31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 418/6


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón gCúirt Uachtarach — Éire) – SRS, AA v an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais

(Cás C-22/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2004/38/CE - Ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát - Airteagal 3(2), an chéad fhomhír, pointe (a) - Coincheap maidir le ball teaghlaigh eile atá mar bhall de theaghlach shaoránach an Aontais arb é príomhthairbhí an chirt cónaithe é’ - Critéir mheasúnaithe)

(2022/C 418/08)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

An Chúirt Uachtarach

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: SRS, AA

Cosantóir: An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais

An chuid oibríochtúil

Ní mór pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 73/148/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/365/CEE, 90/364/CEE agus 93/96/CEE,

a léiriú sa chiall:

go bhfreagraíonn an coincheap maidir le “ball teaghlaigh eile atá mar bhall de theaghlach shaoránach an Aontais arb é príomhthairbhí an chirt cónaithe é” dá dtagraítear san fhoráil sin, do dhaoine a bhfuil caidreamh cleithiúnais acu leis an saoránach sin, bunaithe ar dhlúthnaisc phearsanta chobhsaí, cruthaithe laistigh den teaghlach céanna, i gcomhthéacs saol teaghlaigh comhroinnte a bhfuil níos mó i gceist leis ná comhchónaí sealadach amháin, a dhéantar ar mhaithe le cúiseanna áise amháin.


(1)  IO C 138, 19.04.2021