|
4.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 148/6 |
Breithiúnas na Cúirte (an Chúirt iomlán) an 16 Feabhra 2022 – An Ungáir v Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh
(Cás C-156/21) (1)
(Caingean le haghaidh neamhniú - Rialacháin (AE, Euratom) 2020/2092 - Córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais Eorpaigh a chosaint - Cosaint bhuiséad an Aontais i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát - Bunús dlí - Airteagal 322(1)(a) CFAE - Imchéimniú líomhnaithe ar Airteagal 7 CAE agus ar Airteagal 269 CFAE - Sáruithe líomhnaithe ar Airteagail 4(1), 5(2) agus 13(2) CAE agus ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla, na comhréireachta agus chomhionannas na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí)
(2022/C 148/10)
Teanga an cháis: an Ungáiris
Páirtithe
Iarratasóir: An Ungáir (ionadaithe: Z. Fehér agus M. M Tátrai, i gcáil gníomhairí)
Idiragraí ag tacú leis an iarratasóir: Poblacht na Polainne (ionadaithe: M. B. Majczyna agus S. Żyrek, i gcáil gníomhairí)
Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: F. Drexler, R. Crowe, U. Rösslein, T. Lukácsi agus A. Pospíšilová Padowska, i gcáil gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. de Gregorio Merino, E. Rebasti, A. Tamás agus A. Sikora-Kalėda, i gcáil gníomhairí)
Idiragraithe chun tacú leis na cosantóirí: Ríocht na Beilge (ionadaithe: C. Pochet, M. Jacobs agus L. Van den Broeck, i gcáil gníomhairí), Ríocht na Danmhairge (ionadaithe: M. Søndahl Wolff agus M. J. Nymann-Lindegren ar dtús, agus ag M. Søndahl Wolff agus V. Pasternak Jørgensen ina dhiaidh sin, i gcáil gníomhairí), Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller agus R. Kanitz, i gcáil gníomhairí), Éire (ionadaithe: M. Browne, J. Quaney agus A. Joyce, i gcáil gníomhairí, le cúnamh ó D. Fennelly, abhcóide), Ríocht na Spáinne (ionadaithe: J. Rodríguez de la Rúa Puig agus S. Centeno Huerta ar dtús, agus ag J. Rodríguez de la Rúa Puig agus A. Gavela Llopis ina dhiaidh sin, i gcáil gníomhairí), Poblacht na Fraince (ionadaithe: A.-L. Desjonquères, A.-C. Drouant agus E. Leclerc, i gcáil gníomhairí), Ard-Diúcacht Lucsamburg (ionadaithe: A. Germeaux agus T. Uri ar dtús, agus ag A. Germeaux ina dhiaidh sin, i gcáil gníomhairí), Ríocht na hIsiltíre (ionadaithe: M. K. Bulterman agus J. Langer, i gcáil gníomhairí), Poblacht na Fionlainne (ionadaithe: H. Leppo agus S. Hartikainen, i gcáil gníomhairí), Ríocht na Sualainne (ionadaithe: O. Simonsson, J. Lundberg, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, H. Shev, M. Salborn Hodgson, H. Eklinder agus R. Shahsavan Eriksson, i gcáil gníomhairí), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Calleja Crespo, J.-P. Keppenne, J. Baquero Cruz agus A. Tokár, i gcáil gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Déantar an t-achomharc a dhíbhe. |
|
2. |
Ordaítear don Ungáir, chomh maith lena costais féin, na costais arna dtabhú ag Parlaimint na hEorpa agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh a iompar. |
|
3. |
Is ar Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Éire, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Polainne, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus an Coimisiún Eorpach a gcostais féin a iompar. |