|
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/12 |
Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 1 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy dla m.st. Warszawy w Warszawie – an Pholainn) – X sp. z o.o., sp. k. v Z
(Cás C-419/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2011/7/AE - Cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála - Airteagal 2, pointe (1) - Coincheap “idirbhearta tráchtála” - Cúiteamh as costais aisghabhála arna dtabhú ag an gcreidiúnaí i gcás íocaíocht dhéanach ag an bhféichiúnaí - Airteagal 6 - Cnapshuim íosta EUR 40 - Moill ar roinnt íocaíochtaí le haghaidh soláthar earraí nó seirbhísí arna ndéanamh faoi chonradh aonair a fhorghníomhú)
(2023/C 35/13)
Teanga an cháis: an Pholainnis.
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Rejonowy dla m.st. Warszawy w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: X sp. Z o.o., sp. k.
Cosantóir: Z
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Maidir le hAirteagal 2, pointe (1), de Threoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: cumhdaíonn an coincheap “idirbhearta tráchtála” atá le feiceáil ann gach ceann de na soláthairtí leanúnacha earraí nó seirbhísí, a dhéantar a fhorghníomhú faoi chonradh aonair. |
|
2) |
Maidir le hAirteagal 6(1) de Threoir 2011/7, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4 den Treoir sin, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: i gcás ina ndéantar foráil i gconradh aonair maidir le seachadtaí earraí nó soláthar seirbhísí leanúnacha, a bhfuil gach ceann díobh le híoc laistigh de thréimhse shonraithe, beidh an chnapshuim íosta de EUR 40 mar chúiteamh ar chostais aisghabhála iníoctha don chreidiúnaí ar gach íocaíocht dhéanach. |