22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/17


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 7 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Judicial da Comarca dos Açores – an Phortaingéil) – KU, OP, GC v SATA International – Azores Airlines SA

(Cás C-308/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Aeriompar - Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 - Cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí - Eitiltí a chur ar ceal nó moill fhada a chur orthu - Airteagal 5(3) - Díolúine ón oibleagáid chun cúiteamh a íoc - Imthosca eisceachtúla - Easnamh ginearálaithe maidir leis an gchóras lena soláthraítear breosla d’eitleáin ag an aerfort)

(2022/C 318/23)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Judicial da Comarca dos Açores

Páirtithe eile sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: KU, OP, GC

Cosantóir: SATA International – Azores Airlines SA

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004, lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eiltiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91, a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn go bhféadfaí, ós rud é go bhfuil aerfort tionscnamh na n-eitiltí nó na n-eitleán atá i gceist freagrach as bainistiú an chórais lena soláthraítear breosla do na heitleáin, easnamh ginearálaithe i soláthair breosla a mheas mar “imthosca eisceachtúil”, de réir bhrí na forála sin.


(1)  IO C 329, 16.08.2021.