20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/7


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof – an Ghearmáin) – Hauptzollamt Hamburg v Shell Deutschland Oil GmbH

(Cás C-553/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2003/96/CE - Cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas - Airteagal 5, an ceathrú fleasc - Ráta difreáilte dleachta máil a bhraitheann ar úsáid ghnó nó úsáid neamhghnó na dtáirgí - Díolúintí agus laghduithe cánach roghnacha - Iarratas ar laghdú cánach roghnach arna chur isteach tar éis don tréimhse dá bhforáiltear chun na críche sin dul in éag ach roimh dhul in éag na tréimhse chun an cháin lena mbaineann a mheasúnú - Prionsabal na deimhneachta dlíthiúla - Prionsabal na héifeachtachta - Prionsabal na comhréireachta)

(2023/C 63/09)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesfinanzhof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Hauptzollamt Hamburg

Cosantóir: Shell Deutschland Oil GmbH

An chuid oibríochtúil

Ní mór prionsabal na héifeachtachta agus prionsabal na comhréireachta, mar phrionsabal ginearálta de dhlí an Aontais, a léiriú amhail, i gcomhthéacs chur chun feidhme forála amhail an ceathrú fleasc d’Airteagal 5 de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus leictreachais, lena gceadaítear do na Ballstáit rátaí difreáilte cánachais a chur i bhfeidhm, faoi choinníollacha áirithe, idir úsáid ghnó agus úsáid neamhghnó na dtáirgí fuinnimh agus an leictreachais a chumhdaítear leis an Treoir sin, go gcuirtear bac leo ar reachtaíocht náisiúnta faoina gceanglaítear ar údaráis inniúla Ballstáit diúltú go huathoibríoch agus gan eisceacht d’iarratas ar dhíolúine ó cháin arna chur isteach laistigh den tréimhse chun an cháin lena mbaineann a mheasúnú, dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, ar an bhforas amháin nár chomhlíon an t-iarratasóir an tréimhse ama a leagtar síos leis an dlí sin chun iarratas den sórt sin a chur isteach.


(1)  IO C 490, 06.12.2021