15.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 173/3


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 23 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberlandesgericht Bamberg – an Ghearmáin) – Imeachtaí coiriúla i gcoinne MR

(Cás C-365/21 (1), Generalstaatsanwaltschaft Bamberg (Eisceacht ar phrionsabal ne bis in idem))

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - AnCoinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme - Airteagal 54 - Prionsabal ne bis in idem - Airteagal 55(1)(b) - Eisceacht maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal ne bis in idem - Cion in aghaidh slándála nó leasanna bunriachtanacha eile an Bhallstáit - Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Prionsabal ne bis in idem - Airteagal 52(1) - Teorainneacha ar phrionsabal ne bis in idem - Comhoiriúnacht dearbhaithe náisiúnta lena bhforáiltear d'eisceacht ar phrionsabal ne bis in idem - Eagraíocht choiriúil - Cionta maoine)

(2023/C 173/04)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberlandesgericht Bamberg

Páirtithe sna príomhimeachtaí coiriúla

MR

Idiragraí: Generalstaatsanwaltschaft Bamberg

An chuid oibríochtúil

1)

Níor nocht scrúdú na chéad cheiste aon toisc de chineál a dhéanann difear do bhailíocht Airteagal 55(1)(b) den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile, a síníodh i Schengen an 19 Meitheamh 1990 agus a tháinig i bhfeidhm an 26 Márta 1995, maidir le hAirteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

2)

Maidir le hAirteagal 55(1)(b) den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 50 agus le hAirteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leis ar chúirteanna Ballstáit léiriú a thabhairt ar an dearbhú arna dhéanamh ag an mBallstát sin faoi Airteagal 55(1) den choinbhinsiún sin nach bhfuil an Ballstát sin faoi cheangal ag forálacha Airteagal 54 den choinbhinsiún sin maidir leis an gcion arb éard é eagraíocht choiriúil a bhunú, i gcás ina ndearna an eagraíocht choiriúil inar ghlac an duine cúisithe páirt go heisiach cionta in aghaidh maoine, ar choinníoll go bhfuil sé beartaithe leis na himeachtaí sin, ag féachaint d'iompar na heagraíochta sin, cionta in aghaidh slándála nó leasanna comhriachtanacha eile de chuid an Bhallstáit sin a phionósú.


(1)  IO C 320, 9.8.2021