1.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 294/10


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 9 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Kúria – an Ungáir) – FAWKES Kft. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-187/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 - Cód Custaim an Chomhphobail - Airteagal 30(2)(a) agus (b) - Luach custaim - Luach idirbhirt earraí comhchosúla a chinneadh - Bunachar sonraí arna bhunú agus arna bhainistiú ag an údarás custaim náisiúnta - Bunachair sonraí arna mbunú agus arna mbainistiú ag údaráis custaim Bhallstát eile agus ag seirbhísí an Aontais Eorpaigh - Earraí comhionanna nó earraí comhchosúla a onnmhairítear chuig an Aontas “ag an am céanna nó thart ar an am céanna”)

(2022/C 294/13)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Kúria

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: FAWKES Kft.

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 30(2)(a) agus (b) de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992, ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail, a léiriú amhail go bhféadfaidh údarás custaim Ballstáit, nuair a bheidh an luach custaim á chinneadh i gcomhréir leis an bhforáil sin, úsáid a bhaint as na sonraí atá sa bhunachar sonraí náisiúnta a choimeádann sé agus a riarann sé, gan é a bheith de dhualgas air, i gcás gur leor na sonraí sin chun na críche sin, rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh údaráis custaim Bhallstát eile nó institiúidí agus seirbhísí an Aontais Eorpaigh, gan dochar, nuair nach amhlaidh an cás, don fhéidearthacht atá ag an údarás custaim sin iarraidh a dhíriú chuig na húdaráis sin nó chuig na hinstitiúidí agus na seirbhísí sin chun sonraí breise a fháil chun críocha an chinnidh sin.

2)

Ní mór Airteagal 30(2)(a) agus (b) de Rialachán 2913/92 a léiriú amhail go bhféadfaidh údarás custaim Ballstáit, agus an luach custaim á chinneadh aige, luachanna idirbhirt a bhaineann le hoibríochtaí eile an iarratasóra ar imréiteach custaim a eisiamh, fiú mura mbeidh na luachanna sin á gconspóid ag an údarás custaim sin nó ag údaráis custaim Bhallstáit eile, ar choinníoll, ar an gcéad dul síos, maidir le luachanna idirbhirt a bhaineann le hallmhairí arna ndéanamh chuig an mBallstát sin, go ndéanfaidh an t-údarás custaim agóid ina gcoinne roimh ré de bhun Airteagal 78(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 2913/92 laistigh de na teorainneacha ama a fhorchuirtear le hAirteagal 221 den Rialachán sin agus i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 181a de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 3254/94 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 1994, agus, ar an dara dul síos, maidir le luachanna idirbhirt a bhaineann le hallmhairí chuig Ballstáit eile, tugann an t-údarás custaim sin cúiseanna leis an eisiamh sin i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán Uimh. 2913/92 faoi threoir fachtóirí a dhéanann difear dá n-inchreidteacht.

3)

Ní mór coincheap na n-earraí a onnmhairítear “ag an am céanna nó thart ar an am céanna” leis na hearraí atá le luacháil, dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(a) agus (b) de Rialachán 2913/92 a léiriú amhail go bhféadfaidh an t-údarás custaim, agus an luach custaim á chinneadh i gcomhréir leis an bhforáil sin, é féin a theorannú d’úsáid sonraí maidir le luachanna idirbhirt a bhaineann le tréimhse 90 lá, ina bhfuil 45 lá díobh sin roimh imréiteach custaim na n-earraí atá le luacháil agus 45 lá i ndiaidh an imréitigh custaim sin, ar choinníoll go bhféadfaidh oibríochtaí onnmhairiúcháin, chuig an Aontas Eorpach, ar earraí atá comhionann nó comhchosúil leis na hearraí a bheidh le luacháil le linn na tréimhse sin, luach custaim na n-earraí sin a chinneadh i gcomhréir leis an bhforáil sin.


(1)  IO C 228, 14.06.2021