20.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/3 |
Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 – Universität Koblenz-Landau v an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA)
(Cás C-288/21 P) (1)
(Achomharc - Clásal eadrána - Cláir Tempus IV - Comhaontú deontais Ecesis, Diusas agus Deque - Earráidí sistéamacha nó aisfhillteacha - iarraidh ar aisíocaíocht iomlán na suimeanna a íocadh - Ceart éisteacht a fháil - Prionsabal na comhréireachta - Prionsabal an ionchais dhlisteanaigh - Iarraidh ar athoscailt an nós imeachta ó bhéal ag an gcéad chéim - Airteagal 113(2)(c) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta)
(2023/C 63/04)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Achomharcóir: Universität Koblenz-Landau (ionadaithe: R. Di Prato agus C. von der Lühe, Rechtsanwälte)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) (ionadaithe: H. Monet agus N. Sbrilli, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó R. van der Hout, advocaat, agus C. Wagner, Rechtsanwalt)
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don achomharc. |
2) |
Ordaítear do Universität Koblenz-Landau na costais a íoc. |