7.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 424/14 |
Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 22 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Schleswig-Holsteinisches Verwaltungsgericht – an Ghearmáin) – SI agus páirtithe eile v Bundesrepublik Deutschland
(Cás C-497/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Limistéar saoirse, slándála agus ceartais - Rialuithe teorann, tearmainn agus inimirce - Beartas maidir le tearmann - Treoir 2013/32/AE - Nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar - Iarratas ar chosaint idirnáisiúnta - Forais do-ghlacthachta - Airteagal 2(q) - An coincheap “iarratas ina dhiaidh” - Airteagal 33(2)(d) - Diúltú d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag Ballstát toisc é a bheith do-ghlactha mar gheall ar dhiúltú d’iarratas arna thíolacadh ag an duine lena mbaineann roimhe sin ag Ríocht na Danmhairge - Cinneadh críochnaitheach arna ghlacadh ag Ríocht na Danmhairge)
(2022/C 424/15)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Schleswig-Holsteinisches Verwaltungsgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: SI, TL, ND, VH, YT, HN
Cosantóir: Bundesrepublik Deutschland
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 33(2)(d) de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, léite i gcomhar le hAirteagal 2(q) den Treoir sin agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht Ballstáit seachas Ríocht na Danmhairge lena bhforáiltear go bhféadfaí diúltú, go hiomlán nó go páirteach, d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 2(b) den Treoir sin, arna thíolacadh don Bhallstát sin ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát toisc é a bheith do-ghlactha, ar dhiúltaigh Ríocht na Danmhairge a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta roimhe sin arna thaisceadh sa Bhallstát sin.