9.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 7/5 |
Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 10 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado Mercantil No 7 de Barcelona – an Spáinn) – AD agus páirtithe eile v PACCAR Inc, DAF TRUCKS NV, DAF Trucks Deutschland GmbH
(Cás C-163/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Iomaíocht - Slánú an damáiste arna dhéanamh trí chleachtas a bhfuil cosc air faoi Airteagal 101(1) CFAE - Socruithe claonpháirteacha maidir le praghsanna a shocrú agus méadú ar ollphraghsanna ar thrucailí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) - Treoir 2014/104/AE - Rialacha lena rialaítear caingne le haghaidh damáistí sa dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh - Airteagal 22(2) - Infheidhmeacht ratione temporis - An chéad fhomhír d’Airteagal 5(1) - Coincheap na fianaise ábhartha i seilbh an chosantóra nó tríú páirtí - Airteagal 5(2) - Fianaise áirithe nó catagóirí ábhartha fianaise a sholáthar ar bhonn sonraí fíorasacha a bhfuil fáil orthu go réasúnta - Airteagal 5(3) - Scrúdú ar chomhréireacht na hiarrata ar fhianaise a sholáthar - Leasanna dlisteanacha na bpáirtithe agus tríú páirtithe a chothromú - Raon feidhme na n-oibleagáidí a leanann ó na forálacha sin)
(2023/C 7/06)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Juzgado Mercantil no 7 de Barcelona
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: AD agus páirtithe eile
Cosantóirí: PACCAR Inc, DAF TRUCKS NV, DAF Trucks Deutschland GmbH
An chuid oibríochtúil
Maidir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
baineann an tagairt a dhéantar inti d’fhianaise ábhartha i seilbh an chosantóra nó tríú páirtí freisin le fianaise ar chóir don pháirtí leis a sheoltar an iarraidh ar sholáthar fianaise a chruthú ex novo, tríd an bhfaisnéis, an t-eolas nó na sonraí atá ina sheilbh a thiomsú nó a rangú, faoi réir dhianchomhlíonadh Airteagal 5(2) agus (3) den Treoir sin, lena gcuirtear oibleagáid ar na cúirteanna náisiúnta a bhfuil cás faoina mbráid soláthar fianaise a theorannú don mhéid atá ábhartha, comhréireach agus a bhfuil gá leis, agus leasanna dlisteanacha agus cearta bunúsacha an pháirtí sin á gcur san áireamh.