27.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 71/9


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 12 Eanáir 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy dla m. st. Warszawy w Warszawie – an Pholainn) – J.K. v TP S.A.

(Cás C-356/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cóir chomhionann san fhostaíocht agus sa tslí bheatha - Treoir 2000/78/CE - Airteagal 3(1)(a) agus (c) - Coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar an bhféin-fhostaíocht - Coinníollacha fostaíochta agus oibre - Cosc ar idirdhealú ar bhonn gnéaschlaonta - Duine féinfhostaithe atá ag obair ar bhonn conradh obair shonrach - Foirceannadh agus neamh-athnuachan conartha - Saoirse páirtí conarthach a roghnú)

(2023/C 71/10)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Rejonowy dla m. st. Warszawy w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: J.K.

Cosantóir: TP S.A.

Idiragraí: PTPA

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 3(1)(a) agus (c) de Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta ar son na córa comhionainne maidir leis an bhfostaíocht agus leis an obair,

ní mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin mar seo a leanas:

Cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta a bhfuil sé d’éifeacht aici, ar bhonn na saoirse páirtithe conarthacha a roghnú, cinneadh a eisiamh ón gcosaint in aghaidh idirdhealú atá le tabhairt faoin Treoir sin, ar cinneadh diultú d’athnuachan nó tabhairt i gcrích conradh le duine a bhaineann le hobair shonrach a dhéanfadh an duine sin i gcomhthéacs gníomh ar fhéin-fhostaíocht a bhaint amach, mar gheall ar an ngnéaschlaonta.


(1)  IO C 391, 27.9.2021.