12.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 472/21 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón l’Augstākā tiesa (Senāts) – an Laitvia) –“Mikrotīkls” SIA v Valsts ieņēmumu dienests
(Cás C-542/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Aontas custaim - Comhtharaif Chustaim - Ainmníocht Chomhcheangailte - Aicmiú taraife - Ceannteideal 8517 - Fo-cheannteidil 8517 70 11 agus 8517 70 19 - Aeróga le haghaidh feistí ródaithe)
(2022/C 472/25)
Teanga an cháis: an Laitvis
An chúirt a rinne an tarchur
Augstākā tiesa (Senāts)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Mikrotīkls” SIA
Cosantóir: Valsts ieņēmumu dienests
An chuid oibríochtúil
Maidir le fo-cheannteideal 8517 70 11 den Ainmníocht Chomhcheangailte, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987, maidir leis an ainmníocht chustaim agus staitistiúil agus an Comhtaraif Chustaim, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 254/2000 ón gComhairle an 31 Eanair 2000, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 927/2012 ón gCoimisiúin an 9 Deireadh Fómhair 2012 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1001/2013 ón gCoimisiúin an 4 Deireadh Fómhair 2013,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní chlúdaítear leis aeróga le haghaidh feistí ródaithe, atá cumraithe le haghaidh cumarsáide i líonraí achair logánta (LAN) agus/nó líonraí achair fhairsing (WAN).