23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/10 |
Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Bheilg) – Tilman SA v Unilever Supply Chain Company AG
(Cás C-358/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Dlínse agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála - Coinbhinsiún Lugano II - Clásal maidir le rogha cúirte - Ceanglais fhoirmiúla - Clásal a áirítear sna téarmaí agus coinníollacha ginearálta - Téarmaí agus coinníollacha ginearálta a d'fhéadfaí breathnú orthu agus a phriontáil ó nasc hipirtéacs a luaitear i gconradh arna thabhairt i gcrích i scríbhinn - Comhthoil na bpáirtithe)
(2023/C 24/13)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour de cassation
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Tilman SA
Cosantóir: Unilever Supply Chain Company AG
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 23(1) agus (2) den Choinbhinsiúin maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh an 30 Deireadh Fómhair 2007, lena ndearna a thabhairt i gcrích a fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2009/430/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2008,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
tugtar clásal maidir le rogha cúirte i gcrích go bailí i gcás ina bhfuil sé sna téarmaí agus sna coinníollacha ginearálta dá dtagraíonn an conradh arna thabhairt i gcrích i scríbhinn trí nasc hipeartéacs a chur san áireamh chuig suíomh gréasáin, rochtain ar a gceadaítear na téarmaí agus coinníollacha ginearálta sin a fheiceáil, a íoslódáil agus a phriontáil sula sínítear an conradh sin, gan an páirtí a oibríonn an clásal ina gcoinne gur iarradh go foirmiúil orthu glacadh leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta sin trí tic a chur i mbosca ar an suíomh gréasáin sin.