23.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 207/6 |
Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 31 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) – IA v Bundesamt für Fremdenwesen und Asyl
(Cás C-231/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais - Córas Bhaile Átha Cliath - Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 - Airteagal 29(2) - An t-iarrthóir ar thearmann a aistriú chuig an mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta - Teorainn ama sé mhí le hiarratasóir a aistriú - Féidearthacht síneadh suas go bliain amháin ar a mhéid a chur leis an teorainn ama sin a shíneadh i gcás príosúnachta - Coincheap na “príosúnachta” - An t-iarrthóir ar thearmann a chur go héigeantach in aonad síciatrach ospidéil le húdarú breitheamh)
(2022/C 207/08)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: IA
Cosantóir: Bundesamt für Fremdenwesen und Asyl
An chuid oibríochtúil
Ní mór an dara habairt d’Airteagal 29(2) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil coincheap na “príosúnachta”, dá dtagraítear san fhoráil sin, infheidhme maidir le hiarrthóir ar thearmann a chur go héigeantach in aonad síciatrach ospidéil, arna údarú le cinneadh cúirte ar na forais gur bagairt an duine sin, mar gheall ar mheabhairghalar, dó féin nó don tsochaí.