|
11.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 321/5 |
Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 13 Iúil 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) – Ocilion IPTV Technologies GmbH v Seven.One Entertainment Group GmbH, Puls 4 TV GmbH & Co. KG
(Cás C-426/21 (1),Ocilion IPTV Technologies)
(Tarchur chun réamhrialú - Maoin intleachtúil - Cóipcheart i sochaí na faisnéise - Treoir 2001/29/CE - Airteagal 3 - An ceart cumarsáide a chur in iúl don phobal - Airteagal 5(2)(b) - Eisceacht maidir le ‘cóipeáil phríobhaideach’ - Soláthraí seirbhíse ‘Internet Protocol Television’ (IPTV) - Rochtain ar ábhair atá faoi chosaint gan údarú ó shealbhóirí cirt - Fístaifeadán ar líne - Feidhm athsheinm - Teicníocht dídhúbailte)
(2023/C 321/05)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberster Gerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Ocilion IPTV Technologies GmbH
Cosantóirí: Seven.One Entertainment Group GmbH, Puls 4 TV GmbH & Co. KG
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Maidir le hAirteagal 2 agus Airteagal 5(2)(b) de Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní chumhdaítear leis an eisceacht don cheart eisiach atá ag údair agus eagraíochtaí craoltóireachta, chun atáirgeadh saothar cosanta a údarú nó a thoirmeasc, seirbhís a thairgeann oibreoir chun craoltaí teilifíse ar líne a atarchur chuig custaiméirí tráchtála lena gceadaítear, ar bhonn réitigh néal-óstála nó bunaithe ar na crua-earraí agus na bogearraí is gá a chuirtear ar fáil san áitreabh, taifeadadh leanúnach nó aonuaire ar na craoltaí sin, ar thionscnamh úsáideoirí deiridh na seirbhíse sin, i gcás ina bhfuil an chóip a rinne an chéad cheann de na húsáideoirí sin a roghnaigh craoladh curtha ar fáil, ag an oibreoir, do líon neamhchinntithe úsáideoirí ar mian leo féachaint ar an ábhar céanna. |
|
2. |
Maidir le hAirteagal 3(1) de Threoir 2001/29/CE, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní ‘cumarsáid a chur in iúl don phobal’ é soláthar arna dhéanamh ag oibreoir d’athchraoltaí teilifíse ar líne dá chustaiméir tráchtála do na crua-earraí agus na bogearraí is gá, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, a chuireann ar chumas an chustaiméara sin ligean dá chustaiméirí féin craoltaí teilifíse ar líne a athsheinm, de réir bhrí na forála sin, fiú más eol don oibreoir sin go bhféadfar a sheirbhís a úsáid chun rochtain a fháil ar ábhar craolacháin faoi chosaint gan toiliú ó na húdair. |