23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/4 |
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Den Haag, an Ísiltír) – X v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid
(Cás C-69/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Limistéar saoirse, slándála agus ceartais - Airteagail 4, 7 agus 19 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach - Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh - Cosaint i gcás aistriú, díbeartha nó eiseachadadh - Ceart cónaithe ar fhorais leighis - Caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh - Treoir 2008/115/CE - Náisiúnach tríú tír atá buailte le tinneas tromchúiseach - Cóir leighis chun an phian a mhaolú - Cóireáil nach bhfuil ar fáil sa tír thionscnaimh - Coinníollacha faoina bhfuil an t-aistriú le cur siar)
(2023/C 24/05)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Rechtbank Den Haag
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: X
Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le hAirteagal 5 de Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1 agus 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 19(2) di, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: cuirtear cosc leis ar chinneadh um fhilleadh nó ar ordú aistrithe a dhéanamh maidir le náisiúnach tríú tír, atá ag fanacht go neamhdhleathach i gcríoch Bhallstáit agus atá buailte le tinneas tromchúiseach, i gcás ina bhfuil cúiseanna dáiríre agus cruthaithe ann le creidiúint go bhfágfaí an duine lena mbaineann, sa tríú tír a n-aistrítear é chuici, i bhfíor-bhaol go dtiocfadh méadú suntasach, doleigheasta agus tapa ar a phian, i gcás filleadh, mar gheall ar an toirmeasc, sa tír sin, ar an aon chóireáil anailgéiseach éifeachtach amháin atá ann. Ní fhéadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh maidir le tréimhse ama dhocht nach mór a leithéid de mhéadú a tharlú lena linn ionas go bhféadfadh sé toirmeasc a chur ar an gcinneadh um fhilleadh sin nó ar an ordú aistrithe sin. |
2) |
Maidir le hAirteagal 5 agus Airteagal 9(1)(a) de Treoir 2008/115, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1 agus 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus 19(2) di, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: cuirtear cosc leo ar iarmhairtí an ordaithe aistrithe féin, ar shláinte náisiúnaigh tríú tír, gan bheith á gcur san áireamh ag an údarás náisiúnta inniúil ach amháin chun scrúdú a dhéanamh an bhfuil an náisiúnach tríú tír sin in ann taisteal. |
3) |
Maidir le Treoir 2008/115, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7, 1 agus 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
|