|
20.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/17 |
Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Augstākā tiesa (Senāts) – an Liotuáin) – “Piltenes meži” SIA v Lauku atbalsta dienests
(Cás C-251/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) - Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 - Tacaíocht d’fhorbairt tuaithe trí CETFT - Airteagal 30 - Íocaíochtaí Natura 2000 - Raon feidhme - Iarratas ar thacaíocht do mhicrea-thearmann a chruthaítear i bhforaois nach cuid de líonra Natura 2000 í, agus é mar aidhm leis rannchuidiú le speiceas éan fiáin a chosaint - Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 - Blocdíolúine ar thacaíocht áirithe d’earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta - Cur i bhfeidhm tacaíochta arna cómhaoiniú ag acmhainní an Aontais Eorpaigh - Neamh-fheidhmiú maidir le gnóthais atá i gcruachás)
(2022/C 237/22)
Teanga an cháis: an Liotuáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Augstākā tiesa (Senāts)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir:“Piltenes meži” SIA
Cosantóir: Lauku atbalsta dienests
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Ní mór Airteagal 30 Rialachán (AE) uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle a léirmhíniú ar chaoi, ag féachaint go háirithe do mhír 6 den Airteagal sin, a chiallaíonn go bhfuil tacaíocht, a bhfuil iarratas déanta uirthi maidir le micrea-thearmann a chruthaítear i bhforaois ar mhaithe le baint amach chuspóirí Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú, ag teacht faoi raon feidhme an Airteagail 30 sin. |
|
2) |
Ní mór Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i gceantair thuaithe ag luí leis an margadh inmheánach agus Airteagail 107 agus 108 (CFAE) á gcur i bhfeidhm, a léirmhíniú ar chaoi nach féidir a dhearbhú go mbeadh sé ag luí leis an margadh inmheánach, faoin Rialachán sin, dá mbeadh tacaíocht faoi Rialachán Uimh. 1305/2013 maidir le micrea-thearmann arna chruthú i bhforaois chun cuspóirí Threoir 2009/147 a bhaint amach, á hiarraidh ag gnóthas atá i gcruachás de réir bhrí Airteagal 2(14) de Rialachán Uimh. 702/2014. |