|
20.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/14 |
Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Augstākā tiesa (Senāts) – an Laitvia) – SIA “PRODEX” v Valsts ieņēmumu dienests
(Cás C-72/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Aontas Custaim - Comhtharaif chustaim - Ainmníocht Chomhcheangailte - Ceannteidil taraife - Fo-cheannteideal 4418 20 - Raon feidhme - Doirse agus a bhfrámaí agus tairseacha - Cláir SMD agus múnluithe - An chéad chuid de riail ghinearálta 2(a) maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte - Earra neamhiomlán nó neamhchríochnaithe - Coincheap)
(2022/C 237/18)
Teanga an cháis: an Laitvis
An chúirt a rinne an tarchur
Augstākā tiesa (Senāts)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: SIA “PRODEX”
Cosantóir: Valsts ieņēmumu dienests
An chuid oibríochtúil
Ní mór an fo-cheannteideal 4418 20 den Ainmníocht Chomhcheangailte, arna léamh i gcomhar leis an gcéad chuid den riail ghinearálta 2(a) maidir le léirmhíniú na hAinmníochta sin, a leagtar amach in Iarscríbhinn I de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim, sa leagan a eascraíonn as Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1001/2013 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2013, a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn go gcumhdaítear leis, mar earraí ar leith, na hearraí a thuairiscítear mar chláir agus múnluithe adhmaid, lena léirítear go hoibiachtúil leis an bpróifíl agus an bailchríoch maisiúil díobh go bhfuil siad deartha lena n-úsáid chun frámaí agus tairseacha de chuid doirse a mhonarú, fiú má tá siad neamhiomlán nó neamhchríochnaithe, ar choinníoll go ndeachaigh na hearraí sin trí phróisis lenar fágadh gur féidir iad a úsáid chun na críocha sin amháin agus go bhfuil buntréithe na n-earraí críochnaithe acu dá bhrí sin.