28.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 451/5 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 6 Deireadh Fómhair 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione – an Iodáil) – Agenzia delle Entrate v Contship Italia SpA
(Cásanna Uamtha C-433/21 agus C-434/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas díreach - Saoirse bhunaíochta - Cáin chorparáide - Socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha - Ioncam inchánach a shocrú ar bhonn ioncaim íosta toimhdithe - Cuideachtaí agus eintitis atá liostaithe ar mhargaí náisiúnta rialáilte a eisiamh ó raon feidhme na socruithe cánach seo)
(2022/C 451/06)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Corte suprema di cassazione
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Agenzia delle Entrate
Cosantóir: Contship Italia SpA
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 49 CFAE a léiriú amhail nach gcuirtear toirmeasc leis ar reachtaíocht náisiúnta nach gceadaítear léi ach do chuideachtaí a thrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte náisiúnta, ach atá faoi rialú ag cuideachtaí agus eintitis atá liostaithe ar mhargaí rialáilte náisiúnta, tairbhe a bhaint as an bhforas i gcomhair eisiamh ó chur i bhfeidhm na socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha, gan cuideachtaí eile a chur san áireamh san fhoras i gcomhair eisiamh seo, bíodh siad náisiúnta nó eachtrach, nach dtrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte náisiúnta, ach atá faoi rialú ag cuideachtaí agus eintitis atá liostaithe ar mhargaí rialáilte eachtracha.