27.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 71/11 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 12 Eanáir 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht München I – an Ghearmáin) – KT, NS v FTI Touristik GmbH
(Cás C-396/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Treoir (AE) Uimh. 2015/2302 - Airteagal 14(1) - Taisteal láneagraithe agus socruithe taistil nasctha - Conradh taistil láneagraithe a chur chun feidhme - Freagracht an eagraithe lena mbaineann - Bearta chun leathadh domhanda galair aicídigh a chomhrac - Paindéim COVID-19 - Srianta arna gcur i bhfeidhm i gceann scríbe agus in áit ghnáthchónaithe an taistealaithe lena mbaineann agus i dtíortha eile - Neamhcomhlíontacht na seirbhísí arna soláthar i gcomhthéacs an turais láneagraithe lena mbaineann - Laghdú iomchuí ar phraghas an turais láneagraithe sin)
(2023/C 71/12)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht München I
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: KT, NS
Cosantóir: FTI Touristik GmbH
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 14(1) de Threoir (AE) Uimh. 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil nasctha, lena leasaítear Rialachán (CE) 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
tá taistealaí i dteideal praghas laghdaithe a fháil ar a thuras láneagraithe, nó ar a turas láneagraithe, i gcás go bhfuil neamhchomhlíontacht na seirbhísí a chumhdaítear sa turas láneagraithe mar thoradh ar na srianta arna bhforchur ina cheann scríbe, nó ina ceann scríbe, chun leathadh domhanda galair aicídigh a chomhrac agus inar forchuireadh a leithéid de shrianta ina ghnátháit chónaithe, nó ina gnátháit chónaithe, chomh maith agus i dtíortha eile mar gheall ar leathadh domhanda an ghalair sin. Ionas go mbeidh sé iomchuí, ní mór measúnú a dhéanamh ar an bpraghas laghdaithe seo i bhfianaise na seirbhísí atá san áireamh sa turas láneagraithe lena mbaineann agus ní mór dó a bheith i gcomhréir le luach na seirbhísí ar cinneadh iad a bheith neamhchomhlíontach.