23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/8


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Korkein hallinto-oikeus – an Fhionlann) – Imeachtaí arna dtionscnamh ag A

(Cás C-296/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Fáil agus Seilbh ar Airm Thine a rialú - Treoir 91/477/CEE - Cuid III d’Iarscríbhinn I - Caighdeáin agus teicnící díghníomhachtaithe - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 - Fíorúchán agus deimhniúchán a dhéanamh ar dhíghníomhachtú arm tine - Airteagal 3 - Eintiteas fíoraithe arna fhormheas ag údarás náisiúnta - Deimhniú díghníomhachtaithe a eisiúint - Eintiteas nach bhfuil san áireamh ar an liosta a d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach - Airm thine dhíghníomhachtaithe a aistriú laistigh den Aontas Eorpach - Airteagal 7 - Aitheantas frithpháirteach)

(2023/C 24/11)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Korkein hallinto-oikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A

Idiragraithe: Helsingin poliisilaitos, Poliisihallitus

An chuid oibríochtúil

1.

Maidir le Cuid III d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus seilbh ar airm a rialú, arna leasú le Treoir 2008/51/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008, agus Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 lena mbunaítear treoirlínte comhchoiteanna i ndáil le caighdeáin agus teicnící díghníomhachtaithe chun a áirithiú go mbeidh airm thine dhíghníomhachtaithe do-oibrithe ar bhealach do-athraithe,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leo ar dhuine dlítheanach faoi rialú an dlí phríobháidigh, amhail cuideachta tráchtála, teacht faoin gcoincheap “eintiteas fíoraithe”, dá dtagraítear i mír 1 den fhoráil dheireanach, i gcás ina n-áirítear an duine sin ar an liosta a d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach de bhun Airteagal 3(3) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

2.

Maidir le Cuid III d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/477, arna leasú le Treoir 2008/51, agus Airteagal 7(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme 2015/2403,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina n-eisíonn “eintiteas fíoraithe” deimhniú díghníomhachtaithe d'arm tine, ceanglaítear ar an mBallstát ina n-aistrítear an t-arm tine díghníomhachtaithe an deimhniú sin a aithint, mura mheasann údaráis inniúla an Bhallstáit sin, le linn scrúdú achomair ar an arm atá i gceist, nach gcomhlíonantar go follasach leis an deimhniú sin na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin.


(1)  IO C 289, 19.7.2021.