12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 472/22


Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 27 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Mainz – an Ghearmáin) – ID v Stadt Mainz

(Cás C-544/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Saoirse chun seirbhísí a sholáthar - Treoir 2006/123/CE - Airteagal 15(1), (2)(g) agus (3) - Seirbhísí sa mhargadh inmheánach - Táillí ailtirí agus innealtóirí - Íostaraifí éigeantacha - Éifeacht dhíreach fhorálacha dhlí an Aontais agus neamh-infheidhmeacht fhéideartha na reachtaíochta náisiúnta)

(2022/C 472/26)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Mainz

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ID

Cosantóir: Stadt Mainz

An chuid oibríochtúil

Níl feidhm ag Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach i gcás inar tugadh conradh chun críche sular tháinig an treoir sin i bhfeidhm agus ina raibh éifeachtaí uile an chonartha sin ídithe roimh an spriocdháta chun an Treoir sin a thrasuí.


(1)  IO C 2, 3.1.2022