28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 451/6


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 6 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – flightright GmbH v American Airlines, Inc.

(Cás C-436/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Aeriompar - Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 - Airteagal 3(1)(a) - Raon feidhme - Airteagal 2(f) go (h) - An coincheap “ticéad” - An coincheap “áirithint” - An coincheap “nasceitilt” - Áirithint a dhéanamh trí ghníomhaireacht taistil - Airteagal 7 - Aerphaisinéirí a chúiteamh i gcás ina bhfuil moill fhada ar eitilt - Oibríocht tráchtála arb éard atá inti ná roinnt eitiltí atá á n-oibriú ag aeriompróirí oibriúcháin ar leith - Nasceitilt a imíonn ó aerfort atá lonnaithe i mBallstát, le stad san Eilvéis agus arb í tríú tír a ceann scríbe)

(2022/C 451/07)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: flightright GmbH

Cosantóir: American Airlines, Inc.

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 2(h) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

leis an gcoincheap “nasceitilt”, cuimsítear oibríocht tráchtála arb éard atá inti ná roinnt eitiltí, atá á n-oibriú ag aeriompróirí oibriúcháin ar leith nach bhfuil comhbhaint dhlíthiúil áirithe acu le chéile, i gcás inar thug gníomhaireacht taistil na heitiltí sin le chéile, ar gníomhaireacht taistil í ar ghearr praghas foriomlán agus ar eisigh aon ticéad amháin don oibríocht sin, rud a fhágann go bhfuil an ceart chun cúiteamh á fháil faoi Airteagal 7 den Rialachán sin inagartha ag paisinéir a imíonn ó aerfort atá lonnaithe i mBallstát agus atá thíos le moill fhada a chuirtear ar a shroicheadh nó a sroicheadh ag ceann scríbe na heitilte deireanaí.


(1)  IO C 452, 8.12.2021.