5.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 463/9


Breithiúnas na Cúirte (an naoú Dlísheomra) an 13 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy — an Pholainn) – Perfumesco.pl sp. z o.o., sp. k. v Procter & Gamble International Operations SA

(Cás C-355/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Maoin intleachtúil - Treoir 2004/48/CE - Cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú - Airteagal 10 - Bearta ceartaitheacha - Díothú earraí - An coincheap “sárú cirt maoine intleachtúla” - Earraí ar a bhfuil trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh)

(2022/C 463/11)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Najwyższy

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Perfumesco.pl sp. z o.o., sp. k.

Cosantóir: Procter & Gamble International Operations SA

Tríú páirtí: Rzecznik Praw Obywatelskich

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 10(1) de Threoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc ar léirmhíniú forála náisiúnta ar dá réir nach féidir beart cosanta arb é atá ann díothú earraí a chur i bhfeidhm maidir le hearraí a monaraíodh agus dár greamaíodh trádmharc de chuid an Aontais, le toiliú dhílseánach an trádmhairc sin, ach a cuireadh ar an margadh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch gan a thoiliú.


(1)  IO C 357, 06.09.2021