31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 271/3


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 – David Price v Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-502/21 P) (1)

(Achomharc - Caingean le haghaidh neamhniú - Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach - Cinneadh (AE) 2020/135 - Náisiúnaigh de chuid Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann - Iarmhairtí an chomhaontaithe sin ar stádas saoránaigh den Aontas Eorpach agus na cearta a ghabhann leis an stádas sin do na náisiúnaigh sin - An ceathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE - Seasamh chun imeachtaí a thionscnamh - Coinníollacha - Leas in imeachtaí a thionscnamh)

(2023/C 271/04)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: David Price (ionadaí: J. Fouchet, avocat)

Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Bauer, J. Ciantar agus R. Meyer, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear do David Price na costais a íoc.


(1)  IO C 452, 8.11.2021.