - Toirmeasc ar oifigeach cosanta sonraí a dhífhostú as na cúraimí atá air nó uirthi a chomhlíonadh - Ceanglas maidir le neamhspleáchas feidhmiúil - Rialacháin náisiúnta lena dtoirmisctear oifigeach cosanta sonraí a dhífhostú in éagmais cúis thromchúiseach)
(2023/C 112/07)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesarbeitsgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: ZS
Cosantóir: Zweckverband “Kommunale Informationsverarbeitung Sachsen” KISA, Körperschaft des öffentlichen Rechts
An chuid oibríochtúil
Maidir leis an dara habairt d’Airteagal 38(3) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní chuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhféadfaidh rialaitheoir nó próiseálaí Oifigeach Cosanta Sonraí is comhalta dá fhoireann a dhífhostú ar chúis thromchúiseach amháin, fiú mura bhfuil baint ag an dífhostú le comhlíonadh chúraimí an oifigigh sin, ar choinníoll nach gcuirfidh reachtaíocht den sórt sin gnóthú chuspóirí an rialacháin sin i mbaol.