23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/11 |
Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Kúria – an Ungáir) – CIG Pannónia Életbiztosító Nyrt. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága
(Cás C-458/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 132(1)(c) - Díolúintí i gcomhair gníomhaíochtaí áirithe ar mhaithe le leas an phobail - Soláthar cúraim leighis i gcleachtadh na ngairmeacha míochaine agus paraimhíochaine - Seirbhís a úsáideann cuideachta árachais chun athbhreithniú a dhéanamh ar chruinneas diagnóise ar thinneas tromchúiseach agus an cúram agus an chóireáil is fearr is féidir a aimsiú agus a sholáthar thar lear)
(2023/C 24/14)
Teanga an cháis: an Ungairis
An chúirt a rinne an tarchur
Kúria
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: CIG Pannónia Életbiztosító Nyrt
Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 132(1)(c) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
níl seirbhísí lena ndéantar cruinneas diagnóis duine árachaithe ar thinneas tromchúiseach a fhíorú, d'fhonn an cúram sláinte is fearr a chinneadh do théarnamh an duine árachaithe agus a chinntiú, i gcás ina gcumhdaítear an riosca sin leis an gconradh árachais agus i gcás ina n-iarrann an duine árachaithe amhlaidh, go gcuirtear an chóir leighis ar fáil thar lear, cumhdaithe ag an díolúine a leagtar síos san fhoráil sin.