11.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 127/4


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 16 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de lo Mercantil no 3 de Valencia – an Spáinn) – Tráficos Manuel Ferrer S.L., Ignacio v Daimler AG

(Cás C-312/21 (1) Tráficos Manuel Ferrer)

(Tarchur chun réamhrialú - Iomaíocht - Cúiteamh an damáiste a rinneadh trí chleachtas a thoirmisctear le hAirteagal 101(1) CFAE - Cinneadh ón gCoimisiún ina gcinntear gurb ann do shocruithe claonpháirteacha maidir le praghsanna a shocrú agus méadú ar ollphraghsanna ar thrucailí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) - Riail an nós imeachta shibhialta náisiúnta lena bhforáiltear, i gcás ina nglactar go páirteach leis an iarratas, go mbeidh na costais le híoc ag gach páirtí, ach amháin í gcás iompar mí-úsáideach - Neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát - Prionsabail na héifeachtachta agus na coibhéise - Treoir 2014/104/AE - Cuspóirí agus cothromaíocht fhoriomlán - Airteagal 3 - An ceart chun cúiteamh iomlán a fháil as an damáiste a fulaingíodh - Airteagal 11(1) - Dliteanas comhpháirteach agus leithleach de bharr sárú ar dhlí na hiomaíochta - Airteagal 17(1) - An fhéidearthacht go ndéanfadh cúirteanna náisiúnta an damáiste a mheas - Coinníollacha - É a bheith nach mór dodhéanta nó ró-dheacair an damáiste a chainníochtú - Airteagal 22 - Cur i bhfeidhm ó thaobh ama de)

(2023/C 127/05)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de lo Mercantil no 3 de Valencia

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Tráficos Manuel Ferrer S.L., Ignacio

Cosantóir: Daimler AG

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 101 CFAE agus Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leo ar riail nós imeachta shibhialta náisiúnta ar dá réir i gcás ina seasfar leis an iarratas go páirteach, go mbeidh na costais le híoc ag gach páirtí agus go n-íocfaidh gach ceann de na páirtithe leath de na costais choiteanna, ach amháin i gcás iompar mí-úsáideach.

2)

Maidir le hAirteagal 17(1) de Threoir 2014/104

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní bheidh an fíoras go ndearna an cosantóir, i gcaingean a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin, na sonraí ar a raibh sé ag brath d’fhonn cur i gcoinne thuarascáil shaineolaí an iarratasóra a chur ar fáil don iarratasóir ná go ndearna an t-iarratasóir a iarraidh chuig duine amháin de na sáraitheoirí, ann féin, ábhartha maidir leis an measúnú i dtaobh an bhfuil sé incheadaithe do na cúirteanna náisiúnta an damáiste a mheasúnú, agus é á thoimhdiú sa mheastachán sin, ar an gcéad dul síos, gur suíodh gurb ann don damáiste sin agus, ar an dara dul síos, go bhfuil sé nach mór dodhéanta nó ródheacair é a chainníochtú go beacht, is é sin go gcuirfear san áireamh na fachtóirí go léir as a n-eascraíonn cinneadh den sórt sin agus, go háirithe, nár éirigh le céimeanna amhail an iarraidh ar fhianaise a nochtadh, dá bhforáiltear in Airteagal 5 den Treoir sin.


(1)  IO C 382, 20.9.2021