|
27.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 71/7 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 12 Eanáir 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) – RW v Österreichische Post AG
(Cás C-154/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta - Rialachán (AE) 2016/679 - Airteagal 15(1)(c) - Ceart rochtana don ábhar sonraí ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi - Faisnéis maidir leis na faighteoirí nó catagóirí na bhfaighteoirí ar nochtadh nó a nochtfar sonraí pearsanta dóibh)
(2023/C 71/07)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberster Gerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: RW
Cosantóir: Österreichische Post AG
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 15(1)(c) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
tugtar le tuiscint le ceart rochtana don ábhar sonraí ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi, dá bhforáiltear leis an bhforáil sin, nuair a nochtadh nó nuair a nochtfar na sonraí sin d’fhaighteoirí, go bhfuil oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí céannacht na bhfaighteoirí sin a chur ar fáil don duine sin, mura bhfuil sé dodhéanta na faighteoirí sin a shainaithint nó má léiríonn an rialaitheoir sin go bhfuil iarrataí an ábhair sonraí ar rochtain gan bhunús nó iomarcach, de réir bhrí Airteagal 12(5) de Rialachán 2016/679, agus i gcás mar sin ní fhéadfaidh sé ach catagóirí na bhfaighteoirí atá i gceist a chur in iúl don duine sin.