19.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 216/4


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 4 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel Timişoara – an Rómáin) – T.A.C. v Agenția Națională de Integritate (ANI)

(Cás C-40/21, (1) Agenția Națională de Integritate)

(Tarchur chun réamhrialú - Cinneadh 2006/928/CE - Sásra um chomhar agus um fhíorú an dul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe - An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 15(1) - Airteagal 47 - Airteagal 49(3) - Oifig phoiblí thofa - Coinbhleacht leasanna - Reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear oifig phoiblí thofa a shealbhú ar feadh tréimhse réamhchinntithe - Pionós sa bhreis ar fhoirceannadh an téarma oifige - Prionsabal na comhréireachta)

(2023/C 216/04)

Teanga an cháis: an Rómainis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Timişoara

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: T.A.C.

Cosantóir: Agenția Națională de Integritate (ANI)

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór Airteagal 49(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi nach bhfuil feidhm aige maidir le reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, tar éis nós imeachta riaracháin, do bheart lena dtoirmisctear aon oifig phoiblí thofa a shealbhú ar feadh tréimhse réamhchinntithe trí bliana i gcoinne duine ar cinneadh coinbhleacht leasa a bheith aige nó aici maidir le hoifig den sórt sin a shealbhú, i gcás nach beart coiriúil é an beart sin.

2.

Ní mór prionsabal na comhréireachta a léiriú sa chaoi nach gcoisctear reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do bheart lena dtoirmisctear aon oifig phoiblí thofa a shealbhú ar feadh tréimhse réamhchinntithe trí bliana i gcoinne duine ar cinneadh coinbhleacht leasa a bheith aige nó aici maidir le hoifig den sórt sin a shealbhú ar choinníoll, i bhfianaise na n-imthosca ábhartha go léir, gurb é an toradh a bheidh ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta sin pionós a fhorchur a bheidh i gcomhréir le tromchúis an tsáraithe a ngearrann sí pionós air, ag féachaint don chuspóir sláine agus trédhearcacht a áirithiú i bhfeidhmiú agus i sealbhú feidhmeanna agus oifigí poiblí agus éilliú institiúideach a chosc. Ní bheadh sin amhlaidh i gcás, ar bhonn eisceachtúil, nach bhfuil gné tromchúise ag baint leis an iompar neamhdhleathach a fuarthas a bheith ann, ag féachaint don chuspóir sin, agus go bhfuil tionchar an bhirt sin ar staid phearsanta, ghairmiúil agus eacnamaíoch an duine sin an-tromchúiseach.

3.

Ní mór Airteagal 15(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha a léiriú sa chaoi nach gcumhdaítear leis an bhforáil sin an ceart chun sainordú toghchánach a fheidhmiú a fhaightear tar éis próiseas daonlathach toghcháin, amhail próiseas an mhéara.

4.

Ní mór Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha a léiriú sa chaoi nach gcoisctear reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do bheart lena dtoirmisctear aon oifig phoiblí thofa a shealbhú ar feadh tréimhse réamhchinntithe trí bliana i gcoinne duine ar cinneadh coinbhleacht leasa a bheith aige nó aici maidir le hoifig den sórt sin a shealbhú, ar choinníoll go raibh deis éifeachtach ag an duine lena mbaineann agóid a dhéanamh i gcoinne dhlíthiúlacht na tuarascála lena ndéantar an cinneadh sin agus an phionóis a forchuireadh ar a bhonn, lena n-áirítear a chomhréireacht


(1)  IO C 289, 19.7.2021.