28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 451/3


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 6 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski gradski sad – an Bhulgáir) – nós imeachta coiriúil i gcoinne HV

(Cás C-266/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhbheartas iompair - Treoir 2006/126/CE - Airteagal 11(2) agus (4) - Fionraí an chirt mótarfheithicil a thiomáint - Ceadúnas tiomána arna eisiúint ag an mBallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu mar mhalairt ar cheadúnas tiomána arna eisiúint ag Ballstát eile - Diultú an chéad Bhallstáit cinneadh an ceart chun tiomáint a chur ar fionraí arna ghlacadh ag an dara Ballstát a chur i bhfeidhm - Oibleagáid ar an dara Ballstát gan aitheantas a thabhairt, i gcríocha dá chuid féin, do bhailíocht an cheadúnais tiomána atá curtha ar fionraí)

(2022/C 451/04)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski gradski sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

HV

Idiragraí: Sofiyska gradska prokuratura

An chuid oibríochtúil

Maidir le forálacha comhcheangailte Airteagal 11(2) agus an dara fomhír d’Airteagal 11(4) de Threoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ceadaítear don Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar shealbhóir ceadúnais tiomána arna eisiúint ag an mBallstát sin dul gan aitheantas a thabhairt do chinneadh agus dul gan é a chur i bhfeidhm ina chríoch, ar cinneadh é lena chuirtear ar fionraí ceart an sealbhóra sin mótarfheithicil a thiomáint arna ghlacadh ag Ballstát eile mar gheall ar chion tráchta bóthair a rinneadh i gcríoch an Bhallstáit sin, lena n-áirítear an cás inar eisíodh an ceadúnas tiomána sin mar mhalairt ar cheadúnas tiomána arna eisiúint cheana féin ag an mBallstát inar ndearnadh an cion tráchta bóthair.


(1)  IO C 263, 05.07.2021