19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/9


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 14 Iúil 2022 – SGI Studio Galli Ingegneria Srl v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-371/21 P) (1)

(Achomharc - Clásal eadrána - An seachtú clár réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007-2013) - Comhaontú deontais - Tionscadal Marsol - Costais cháilithe - Tuarascáil imscrúdaithe ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) inar aimsíodh go raibh caiteachas áirithe neamh-incháilithe - Aisíocaíocht suimeanna a íocadh - Ceart rochtana ar chomhad OLAF - Ceart chun éisteachta - Dualgas cruthúnais - Saobhadh na bhfíoras - Luach fianaiseach - Prionsabal na comhréireachta - Saibhriú éagórach)

(2022/C 359/09)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Achomharcóir: SGI Studio Galli Ingegneria Srl (ionadaithe: V. Catenacci, F. S. Marini agus R. Viglietta, avvocati)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Estrada de Solà et S. Romoli, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear do SGI Studio Galli Ingegneria Srl na costais a íoc.


(1)  IO C 310, 02.08.2021