BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Tríú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe)
22 Samhain 2023 ( *1 )
(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) – Réiteach Banco Popular Español – Cinneadh BRA lena ndiúltaítear damáistí a bhronnadh ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe a mbaineann na bearta réitigh leo – Luacháil na difríochta cóireála – Neamhspleáchas an luachálaí)
I gCás T‑304/20,
Laura Molina Fernández, atá lonnaithe i Maidrid (an Spáinn), ionadaithe: S. Rodríguez Bajón, A. Gómez-Acebo Dennes agus A. Ruiz Ojeda, Dlíodóirí,
iarratasóir,
i gcoinne
Bord Réitigh Aonair (BRA), ionadaithe: M. Fernández Rupérez, A. Lapresta Bienz, MM. L. Forestier agus J. Rius Riu, i gcáil Gníomhairí, le tacaíocht ó H.-G. Kamann, F. Louis, V. Del Pozo Espinosa de los Monteros agus L. Hesse, Dlíodóirí,
cosantóir,
le tacaíocht ó
Ríocht na Spáinne, ionadaithe: A. Gavela Llopis, i gcáil Gníomhaire,
idiragraí,
AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Triú Dlísheomra Méadaithe),
agus í comhdhéanta, tráth na bpléite, mar seo a leanas: M. van der Woude, Uachtarán, G. De Baere (Rapóirtéir), G. Steinfatt, K. Kecsmár agus S. Kingston, Breithiúna,
Cláraitheoir: P. Nuñez Ruiz, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis éisteacht an 8 Meán Fómhair 2022,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t‑iarratasóir, Laura Molina Fernández, go gcuirfí ar neamhní cinneadh SRB/EES/2020/52 ón mBord Réitigh Aonair (BRA), an 17 Márta 2020, lena bhféachtar cinneadh a dhéanamh ar cheart aiseag a thabhairt do na scairshealbhóirí agus do na creidiúnaithe lena mbaineann na bearta réitigh arna nglacadh i ndáil le Banco Popular Español, SA (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’). |
Cúlra na díospóide
|
2 |
Bhí an t‑iarratasóir ina scairshealbhóir in Banco Popular Español (‘Banco Popular’) sular glacadh réiteach ina leith sin. |
|
3 |
An 7 Meitheamh 2017, ghlac seisiún feidhmiúcháin BRA Cinneadh SRB/EES/2017/08 maidir le scéim réitigh a ghlacadh i ndáil le Banco Popular (‘an scéim réitigh’), de bhun Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1). |
|
4 |
Sular glacadh an scéim réitigh, an 23 Bealtaine 2017, tar éis nós imeachta tairisceana, d’fhostaigh BRA gnólacht Deloitte Réviseurs d’Entreprises mar mheasúnóir (‘an gnólacht measúnachta’) i gcomhthéacs réiteach a ullmhú a d’fhéadfadh a bheith glactha i ndáil le Banco Popular. Bronnadh conradh sonrach ar an ngnólacht measúnachta tar éis cuireadh chun tairsceana faoi chreatchonradh iolrach le haghaidh seirbhísí arna shíniú ag BRA le sé ghnólacht, lena n‑áirítear an gnólacht measúnachta. I gcomhréir leis an gconradh sonrach, is éard a bhí i gceist le cúram an ghnólachta measúnachta ná luacháil a dhéanamh ar Banco Popular roimh réiteach a d’fhéadfadh a bheith glactha agus luacháil a dhéanamh ar an difríocht chóireála dá bhforáiltear in Airteagal 20(16) go (18) de Rialachán Uimh. 806/2014, tar éis réiteach a d’fhéadfadh a bheith glactha. |
|
5 |
An 5 Meitheamh 2017, ghlac BRA an chéad luacháil, faoi Airteagal 20(5)(a) de Rialachán Uimh. 806/2014, arbh é an cuspóir a bhí leis fianaise a chur ar fáil chun a chinneadh ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le réiteach, mar a shainmhínítear in Airteagal 18(1) de Rialachán Uimh. 806/2014 iad. |
|
6 |
An 6 Meitheamh 2017, chuir an gnólacht measúnachta an dara luacháil (‘Luacháil 2’) faoi bhráid BRA, arna tharraingt suas de bhun Airteagal 20(10) de Rialachán Uimh. 806/2014. Bhí sé mar chuspóir le Luacháil 2 luach shócmhainní agus dhliteanais Banco Popular a mheas, meastachán a thabhairt ar an gcaoi a gcaithfí le scairshealbhóirí agus le creidiúnaithe dá mbeadh Banco Popular faoi réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, agus fianaise a chur ar fáil chun cabhrú leis an gcinneadh faoi na scaireanna agus na hionstraimí úinéireachta le haistriú agus chun cabhrú le BRA téarmaí tráchtála a chinneadh chun críche na huirlise díolacháin gnó. |
|
7 |
Sa scéim réitigh, chinn BRA, agus é ag ceapadh gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1) de Rialachán Uimh. 806/2014, Banco Popular a chur faoi réiteach. Chinn BRA ionstraimí caipitil Banco Popular a dhíluacháil agus a chomhshó de bhun Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 806/2014 agus an uirlis díolacháin gnó a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 24 de Rialachán Uimh. 806/2014 trí na scaireanna a aistriú chuig ceannaitheoir. |
|
8 |
Chinn BRA 100 % de scaireanna Banco Popular a chur ar ceal, príomhshuim iomlán na n‑ionstraimí breise Leibhéal 1 arna n‑eisiúint ag Banco Popular a chomhshó agus a dhíluacháil agus príomhshuim iomlán na n‑ionstraimí breise Leibhéal 2 arna n‑eisiúint ag Banco Popular a chomhshó ina ‘Scaireanna Nua II’. Tar éis próiseas díola trédhearcach oscailte arna reáchtáil ag údarás réitigh na Spáinne, Fondo de Reestructuración Ordenada Bancaria (FROB, Ciste le haghaidh Athstruchtúrú Ordúil Bainc, an Spáinn) aistríodh na ‘Scaireanna Nua II’ chuig Banco Santander SA, i gcomaoin praghas ceannaigh EUR 1. Ina dhiaidh sin, tháinig Banco Santander i gcomharbas uilíoch ar Banco Popular an 28 Meán Fómhair 2018, i gcomhthéacs cumasc trí éadáil. |
|
9 |
An 7 Meitheamh 2017, ghlac an Coimisiún Cinneadh (AE) 2017/1246, lenar formhuiníodh an scéim réitigh do Banco Popular Español SA (IO 2017 L 178, lch. 15). |
|
10 |
An 14 Meitheamh 2018, chuir an gnólacht measúnachta luacháil na difríochta cóireála dá bhforáiltear in Airteagal 20(16) go (18) de Rialachán Uimh. 806/2014 chuig BRA chun a chinneadh an gcuirfí cóireáil níos fearr ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe dá mba rud é go raibh an institiúid atá faoi réiteach curtha faoi réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta (‘Luacháil 3’). An 31 Iúil 2018, sheol an gnólacht measúnachta aguisín leis an luacháil sin chuig BRA chun earráidí foirmiúla áirithe a cheartú. |
|
11 |
Thug an gnólacht luachála, i Luacháil 3, meastachán maidir le cén chaoi a gcaithfí leis na scairshealbhóirí agus leis na creidiúnaithe lena mbaineann dá mbeadh Banco Popular faoi réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta tráth ar glacadh an scéim réitigh. Rinne sé an measúnú sin i gcomhthéacs foirceannadh féideartha trí Ley 22/2003, Concursal, (Dlí 22/2003 maidir leis an bhféimheacht) an 9 Iúil 2003 (BOE Uimh. 164 an 10 Iúil 2003, lch. 26905) a chur i bhfeidhm. |
|
12 |
Shonraigh an gnólacht measúnachta gur ullmhaíodh cás hipitéiseach an fhoirceanta ar bhonn fhaisnéis airgeadais neamhiniúctha an 6 Meitheamh 2017 nó, i gcás nach raibh an fhaisnéis sin ar fáil, ar bhonn fhaisnéis airgeadais an 31 Bealtaine 2017. Mheas sí go mbeadh foirceannadh neamhphleanáilte mar thoradh ar ghnáthimeachtaí dócmhainneachta le haghaidh Banco Popular an 7 Meitheamh 2017. D’fhonn luachanna inréadaithe na sócmhainní a mheas, chuir an gnólacht measúnachta trí chás mhalartacha ama maidir le foirceannadh san áireamh, ar 18 mí, ar 3 bliana, agus ar 7 mbliana, agus cás ab fhearr agus cás ba mheasa ag gabháil le gach ceann acu. Bhain sé de thátal as, i ngach ceann de na cásanna sin, maidir leis na scairshealbhóirí agus leis na creidiúnaithe tánaisteacha a ndearnadh difear dóibh, nach mbeifí ag súil le haon téarnamh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta agus, dá bhrí sin, nach raibh aon difríocht cóireála ann ina leith mar thoradh ar an mbearta réitigh. |
|
13 |
An 6 Lúnasa 2018, d’fhoilsigh BRA, ar a shuíomh gréasáin, a thuairim dar dáta an 2 Lúnasa 2018 maidir lena réamhchinneadh faoin ngá atá ann aiseag a thabhairt nó gan é a thabhairt do scairshealbhóirí a bhí faoi réir bearta réitigh a bhain le Banco Popular agus le seoladh nós imeachta an chirt chun éisteacht a fháil (SRB/EES/2018/132) (‘an réamhchinneadh’), agus leagan neamhrúnda de Luacháil 3. An 7 Lúnasa 2018, foilsíodh fógra maidir le tuairim BRA in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO 2018 C 277 I, lch. 1). |
|
14 |
Sa réamhchinneadh, mheas BRA gur léir ó Luacháil 3 nach raibh aon difríocht idir an chaoi a gcaitheadh go hiarbhír le scairshealbhóirí agus le creidiúnaithe a ndearnadh difear dóibh mar thoradh ar réiteach Banco Popular agus an chaoi a gcaithfí leo dá mbeadh Banco Popular faoi réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta ar dháta an réitigh. Chinn BRA, ar réamhbhonn, nach raibh sé de cheangal air cúiteamh a íoc le scairshealbhóirí agus le creidiúnaithe dá ndearnadh difear de bhun Airteagal 76(1)(e) de Rialachán Uimh. 806/2014. |
|
15 |
D’fhonn cinneadh críochnaitheach a ghlacadh maidir le cé acu an gá nó nach gá cúiteamh a dheonú do na scairshealbhóirí agus do na creidiúnaithe dá ndearnadh difear, d’iarr BRA orthu a chur in iúl gur spéis leo a gceart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú i ndáil leis an réamhchinneadh i gcomhréir le hAirteagal 41(2)(a) den Chairt um chearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh ‘an Chairt’). |
|
16 |
Shonraigh BRA go mbeadh an nós imeachta maidir leis an gceart chun éisteacht a fháil á reáchtáil in dhá chéim. |
|
17 |
Sa chéad chéim, eadhon céim an chlárúcháin tugadh cuireadh do na scairshealbhóirí agus do na creidiúnaithe a ndearnadh difear dóibh a chur in iúl gur spéis leo a gceart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú trí bhíthin foirm chlárúcháin thiomnaithe ar líne a bhí ar oscailt go dtí an 14 Meán Fómhair 2018. Ina dhiaidh sin, bhí ar BRA a fháil amach an raibh gach páirtí a léirigh a spéis cáilithe mar scairshealbhóir nó creidiúnaí a ndearnadh difear dó. B’éigean do scairshealbhóirí agus do chreidiúnaithe dá ndearnadh difear cruthúnas ar a gcéannacht a sholáthar chomh maith le cruthúnas go raibh, an 6 Meitheamh 2017, ionstraim chaipitil amháin nó níos mó de Banco Popular acu a díluacháladh nó a comhshódh agus a aistríodh i gcomhthéacs an réitigh. |
|
18 |
Sa dara céim, eadhon céim an chomhairliúcháin, bhí na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe a ndearnadh difear dóibh agus a chuir in iúl gur spéis leo a gceart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú le linn na chéad chéime agus a raibh a stádas fíoraithe ag BRA in ann a mbarúlacha a chur isteach maidir leis an réamhchinneadh lena raibh Luacháil 3 i gceangal. |
|
19 |
An 16 Deireadh Fómhair 2018, d’fhógair BRA go dtabharfaí cuireadh do scairshealbhóirí agus creidiúnaithe incháilithe lena gcuid barúlacha i scríbhinn a chur isteach maidir leis an réamhchinneadh ón 6 Samhain 2018. An 6 Samhain 2018, sheol BRA nasc pearsanta aonair chuig na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe incháilithe lenar tugadh rochtain ar an idirlíon chuig foirm lenarbh féidir leo barúlacha a chur isteach maidir leis an réamhchinneadh agus maidir leis an leagan neamhrúnda de Luacháil 3 go dtí an 26 Samhain 2018. |
|
20 |
Ag deireadh chéim an chomhairliúcháin, scrúdaigh BRA barúlacha ábhartha na scairshealbhóirí agus na gcreidiúnaithe a ndearnadh difear dóibh a bhain leis an réamhchinneadh. D’iarr sé ar an ngnólacht measúnachta doiciméad a chur ar fáil dó ina mbeadh a mheasúnú ar na barúlacha ábhartha faoi Luacháil 3 agus scrúdú a dhéanamh lena bhfáil amach cé acu an raibh nó nach raibh Luacháil 3 fós bailí i bhfianaise na mbarúlacha sin. |
|
21 |
An 18 Nollaig 2019, chuir an gnólacht measúnachta a mheasúnú ar fáil do BRA dar teideal ‘Doiciméad soiléirithe maidir le luacháil na difríochta cóireála’ (‘an doiciméad soiléirithe’). Sa doiciméad soiléirithe, dheimhnigh an gnólacht measúnachta go raibh an straitéis agus na cásanna hipitéiseacha foirceanta a shonraítear i Luacháil 3, chomh maith leis na modheolaíochtaí a leanadh agus na hanailisí a rinneadh, bailí fós. |
|
22 |
An 17 Márta 2020, ghlac BRA an cinneadh atá faoi chonspóid. Foilsíodh communiqué maidir leis an gcinneadh sin an 20 Márta 2020 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO 2020 C 91, lch. 2). |
|
23 |
Sa chinneadh atá faoi chonspóid, mheas BRA go raibh an luachálaí neamhspleách i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear le hAirteagal 20(1) de Rialachán Uimh. 806/2014 agus le Caibidil IV de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1075 ón gCoimisiún an 23 Márta 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar na bpleananna téarnaimh, na bpleananna réitigh agus na ngrúp-phleananna réitigh, na híoschritéir ar a ndéanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú maidir leis na pleananna téarnaimh agus na grúp-phleananna téarnaimh, na coinníollacha maidir le grúpthacaíocht airgeadais, na ceanglais do luachálaithe neamhspleácha, aitheantas conarthach cumhachtaí díluachála agus athraithe, nósanna imeachta agus ábhar na gceanglas um fhógra maidir le fionraí agus feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí réitigh (IO 2016 L 184, lch. 1). |
|
24 |
Faoi theideal 5 den chinneadh atá faoi chonspóid, ‘Luacháil 3’, rinne BRA achoimre ar ábhar Luacháil 3 agus mheas sé gur chomhlíon sé an creat dlí ab infheidhme agus go raibh sé sách réasúnaithe agus iomlán mar bhunús le cinneadh arna ghlacadh faoi Airteagal 76(1)(e) de Rialachán Uimh. 806/2014. Mheas sé, le Luacháil 3, go ndearnadh measúnú ar na gnéithe riachtanacha go léir dá bhforáiltear le hAirteagal 20(17) de Rialachán Uimh. 806/2014 agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/344 ón gCoimisiún, an 14 Samhain 2017, lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear critéir maidir le modhanna measúnachta ar dhifríocht chóireála i gcomhthéacs nós imeachta réitigh (IO 2018 L 67, lch. 3). |
|
25 |
Faoi theideal 6 den chinneadh atá faoi chonspóid, chuir BRA na ‘barúlacha a fuarthas ó na scairshealbhóirí agus ó na creidiúnaithe a ndearnadh difear dóibh’ i láthair, ‘chomh maith lena measúnú’. Faoi theideal 6.1 den chinneadh atá faoi chonspóid, ‘Measúnú Ábharthachta’, mhínigh BRA nach raibh roinnt de na barúlacha sin, nár bhain lena réamhchinneadh ná le Luacháil 3, ábhartha toisc nár tháinig siad faoi raon feidhme an nós imeachta chun éisteacht a fháil. Faoi theideal 6.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, rinne sé ‘na barúlacha ábhartha a scrúdú’ arna gcur isteach ag na scairshealbhóirí agus ag na creidiúnaithe a ndearnadh difear dóibh, ar bharúlacha a bhain le neamhspleáchas an ghnólachta measúnachta agus le hinneachar Luacháil 3, agus iad grúpáilte de réir téama. |
|
26 |
Chinn BRA gur léir ó Luacháil 3, arna léamh in éineacht leis an doiciméad soiléirithe agus leis na conclúidí a leagtar amach faoi theideal 6.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, nárbh ann d’aon difríocht idir an chaoi a gcaitheadh go hiarbhír leis na scairshealbhóirí agus leis na creidiúnaithe a ndearnadh difear dóibh agus an chaoi gcaithfí leo dá mbeadh Banco Popular faoi réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta ar dháta an réitigh. |
|
27 |
Dá bhrí sin, chinn BRA: ‘Airteagal 1 An Luacháil Chun a chinneadh ar cheart aiseag a dheonú do scairshealbhóirí agus do chreidiúnaithe a ndearnadh difear dóibh leis na bearta réitigh a rinneadh i ndáil le Banco Popular, … suífear luacháil na difríochta cóireála i gcomhthéacs an réitigh, dá bhforáiltear in Airteagal 20(16) de Rialachán Uimh. 806/2014, i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gcinneadh seo, i gcomhar leis an doiciméad soiléirithe... atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gcinneadh seo. Airteagal 2 Aiseag Ní bheidh na scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a ndearnadh difear dóibh leis na bearta réitigh arna nglacadh i ndáil le Banco Popular (…) i dteideal cúiteamh ón gCiste Réitigh Aonair i gcomhréir le hAirteagal 76(1)(e) de Rialachán Uimh. 806/2014. Airteagal 3 Seolaí an Chinnidh Tá an cinneadh seo dírithe chuig FROB, i gcáil Údarás Réitigh Náisiúnta, de réir bhrí mhír 3 d’Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 806/2014.’ |
An t‑ordú atá á lorg
|
28 |
Iarrann an t‑iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
|
29 |
Iarrann BRA, le tacaíocht ó Ríocht na Spáinne, ar an gCúirt Ghinearálta:
|
An dlí
|
30 |
Mar thaca lena caingean, maíonn an t‑iarratasóir trí phléadáil dlí. Leis an gcéad phléadáil, líomhnaíonn an t‑iarratasóir nach luachálaí neamhspleách a rinne Luacháil 3, de shárú ar Airteagal 20 de Rialachán Uimh. 806/2014 agus ar Chaibidil IV de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. Leis an dara pléadáil, líomhnaíonn an t‑iarratasóir gurb ann d’earráidí i Luacháil 3. Leis an triú pléadáil, áitíonn an t‑iarratasóir go bhfuil Luacháil 3 bunaithe ar bhonn mícheart maidir le staid Banco Popular tráth a glacadh an réiteach. |
|
31 |
Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil teorainn faoin gcásdlí le raon feidhme an athbhreithnithe a dhéanann an Chúirt Ghinearálta i gcásanna ina bhfuil an beart atá á chonspóid bunaithe ar mheasúnú ar fhíorais eolaíocha agus theicniúla atá an‑chasta agus i gcás measúnuithe eacnamaíocha casta. |
|
32 |
Ar an gcéad dul síos, maidir le cásanna ina bhfuil lánrogha leathan ag údaráis an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir le measúnú ar fhíorais eolaíocha agus theicniúla an‑chasta d’fhonn cineál agus raon feidhme na mbeart a ghlacann siad a chinneadh, ní mór go mbeadh athbhreithniú Chúirteanna an Aontais Eorpaigh teoranta do scrúdú lena bhfáil amach an bhfuil feidhmiú lánrogha den sórt sin curtha ó bhail trí earráid fhollasach nó trí mhí-úsáid cumhachtaí nó an follasach gur sháraigh na húdaráis sin teorainneacha a lánrogha féin. I gcomhthéacs mar sin, ní féidir le Cúirteanna an Aontais Eorpaigh a measúnaithe ar fhíricí eolaíocha agus teicniúla a chur in ionad mheasúnaithe údaráis an Aontais, ar do na hinstitúidí sin atá an cúram sin tugtha faoi CFAE, agus dóibh sin amháin (féach breithiúnais an 21 Iúil 2011, Etimine, C‑15/10, EU:C:2011:504, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 1 Meitheamh 2022, Algebris (UK) agus Anchorage Capital Group v an Coimisiún, T‑570/17, EU:T:2022:314, mír 105 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
33 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an athbhreithniú a dhéanfaidh Cúirteanna an Aontais ar na measúnuithe casta eacnamaíocha a rinne údaráis an Aontais, is gá go mbeadh an t‑athbhreithniú sin teoranta agus teoranta d’fhíorú ar comhlíonadh na rialacha maidir le nós imeachta agus maidir leis an ráiteas ar chúiseanna, ar luadh go cruinn na fíorais agus ar aon earráid fhollasach a bheith ann maidir le measúnú, nó mí-úsáid cumhachtaí. I gcomhthéacs an fhíoraithe sin, ní faoi Chúirteanna an Aontais Eorpaigh atá sé ach oiread a measúnú eacnamaíoch a chur in ionad mheasúnú eacnamaíoch údarás inniúil an Aontais (féach breithiúnais an 2 Meán Fómhair 2010, an Coimisiún v Scott, C‑290/07 P, EU:C:2010:480, mír 66 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 1 Meitheamh 2022, Algebris (UK) agus Anchorage Capital Group v an Coimisiún, T‑570/17, EU:T:2022:314, mír 106 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
34 |
Maidir le cinntí BRA lena bhféachtar cinneadh a dhéanamh ar cheart cúiteamh a dheonú do scairshealbhóirí agus do chreidiúnaithe dá ndéantar difear leis na bearta réitigh a dhéantar i ndáil le heintiteas, ós rud é go bhfuil siad bunaithe ar mheasúnuithe eacnamaíocha agus teicniúla an‑chasta, ní mór a mheas go bhfuil feidhm ag na prionsabail a leagtar amach sa chásdlí dá dtagraítear i míreanna 35 agus 36 thuas maidir leis an bhfíorú a n‑iarrtar ar an gcúirt é a dhéanamh. |
|
35 |
Cé go ndeonaítear corrlach lánroghnach do BRA i gcúrsaí eacnamaíocha agus teicniúla, ní chiallaíonn sé sin nach mór do Chúirteanna an Aontais Eorpaigh staonadh ó athbhreithniú a dhéanamh ar léirmhíniú BRA ar na sonraí eacnamaíocha a bhfuil a chinneadh bunaithe orthu. Mar atá dearbhaithe ag an gCúirt, fiú i gcás measúnuithe casta, ní mór do Chúirteanna an Aontais Eorpaigh a shuí ní hamháin an bhfuil an fhianaise a bhfuiltear ag brath uirthi cruinn ó thaobh na bhfíoras de agus an bhfuil sí iontaofa agus comhsheasmhach, ach freisin an bhfuil na sonraí ábhartha uile san fhianaise sin nach mór a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar chás casta agus an féidir léi bunús a thabhairt leis na conclúidí a bhaintear aisti (féach breithiúnais an 11 Samhain 2021, Autostrada Wielkopolska v an Coimisiún agus an Pholainn, C‑933/19 P, EU:C:2021:905, mír 117 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 1 Meitheamh 2022, Algebris (UK) agus Anchorage Capital Group v an Coimisiún, T‑570/17, EU:T:2022:314, mír 108 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
36 |
I ndáil leis sin, chun a shuí go ndearna BRA earráid fhollasach sa mheasúnú ar na fíorais, ar earráid a bheadh mar údar le neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid, ní mór an fhianaise a thug an t‑iarratasóir ar aird a bheith leordhóthanach chun creidiúnacht a bhaint de na measúnuithe fíorasacha a úsáideadh sa chinneadh sin sa chaoi go mbeidís dochreidte (féach, de réir análaí, breithiúnais an 7 Bealtaine 2020, BTB Holding Investments agus Duferco Participations Holding v an Coimisiún, C‑148/19 P, EU:C:2020:354, mír 72, agus an 1 Meitheamh 2022, Algebris (UK) agus Anchorage Capital Group v an Coimisiún, T‑570/17, EU:T:2022:314, mír 109 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
37 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú do phléadáil lena líomhnaítear earráid shoiléir mheasúnaithe más rud é, in ainneoin na fianaise a thug an t‑iarratasóir ar aird, go bhféadfar glacadh leis an measúnú atá faoi chonspóid mar mheasúnú atá fós fíor nó bailí (féach breithiúnais an 27 Meán Fómhair 2018,Spiegel-Verlag Rudolf Augstein agus Sauga v BCE, T‑116/17, nár foilsíodh, EU:T:2018:614, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 25 Samhain 2020, BMC v Entreprise commune Clean Sky 2, T‑71/19, nár foilsíodh, EU:T:2020:567, mír 76 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
38 |
Ina theannta sin, is cásdlí socair é, i gcás ina bhfuil lánrogha ag na hinstitiúidí, go mbíonn sé níos tábhachtaí fós urraim a thabhairt do na cearta a ráthaítear le dlíchóras an Aontais i nósanna imeachta riaracháin. I measc na ráthaíochtaí sin a thugtar le dlíchóras an Aontais in imeachtaí riaracháin áirítear, inter alia, prionsabal an dea-riaracháin, a chumhdaítear in Airteagal 41(2)(a) den Chairt, lena n‑áirítear an oibleagáid atá ar an institiúid inniúil gnéithe ábhartha uile an cháis atá i gceist a scrúdú go cúramach agus go neamhchlaonta. Is ar an mbealach sin amháin atá Cúirteanna an Aontais Eorpaigh in ann a fhíorú an gcomhlíontar na gnéithe fíorasacha agus dlíthiúla a bhfuil feidhmiú na lánrogha ag brath orthu (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Samhain 1991, Technische Universität München, C‑269/90, EU:C:1991:438, mír 14). |
Maidir leis an dara pléadáil, lena líomhnaítear gurb ann d’earráidí i Luacháil 3
|
39 |
Lena dara pléadáil, áitíonn an t‑iarratasóir, go bunúsach, go raibh earráid déanta ag BRA, sa chinneadh atá faoi chonspóid, agus ag an ngnólacht measúnachta, i Luacháil 3, agus iad ag cinneadh an gcuirfí cóireáil níos fearr ar na scairshealbhóirí agus ar na creidiúnaithe a ndearnadh difear dóibh dá mba rud é go raibh Banco Popular faoi réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta tráth a glacadh an réiteach, trína bheith ag brath ar chás hipitéiseach ina ndéanfaí Banco Popular a fhoirceannadh mar ghnóthas a bhfuil deireadh tagtha lena chuid gníomhaíochtaí. |
|
40 |
Áitíonn an t‑iarratasóir go raibh BRA ag brath ar bhonn mícheart sa chinneadh atá faoi chonspóid sa mhéid nach dtugtar le fios in Airteagal 20(18) de Rialachán Uimh. 806/2014 gur gá measúnú a dhéanamh ar an gcóireáil a chuirtear ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe dá ndearnadh difear i nós imeachta hipitéiseach foirceanta i bhfianaise critéar faoina mbeadh an t‑eintiteas atá faoi réiteach ina ghnóthas foirceanta. Dá réir sin, bheadh an luacháil éagsúil dé réir mar a bheifí ag brath ar chritéar foirceanta, eadhon deireadh a bheith tagtha leis an ngníomhaíocht, nó ar chritéar maidir le gnóthas leantach, eadhon go bhfuiltear ag leanúint ar aghaidh leis an ngníomhaíocht. |
|
41 |
Áitíonn sí nach mór an tagairt do ghnáthimeachtaí dócmhainneachta i Rialachán Uimh. 806/2014 a thuiscint mar ní a dhíríonn ar an nós imeachta a rialaítear le reachtaíocht na Spáinne, is é sin le rá le dlí 22/2003. Sonraíonn sí, de réir Airteagal 44(1) de Dhlí 22/2003, ‘leis an ndearbhú maidir le féimheacht, ní chuirtear stop leis an ngníomhaíocht pearsanta nó tráchtála a fheidhmíonn an féichiúnaí’, rud a chiallaíonn, i ndlí na Spáinne, nach dtagann sé mar thoradh ar an bhfíoras go bhfuil an féichiúnaí i staid ina ndearbhaíodh dócmhainneacht go gcuirfear deireadh lena chuid gníomhaíochta nó go ndéanfar a eastát a fhoirceannadh. Ar an gcaoi chéanna, le hAirteagal 100(3) de Dhlí 22/2003 éilítear go mbunaítear réiteach réamhchúraim chun leanúint ar aghaidh sa ghníomhaíocht trí mheán socrú le creidiúnaithe. Dá réir, leis an dlí sin déantar foráil leis an oibriú a dhíol, ina n‑iomláine nó go páirteach, ina n‑aonaid ghnó, faoi chóras leantachta, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir le critéar a bhaineann le gnólacht leantach, seachas ceann a bhaineann le sócmhainní neamhthuillmheacha a fhoirceannadh, rud a bhfuil cosc air go sainráite. Faoi Dhlí 22/2003 níor mhór leanúint ar aghaidh leis an ngníomhaíocht, is cuma cén chéim atá i gceist sna himeachtaí dócmhainneachta. Sa chinneadh a chonspóidtear, táthar á mhaoímh, go ndearna BRA earráid mheasúnaithe agus bhain sé míthuiscint as Dlí 22/2003 nuair a mheas sé go mbeadh leachtú an eintitis mar thoradh ar na himeachtaí dócmhainneachta dá bhforáiltear leis an dlí sin. |
|
42 |
Ina theannta sin, cuireann an t‑iarratasóir in iúl go bhfuil an critéar maidir le leachtú, arna úsáid ag an measúnaí i Luacháil 3 agus arna fhormheas ag BRA sa chinneadh atá faoi chonspóid, ar neamhréir leis an réiteach mar a shainmhínítear i Rialachán Uimh. 806/2014 é, go háirithe leis an gcuspóir atá aige leanúnachas a áirithiú i bhfeidhmeanna criticiúla na hinstitiúide, agus leis an uirlis díolacháin gnó arna húsáid ag BRA, eadhon le Banco Popular a dhíol mar ghnóthas leantach. Measann sé go bhfuil an difríocht chóireála bunaithe ar chleachtadh hipitéiseach ina ndéantar comparáid idir dhá nós imeachta chun institiúidí creidmheasa a théarnamh. Ós rud é go bhfuil sé beartaithe leis an measúnú ar dhifríocht chóireála i Luacháil 3 go ndéanfaí comparáid idir idirbhearta coibhéiseacha, níor mhór, chun luacháil a dhéanamh mar is cuí i gcás dócmhainneachta, í a bhunú ar thoimhde a bheadh cosúil leis an toimhde a úsáideadh sa réiteach, eadhon go leanfaí ar aghaidh le hoibríochtaí an eintitis. |
|
43 |
Sa chinneadh atá faoi chonspóid, thug BRA faoi deara, de réir Airteagal 15(1)(g) de Rialachán Uimh. 806/2014, nár mhór go gcinnfí i Luacháil 3 cé acu an bhfuair nó nach bhfuair na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe a ndearnadh difear dóibh cóir ba mheasa faoin réiteach ná mar a bheadh faighte acu dá mba rud é go ndearnadh Banco Popular ‘a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta’. Thug sé dá aire, mar a rinne an gnólacht measúnachta sa doiciméad soiléirithe (mír 5.1.5), gur foráladh go sonrach in Ley 11/2015 de recuperación y Resolución de entidades de crédito y empresas de servicios de inversión (Dlí 11/2015 maidir le téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí seirbhísí infheistíochta) an 18 Meitheamh 2015 (BOE Uimh. 146 an 19 Meitheamh 2015, lch. 50797), lena dtrasuítear Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014, lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/UE, 2012/30/UE agus 2013/36/UE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2014 L 173, lch. 190), go ndéanfar luacháil na difríochta cóireála ar an toimhde go ndeachaigh an t‑eintiteas faoi imeachtaí foirceanta. |
|
44 |
Ar an gcéad dul síos, maidir le forálacha ábhartha Rialachán Uimh. 806/2014, ba cheart a mheabhrú go bhfuil sé d’aidhm ag an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 20(16) den Rialachán sin a chinneadh an gcuirfí cóir níos fearr ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe dá rachadh an institiúid atá faoi réiteach faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. |
|
45 |
De bhun Airteagal 20(17) de Rialachán Uimh. 806/2014, leis an luacháil dá dtagraítear i mír 16 den Airteagal sin, suitear an difríocht idir an chóir a chuirtear ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe go hiarbhír i gcomhthéacs an réitigh agus an chóir a chuirfí orthu dá mbeadh an t‑eintiteas faoi réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta tráth a rinneadh cinneadh maidir leis an ngníomhaíocht réitigh. |
|
46 |
Leis an luacháil sin, féachtar prionsabal ‘creidiúnaí ar bith níos measa as ná faoi ghnáthnósanna imeachta dócmhainneachta’, a leagtar amach in Airteagal 15(1)(g) de Rialachán Uimh. 806/2014, a chur i bhfeidhm, lena bhforáiltear ‘nach dtabhóidh aon chreidiúnaí caillteanais níos mó ná na caillteanais a thabhófaí dá bhfoirceannfaí eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, i gcomhréir leis na coimircí dá bhforáiltear in Airteagal 29’. |
|
47 |
I gcomhréir leis an bprionsabal sin, luaitear in Airteagal 76(1)(e) de Rialachán Uimh. 806/2014 go bhféadfaidh BRA an Ciste Réitigh Aonair (CRA) a úsáid chun ‘cúiteamh a íoc le scairshealbhóirí nó le creidiúnaithe más rud é, tar éis meastóireacht de bhun Airteagal 20(5), go bhfuil caillteanais níos mó tabhaithe acu ná mar a bheadh tabhaithe acu, tar éis luacháil de bhun Airteagal 20(16), i gcás foirceanta faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta’. |
|
48 |
Dá bhrí sin, is léir ó na forálacha thuasluaite de Rialachán Uimh. 806/2014, maidir leis an tagairt in Airteagal 20(16) go (18) de Rialachán Uimh. 806/2014 don chóir a chuirfí ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe an eintitis dá mba rud é go raibh sé faoi réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, go mbaineann sí lena gcóir hipitéiseach i gcás fhoirceannadh an eintitis. |
|
49 |
Ina theannta sin, de réir Airteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe 2018/344, maidir leis an modh chun luacháil a dhéanamh ar an gcóir a chuirfí ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe arb i ndáil leo a rinneadh gníomhaíochtaí réitigh, dá mbeadh an t‑eintiteas faoi réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta dáta an chinnidh réitigh, is éard atá i gceist leis méid lascainithe an tsreabhaidh airgid ionchasaigh a chinneadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. Fachtóirí atá le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar na sreafaí airgid sin, arna leagan amach in Airteagal 4(4) agus (5) de Rialachán Tarmligthe 2018/344, tá siad ceaptha chun luach na sócmhainní a chinneadh, ag brath ar cé acu a thrádáiltear ar mhargadh gníomhach iad nó nach dtrádáiltear, i gcomhthéacs diúscairt hipitéiseach. Le hAirteagal 4(8) de Rialachán Tarmligthe 2018/344 foráiltear freisin go ndéanfar na fáltais hipitéiseacha a eascraíonn as an luacháil a leithdháileadh ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe i gcomhréir lena n‑ord tosaíochta faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme. |
|
50 |
Tagann sé ón méid sin, maidir leis an modh chun luacháil a dhéanamh ar an gcóir a chuirfí ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe i gcomhthéacs gnáthimeachtaí dócmhainneachta hipitéiseacha a shainítear i Rialachán Tarmligthe 2018/344, go gcomhfhreagraíonn sé do réadú shócmhainní na hinstitiúide agus dá bhrí sin d’fhoirceannadh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1)(42) de Rialachán Uimh. 806/2014. |
|
51 |
Contrártha leis an méid a éilíonn an t‑iarratasóir, cé go ndéantar an difríocht chóireála a mheas trí chomparáid a dhéanamh idir an chóireáil iarbhír a cuireadh ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe dá ndearnadh difear mar thoradh ar an réiteach agus cás hipitéiseach ina mbeadh an t‑eintiteas faoi réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ní chiallaíonn sé sin nach mór go mbeadh an cás frithfhíorasach sin bunaithe ar thoimhde atá cosúil leis an toimhde a úsáidtear sa réiteach, eadhon go leanfaí ar aghaidh le hoibríochtaí an eintitis. |
|
52 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara go dtagann an argóint sin ó mhíthuiscint ar an sásra um chúiteamh le haghaidh scairshealbhóirí agus creidiúnaithe eintitis atá faoi réir gníomhaíocht réitigh a bhunaítear le Rialachán Uimh. 806/2014. |
|
53 |
I ndáil leis sin, foráiltear le haithris 62 de Rialachán Uimh. 806/2014: ‘Níor cheart cur isteach ar cheart maoine a bheith díréireach. Dá thoradh sin, níor cheart gur mhó na caillteanais a thabhódh scairshealbhóirí agus creidiúnaithe ná na caillteanais a thabhóidís dá ndéanfaí an t‑eintiteas a fhoirceannadh tráth a déanadh an chinnidh maidir le réiteach. I gcás páirtaistriú sócmhainní institiúide atá faoi réiteach chuig ceannaitheoir príobháideach nó chuig droichead-institiúid, ba cheart an chuid iarmharach den institiúid atá faoi réiteach a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. D’fhonn scairshealbhóirí agus creidiúnaithe an eintitis a chosaint le linn na n‑imeachtaí foirceanta, ba cheart go mbeidís i dteideal chun íoc as a n‑éilimh méid nach lú ná an méid a mheastar a ghnóthóidís a fháil, dá ndéanfaí an t‑eintiteas ina iomláine a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.’ |
|
54 |
De réir Airteagal 20(18)(a) agus (b) de Rialachán Uimh. 806/2014, leis an luacháil ar an ndifríocht chóireála dá dtagraítear in Airteagal 20(16) den Rialachán sin, ní mór go nglacfar leis go rachadh institiúid atá faoi réiteach, agus éifeacht a bheith tugtha do ghníomhaíocht nó gníomhaíochtaí réitigh ina leith, faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta ag an tráth a ndearnadh an cinneadh maidir le gníomhaíocht réitigh agus go nglacfar leis nach mbeidh éifeacht tugtha don ghníomhaíocht ná do ghníomhaíochtaí réitigh. |
|
55 |
Ba cheart a mheabhrú freisin go nglactar leis, le linn gníomhaíocht réitigh a ghlacadh i ndáil le heintiteas, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1) de Rialachán Uimh. 806/2014, eadhon go bhfuil ag cliseadh ar an eintiteas nó gur dócha go gclisfidh air, nach bhfuil aon bhearta malartacha eile ón earnáil phríobháideach ann lena bhféadfaí an loiceadh a chosc laistigh de thréimhse réasúnta ama agus gur gá an beart réitigh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail. De réir Airteagal 18(5) de Rialachán Uimh. 806/2014, caithfear le gníomhaíocht réitigh amhail is le leas an phobail sin a dhéanamh más gá é le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus é comhréireach leo agus más rud é nach gcomhlíonfaí na cuspóirí réitigh sin go feadh an mhéid chéanna dá ndéanfaí an t‑eintiteas a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Mar atá luaite ag an iarratasóir, tá sé mar chuspóir le sásra réitigh a ghlacadh, de bhun Airteagal 14(2)(a) den Rialachán sin, inter alia, an leanúnachas a áirithiú i bhfeidhmeanna criticiúla an eintitis. |
|
56 |
Mar atá admhaithe ag an iarratasóir, bíonn bearta réitigh ann mar rogha mhalartach ar leachtú eintitis i gcás ina n‑éilítear é ar mhaithe le leas an phobail. |
|
57 |
Faoi Airteagal 76(1)(e) de Rialachán Uimh. 806/2014, lena mbeartaítear an prionsabal dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(g) den Rialachán sin a chur chun feidhme, beidh scairshealbhóirí agus creidiúnaithe, le linn na n‑imeachtaí réitigh, i dteideal cúiteamh nó chun íoc as a n‑éileamh méid nach lú ná an méid a mheastar a ghnóthóidís, dá ndéanfaí an fiontar ina iomláine a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta (féach, de réir análaí, breithiúnas an 5 Bealtaine 2022, Banco Santander (Réiteach Banco Popular), C‑410/20, EU:C:2022:351, mír 48). |
|
58 |
Dá bhrí sin, chun an difríocht chóireála a shuí, baineann an chomparáid leis an gcaoi a gcaitear go hiarbhír leis na scairshealbhóirí agus leis na creidiúnaithe dá ndéantar difear mar thoradh ar an réiteach agus leis an measúnú ar an gcás ina mbeidís dá mba rud é nár glacadh an ghníomhaíocht réitigh, eadhon an toimhde go ndearnadh an t‑eintiteas a fhoirceannadh. Murab ionann agus an méid a mhaíonn an t‑iarratasóir, leis an measúnú ar an ndifríocht chóireála, ní ghlactar leis go ndéanfar comparáid idir dhá chás chomhchosúla, ach idir dhá rogha mhalartacha. Dá bhrí sin, áitíonn an t‑iarratasóir go mícheart freisin go bhfuil sé beartaithe leis an gcás frithfhíorasach, amhail an réiteach, go mbeadh nós imeachta ann le leanúnachas a áirithiú i bhfeidhmeanna criticiúla na n‑institiúidí creidmheasa agus lena dtéarnamh agus chun a áirithiú agus gur cheart go mbeadh sé bunaithe ar an toimhde chéanna a úsáidtear sa scéim réitigh. |
|
59 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, ba cheart a thabhairt faoi deara, murab ionann agus an méid a éilíonn an t‑iarratasóir, nach é Dlí 22/2003, lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta sa Spáinn, an t‑aon téacs de dhlí na Spáinne atá infheidhme maidir le luacháil na difríochta cóireála. |
|
60 |
In Real Decreto 1012/2015 por el que se desarrolla la Ley 11/2015, y por el que se modifica el Real Decreto 2606/1996, de 20 de diciembre, sobre fondos de garantía de depósitos de entidades de crédito (Foraithne Ríoga 1012/2015 lena gcuirtear chun feidhme Dlí 11/2015 agus lena leasaítear Foraithne Ríoga 2606/1996, an 20 Nollaig 1996, maidir le cistí ráthaíochta taiscí d’institiúidí creidmheasa), an 6 Samhain 2015 (BOE Uimh. 267, an 7 Samhain 2015, lch. 105911), lena dtrasuítear Treoir 2014/59, tá forálacha a bhaineann go sonrach le measúnú ar an difríocht chóireála. |
|
61 |
Mar atá sonraithe ag Ríocht na Spáinne, nuair a bhí an measúnú ar an difríocht chóireála á rialáil ag reachtas na Spáinne, ní raibh aon chás hipitéiseach foirceanta seachas cás foirceanta faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta beartaithe aige. |
|
62 |
Le hAirteagal 10(2) d’Fhoraithne Ríoga 1012/2015 foráiltear nach mór go gcinnfí leis an luacháil an chóir a chuirfí ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe dá mbeadh an t‑eintiteas atá faoi réiteach faoi réir imeachtaí foirceanta tráth a glacadh an cinneadh réitigh. |
|
63 |
I ndáil leis sin, luaitear in Airteagal 10(3)(a) d’Fhoraithne Ríoga 1012/2015 go bhfuil an measúnú bunaithe ar an toimhde go ndéanfaí an t‑eintiteas ar cuireadh na bearta réitigh i bhfeidhm ina leith a fhoirceannadh faoi na himeachtaí dócmhainneachta tráth a rinneadh an cinneadh réitigh. |
|
64 |
Dá bhrí sin, i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar an difríocht chóireála tar éis réiteach arna chinneadh ag FROB, foráiltear le dlí na Spáinne gurb é an cás frithfhíorasach cás fhoirceannadh an eintitis lena gcuirtear san áireamh forálacha Dhlí 22/2003 a bhaineann leis an bhfoirceannadh. |
|
65 |
I ndáil leis sin, mar atá luaite ag Ríocht na Spáinne, is éard atá i gceist le coincheap ‘foirceannadh’, dá dtagraítear in Airteagail 148 agus 149 de Dhlí 22/2003, réadú shócmhainní agus chearta an fhiontair fhéimhigh chun creidiúnaithe a shásamh leis an méid a fuarthas agus comhfhreagraíonn sé don sainmhíniú in Airteagal 3(1)(42) de Rialachán Uimh. 806/2014. |
|
66 |
Thairis sin, mar atá luaite ag BRA, áirítear Airteagal 100 de Dhlí 22/2003 maidir leis an gComhshocrú, dá dtagraíonn an t‑iarratasóir, i dTeideal V den Dlí sin, dar teideal ‘céimeanna an fhoirceanta agus na comhshocraíochta’. Dá bhrí sin, foráiltear le Dlí 22/2003, arb é an Dlí Ginearálta maidir leis an bhFéimheacht é, go bhfuil an comhshocrú le creidiúnaithe mar rogha mhalartach ar an bhfoirceannadh ag deireadh na céime coitinne den nós imeachta féimheachta. |
|
67 |
Dá réir sin, le Foraithne Ríoga 1012/2015, trí fhoráil a dhéanamh go sainráite gur gá go gcuirfí san áireamh, agus an difríocht chóireála á meas, an toimhde go ndeachaigh an eintiteas isteach i gcéim na foirceanta, eisítear an fhéidearthacht go gcuirfí chun feidhme an réiteach malartach faoina ndéantar comhshocrú leis na creidiúnaithe. |
|
68 |
Dá réir sin, agus contrártha leis an méid a mhaíonn na hiarratasóirí, foráiltear leis na forálacha de dhlí na Spáinne is infheidhme nach mór go mbeadh cinneadh faoin ndifríocht cóireála bunaithe ar chás ina bhfoirceantar. Dá bhrí sin, is go mícheart a éilíonn na hiarratasóirí agus Aeris Invest gur ceadaíodh faoin gcreat dlí is infheidhme cás frithfhíorasach a bheartú lena gcuirfí san áireamh comhshocrú le creidiúnaithe. |
|
69 |
Ar an triú dul síos, sa chás seo, ba cheart a mheabhrú, dá mba rud é nár glacadh an réiteach, gurbh é foirceannadh Banco Popular faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta an rogha mhalartach (breithiúnas an 1 Meitheamh 2022, Algebris (UK) agus Anchorage Capital Group v an Coimisiún, T‑570/17, EU:T:2022:314, mír 421). |
|
70 |
I ndáil leis sin, sa chinneadh atá faoi chonspóid, thug BRA dá aire, i gcomhréir le Luacháil 3, i bhfianaise imthosca an cháis reatha agus, go háirithe, i bhfianaise nach raibh Banco Popular in ann a chuid fiacha a íoc de réir mar a bheidís dlite, go mbeadh foirceannadh Banco Popular mar thoradh ar ghnáthimeachtaí dócmhainneachta arna dtionscnamh ar dháta an réitigh, rud a mbeadh réadú luathaithe na sócmhainní i gceist leis, gan íosphraghas ceangailteach, agus an glanréadú a íoc le creidiúnaithe i gcomhréir leis an ordlathas a bunaíodh le Dlí 22/2003. |
|
71 |
Ba cheart a lua freisin, maidir le hargóint na n‑iarratasóirí, ar dá réir nár ghá go mbeadh cás fhoirceannadh Banco Popular mar chuid den chás a bhí frithfhíorasach don réiteach, go raibh sí ardaithe cheana féin ag scairshealbhóirí agus creidiúnaithe áirithe a ndearnadh difear dóibh faoin nós imeachta a bhain leis an gceart chun éisteacht a fháil. |
|
72 |
Sa chinneadh atá faoi chonspóid, thug BRA dá aire gur mhaígh siad go bhféadfaí teacht ar réiteach ón earnáil phríobháideach nó, seachas sin, gur cheart go mbeadh an cás frithfhíorasach bunaithe ar Banco Popular a dhíol mar ghnóthas leantach, ós rud é go raibh Banco Popular fós gníomhach ar an margadh tráth a glacadh an scéim réitigh. Go sonrach, thug BRA faoi deara gur áitigh scairshealbhóirí agus creidiúnaithe áirithe a ndearnadh difear dóibh go bhféadfaí go raibh na creidiúnaithe in ann comhaontú (comhshocrú) a thabhairt i gcrích lena gcoscfaí foirceannadh Banco Popular. Thug roinnt eile acu dá n‑aire gur foráladh le nós imeachta dócmhainneachta na Spáinne go bhféadfaí dócmhainneacht réamhbhunaithe a bheith ann, lena ndéanfaí sócmhainní inmharthana an eintitis a dheighilt agus a dhíol mar ghnóthas leantach. Mhaígh siad gur cheart go mbeadh an réiteach sin curtha san áireamh ag an ngnólacht measúnachta agus an straitéis foirceanta á leagan amach aige, ós rud é go bhféadfaí luach Banco Popular a chaomhnú ar bealach ní ab fhearr dá bharr. |
|
73 |
Thug BRA dá aire, gan dochar do cheanglais Rialachán Uimh. 806/2014 agus an dlí náisiúnta is infheidhme, gur mhínigh an gnólacht measúnachta sa doiciméad soiléirithe cén fáth nárbh fhéidir, i gcás Banco Popular, díol mar ghnóthas leantach a dhéanamh (trí imeachtaí dócmhainneachta réamhbhunaithe nó ar bhealach eile) ná comhshocraíocht a eagrú. I ndáil leis sin, shonraigh an gnólacht measúnachta, ar an gcéad dul síos, i bhfianaise staid fhoirceannadh Banco Popular ar dháta an réitigh agus mheasúnú an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) ar an gcaoi go raibh Banco Popular ag cliseadh nó gur dhócha go gclisfeadh air, nach bhféadfadh Banco Popular coinneáil air ag feidhmiú le linn na caibidlíochta, agus scrios suntasach luacha mar thoradh air sin. Dhearbhaigh BRA freisin go raibh litir dar dáta an 6 Meitheamh 2017 ó stiúrthóir bainistíochta Banco Popular mar thaca leis an gconclúid nár cheadaigh staid foirceanta Banco Popular dó leanúint lena. Ar an dara dul síos, mheas an gnólacht measúnachta go ndearnadh ceadúnas baincéireachta Banco Popular a tharraingt siar uaidh, a mhéid a comhlíonadh na coinníollacha lena tharraingt siar arna leagan síos i reachtaíocht na Spáinne. Luaigh sé go raibh gá leis an gceadúnas baincéireachta chun taiscí custaiméirí a ghlacadh, rud a bhí riachtanach chun leanúint d’oibríochtaí Banco Popular nó lena dhíol mar ghnóthas leantach. |
|
74 |
Shonraigh BRA freisin gur luaigh an gnólacht measúnachta, sa doiciméad soiléirithe, nár foráladh le Dlí 22/2003 do ‘bhanc maith’ agus ‘drochbhanc’ a chruthú agus, in aon chás, go mbeadh gá le ham nach raibh ar fáil ag an am sin leis sin a chur chun feidhme. |
|
75 |
Chinn BRA go raibh measúnú iomchuí déanta ag an ngnólacht measúnachta maidir leis an gcás foirceanta a úsáideadh i Luacháil 3. |
|
76 |
Leanann sé ón méid sin, ar dháta an réitigh, nach raibh Banco Popular in ann a choinneáil air lena chuid ghnó mar gheall ar a staid leachtachta, toisc go raibh ag cliseadh air nó toisc gur dhócha go gclisfeadh air agus go bhféadfaí a cheadúnas baincéireachta a tharraingt siar, agus, ar an gcúis sin, nach bhféadfaí comhshocrú ná cás dócmhainneachta lena nglacfaí leis go mbeadh an gnóthas ina ghnóthas leantach a shamhlú. |
|
77 |
Dá bhrí sin, murab ionann agus an méid a mhaíonn an t‑iarratasóir, leis na forálacha dlí is infheidhme agus le staid fhíorasach Banco Popular ar dháta an réitigh, cuireadh cosc ar chur i bhfeidhm cáis fhrithfhíorasaigh lena nglacfaí leis go mbeadh an gnóthas ina ghnóthas leantach. |
|
78 |
Eascraíonn sé ón méid sin nach bhfuil baint leis an ábhar ag an argóint ón iarratasóir maidir leis an difríocht sa luach a d’eascródh as cur i bhfeidhm an chritéir maidir le gnóthas leantach seachas an critéar maidir le leachtú i ndáil le luacháil sócmhainní cánach iarchurtha gan chosaint de chuid Banco Popular. |
|
79 |
Leanann sé ón méid sin thuas nach bhfuil sé suite ag an iarratasóir go ndearna BRA earráid fhollasach mheasúnaithe trína bheith ag formheas mheasúnú an ghnólachta measúnachta ar dá réir nár mhór go ndéanfaí an luacháil ar an difríocht chóireála a chuirfí ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe de Banco Popular sa chás ina mbeadh sé faoi réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta i gcás hipitéiseach leachtaithe do ghnólacht foirceanta. |
|
80 |
Mar sin, ní mór diúltú don dara pléadáil. |
Maidir leis an gcéad phléadáil, lena líomhnaítear gur sáraíodh Airteagal 20 de Rialachán Uimh. 806/2014 agus Caibidil IV de Rialachán Tarmligthe 2016/1075, ós rud é nach measúnaí neamhspleách a rinne Luacháil 3
|
81 |
Maíonn an t‑iarratasóir nár chomhlíon an luachálaí na coinníollacha lena mheas go raibh sé neamhspleách chun críocha Luacháil 3 a bhunú agus, nuair a bhí sé ainmnithe ag BRA, go raibh sé sin ina shárú ar fhorálacha Chaibidil IV de Rialachán Tarmligthe 2016/1075 agus Airteagal 20 de Rialachán Uimh. 806/2014. |
|
82 |
Sa chinneadh atá faoi chonspóid, mheas BRA go raibh an gnólacht measúnachta neamhspleách, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 20(1) de Rialachán Uimh. 806/2014 agus Chaibidil IV de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. Thug sé dá aire gur roghnaíodh an gnólacht tuairiscithe i gcomhthéacs nós imeachta tairisceana, ar mheas BRA ag deireadh an nós imeachta sin go raibh na cáilíochtaí, an taithí, na scileanna, an t‑eolas agus na hacmhainní is gá aige chun Luacháil 3 a dhéanamh, gan a bheith ag brath an iomarca ar údarás poiblí lena mbaineann ná ar Banco Popular, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 38(1) agus Airteagal 39 de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. Mheas BRA, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht na luachála a bhí le déanamh, go raibh na hacmhainní daonna agus teicniúla iomchuí ag an luachálaí, le déanamh, chun luacháil 3 a dhéanamh mar ba cheart, i gcomhréir le hAirteagal 39(2) de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. |
|
83 |
Ina theannta sin, mheas BRA go raibh an luachálaí ina eintiteas dlíthiúil a bhí neamhspleách ar na húdaráis phoiblí agus ar Banco Popular agus, i ndáil leis sin, go raibh sé go hiomlán neamhspleách ar BRA agus nach raibh sé i mbun obair chuntasaíochta bhliantúil le haghaidh Banco Popular. |
|
84 |
Ar deireadh, thug BRA dá aire, maidir le heaspa leasanna suntasacha ábhartha iarbhír nó féideartha i gcoiteann nó i gcoinbhleacht, go raibh seiceáil inmheánach déanta ag an ngnólacht measúnachta, i bhfianaise na gcaighdeán gairmiúil is infheidhme, de réir bhrí Airteagal 41 de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. I bhfianaise thoradh an fhíoraithe sin, mheas an gnólacht measúnachta nach raibh aon choinbhleacht leasa á léiriú aige i ndáil lena cheapadh mar mheasúnóir neamhspleách. I ndáil leis sin, thagair BRA do na dearbhuithe éagsúla maidir le heaspa coinbhleachta leasa arna soláthar ag an ngnólacht measúnachta le linn an nós imeachta tairisceana agus tar éis a cheapacháin, a raibh sé mar aidhm leo a neamhspleáchas agus neamhspleáchas a chuid foirne a ráthú, go háirithe don fhoireann sin a bhí freagrach as Luacháil 3 a dhéanamh. |
|
85 |
I bhfianaise na ráiteas sin agus na ndearbhuithe a chuir an luachálaí ar fáil, mheas BRA go raibh coimircí leordhóthanacha curtha ar fáil aige sin chun aon leas ábhartha iarbhír nó féideartha i gcoiteann nó i gcoinbhleacht le húdarás poiblí ábhartha nó le Banco Popular a sheachaint. Thagair BRA freisin do phointe 6.2.1 den chinneadh atá faoi chonspóid, ina raibh freagra tugtha aige ar ‘bharúlacha a bhain le neamhspleáchas an ghnólachta measúnachta’ arna gcur isteach ag na scairshealbhóirí agus creidiúnaithe dá ndearnadh difear le linn an nós imeachta maidir leis an gceart chun éisteacht a fháil. Sa teideal sin, mhínigh BRA nach raibh aon leasanna ábhartha iarbhír nó féideartha i gcoiteann nó i gcoinbhleacht le húdarás poiblí ábhartha nó le heintiteas ábhartha, tráth a cheapacháin agus le linn Luacháil 3 a bheith á déanamh, de réir bhrí Airteagal 41 de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. |
|
86 |
Chinn BRA go raibh an measúnaí neamhspleách i gcomhréir le ceanglais Airteagal 20(16) de Rialachán Uimh. 806/2014 agus Airteagail 39 go 41 de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. |
|
87 |
I ndáil leis sin, de bhun Airteagal 20(16) de Rialachán Uimh. 806/2014, áiritheoidh BRA gur duine neamhspleách dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin a dhéanfaidh luacháil, is é sin le rá duine atá neamhspleách ar aon údarás poiblí, lena n‑áirítear BRA agus an t‑údarás náisiúnta réitigh, agus ar an eintiteas lena mbaineann. |
|
88 |
Sonraítear na rialacha maidir le neamhspleáchas na luachálaí i gCaibidil IV de Rialachán Tarmligthe 2016/1075, lena bhforáiltear an méid seo a leanas in Airteagal 38: ‘Féadfar duine nádúrtha nó dlítheanach a cheapadh mar mheasúnóir. Measfar an luachálaí a bheith neamhspleách ar aon údarás poiblí ábhartha agus ar an eintiteas ábhartha i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
|
89 |
Le hAirteagal 41 de Rialachán Tarmligthe 2016/1075, maidir le leasanna ábhartha i gcoiteann nó i gcoinbhleacht, foráiltear: ‘1. Ní bheidh leas ábhartha iarbhír nó féideartha ag an luachálaí neamhspleách i gcoiteann nó i gcoinbhleacht le haon údarás poiblí ábhartha nó leis an eintiteas ábhartha. 2. Chun críocha mhír 1, measfar leas iarbhír nó leas féideartha a bheith ábhartha i gcás ina measann an t‑údarás a bhfuil cumhacht ceapacháin aige nó údarás ar bith eile a bhfuil an cúram sin air sa Bhallstát lena mbaineann go bhféadfadh an leas sin tionchar a imirt nó go bhféadfaí go measfaí go réasúnta go bhféadfadh sé tionchar a imirt ar bhreithiúnas an ghnólachta measúnachta i gcomhthéacs na luachála. 3. Chun críocha mhír 1, measfar leasanna i gcoiteann nó i gcoinbhleacht leis na páirtithe seo ar a laghad a bheith ábhartha:
4. Chun críocha mhír 1, beidh na gnéithe seo ar a laghad ábhartha:
[…]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
90 |
Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara nach gconspóideann an t‑iarratasóir gur chomhlíon an gnólacht measúnachta na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 38(1) agus (2) de Rialachán Tarmligthe 2016/1075, eadhon go raibh na cáilíochtaí, an taithí, na scileanna, an t‑eolas agus na hacmhainní is gá aige chun Luacháil 3 a dhéanamh go héifeachtach agus go raibh sé scartha go dlíthiúil ó na húdaráis phoiblí ábhartha agus ó Banco Popular. |
|
91 |
Ní áitíonn sí ach an oiread go raibh leas iarbhír nó féideartha i gcoiteann nó i gcoinbhleacht leis an údarás poiblí ábhartha, eadhon BRA, nó leis an eintiteas lena mbaineann, eadhon Banco Popular, de réir bhrí Airteagal 41(1) de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. |
|
92 |
Maíonn an t‑iarratasóir nár chomhlíon an gnólacht measúnachta na coinníollacha lena mheas mar ghnólacht neamhspleách, sa mhéid go raibh leasanna ábhartha iarbhír nó féideartha aige a d’fhéadfadh tionchar a imirt, nó a bhféadfaí a mheas go réasúnta go mbeadh tionchar aige, ar a bhreithiúnas agus Luacháil 3 á déanamh aige, de réir bhrí Airteagal 41(2) de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. |
|
93 |
Go bunúsach, áitíonn sí nach gá measúnú a dhéanamh lena bhfáil amach an ann do leasanna den sórt sin i bhfianaise na nasc idir, ar thaobh amháin, an gnólacht measúnachta agus, ar an taobh eile, BRA nó Banco Popular, ach freisin i bhfianaise imthosca uile an cháis. Dá bhrí sin, cáineann sé BRA as mainneachtain aird a thabhairt, ar dtús, ar an bhfíric go raibh Luacháil 2 déanta ag an luachálaí cheana féin agus, sa dara háit, na naisc idir sin agus Banco Santander. |
An chéad chuid, maidir le Luachála 2 agus 3 a bheith déanta ag an ngnólacht measúnachta
|
94 |
Maíonn an t‑iarratasóir, ós rud é gurb é an gnólacht measúnachta a rinne Luacháil 2, nach raibh sé iomchuí, i gcomhréir le prionsabal an díchill ghairmiúil agus na hoibiachtúlachta i rogha an luachálaí neamhspleách, gur cuireadh de chúram air Luacháil 3 a dhéanamh. Measann sí go raibh sé faoi bhrú láidir a cháil ghairmiúil a chaomhnú, rud a bhí dá spreagadh chun aon cheartú nó aon mhodhnú ar chonclúidí Luacháil 2 a sheachaint. |
|
95 |
Meabhraíonn an t‑iarratasóir go bhfuil sé de cheangal ar BRA prionsabal an dea-riaracháin a chomhlíonadh, a chumhdaítear in Airteagal 41 den Chairt, agus faoi réir cheanglas na neamhchlaontachta, atá beartaithe, go háirithe, chun cásanna coinbhleachta leasa a sheachaint. Táthar á mhaoímh nach ndearna BRA ach cinneadh go raibh ceapadh an luachálaí i gcomhréir go foirmiúil le ceanglais Rialachán Tarmligthe 2016/1075, gan aird a thabhairt ar an ionad ina raibh an gnólacht measúnachta sa nós imeachta réitigh ná ar neamhchlaontacht an ghnólachta sin. Ní leor na ceanglais maidir le deighilt struchtúrach agus leasanna suntasacha a chomhlíonadh, ach ní mór an nós imeachta a chosaint freisin ó amhras ar bith go bhfuil claontacht ann. |
|
96 |
Sa fhreagra, aithníonn an t‑iarratasóir gur fíor an rud a áitíonn BRA, eadhon nach gcuirtear bac leis na forálacha is infheidhme, go háirithe le hAirteagal 20 de Rialachán Uimh. 806/2014, ar Luachálacha 2 agus 3 a bheith á ndéanamh ag an luachálaí céanna. Mar sin féin, áitíonn sí go raibh an fíoras go ndearna an gnólacht measúnachta Luacháil 2 ina imthoisc lena cuireadh cosc i bhfeidhm amhail nárbh fhéidir a mheas go raibh sé ina mheasúnóir oibiachtúil neamhspleách. |
|
97 |
Lena hargóintí, déanann an t‑iarratasóir gearán, go bunúsach, gur cheap BRA an gnólacht measúnachta mar mheasúnóir neamhspleách chun Luacháil 3 a dhéanamh gan aird a thabhairt ar an bhfíoras, ós rud é go raibh Luacháil 2 curtha i gcrích cheana féin, nach bhféadfaí a mheas gur chomhlíon sé an ceanglas neamhchlaontachta a chumhdaítear in Airteagal 41(1) den Chairt, arna léiriú i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais. |
|
98 |
I ndáil leis seo, le hAirteagal 41(1) den Chairt foráiltear, inter alia, go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a ghnóthaí nó a gnóthaí a láimhseáil go neamhchlaon. |
|
99 |
De réir an chásdlí, is é is aidhm don cheanglas neamhchlaontachta, a fhorchuirtear ar na hinstitiúidí, ar na comhlachtaí, ar na hoifigí agus ar na gníomhaireachtaí agus iad i mbun a gcuid cúraimí, an chóir chomhionann, a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe uirthi, a áirithiú. I bhfianaise na tábhachta bunúsaí a bhaineann le neamhspleáchas agus sláine a áirithiú maidir le feidhmiú inmheánach agus íomhá sheachtrach institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, cumhdaítear leis an gceanglas neamhchlaontachta na himthosca go léir ar gá go dtuigfeadh an t‑oifigeach nó an seirbhíseach eile a n‑iarrtar air rialú a dhéanamh ar chás go bhfuil siad den chineál go ndealraítear, i dtuairim tríú páirtithe, go bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a neamhspleáchas san ábhar (féach breithiúnas an 27 Márta 2019, August Wolff agus Remedia v an Coimisiún, C‑680/16 P, EU:C:2019:257, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
100 |
Mar sin, is faoi na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí sin atá sé ceanglas na neamhchlaontachta a chomhlíonadh ina dhá chomhpháirt, arb iad, ar an gcéad dul síos, an neamhchlaontacht shuibiachtúil, ar dá réir nach féidir le haon chomhalta den institiúid lena mbaineann claontacht nó dochar pearsanta a léiriú, agus, ar an dara dul síos, an neamhchlaontacht oibiachtúil, ar dá réir nach mór don institiúid sin ráthaíochtaí leordhóthanacha a thabhairt chun aon amhras dlisteanach a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an gclaontacht a eisiamh (féach breithiúnas an 27 Márta 2019, August Wolff agus Remedia v an Coimisiún, C‑680/16 P, EU:C:2019:257, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
101 |
Mar a luaitear i mír 87 thuas, is faoi BRA a bhí sé, de bhun Airteagal 20(16) de Rialachán Uimh. 806/2014, neamhspleáchas an ghnólachta measúnachta a áirithiú i bhfianaise imthosca an cháis. |
|
102 |
Is fíor, i bprionsabal, nach féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh sé, i dtuairim tríú páirtithe, go mba chosúil, leis an imthoisc gur ghlac an luachálaí páirt cheana féin i nós imeachta réiteach Banco Popular trí Luacháil 2 a dhéanamh, sular glacadh an scéim réitigh, gur cuireadh cosc i bhfeidhm amhail nárbh fhéidir leis a bheith oibiachtúil agus neamhchlaonta agus Luacháil 3 á déanamh. |
|
103 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur luaigh BRA, sa chinneadh atá faoi chonspóid, gur chuir roinnt scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a ndearnadh difear dóibh barúlacha isteach maidir le neamhspleáchas an ghnólachta measúnachta agus gur áitigh siad nár cheart Luacháil 3 a bheith déanta aige sin sa mhéid a bhí Luacháil 2 déanta aige cheana féin. I gcuid de na barúlacha sin luadh gur áiríodh i Luacháil 2 meastachán ex ante ar an gcóir a chuirfí ar gach aicme scairshealbhóra nó creidiúnaí faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta agus d’áitigh siad go raibh an luachálaí ag iarraidh na conclúidí a dheimhniú ón anailís maidir le prionsabal ‘creidiúnaí ar bith níos measa as ná faoi ghnáthnósanna imeachta dócmhainneachta’, arna déanamh aige i Luacháil 2. |
|
104 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, nach suitear in imthosca an cháis seo, ar an gcéad dul síos, go raibh tionchar ag an bhfíric go ndearna an gnólacht measúnachta Luacháil 2 air agus Luacháil 3 á déanamh aige, agus, ar an dara dul síos, go bhfuil na himthosca sin contrártha d’argóint an iarratasóra go bhféadfaí go ndealródh sé go réasúnta nach raibh oibiachtúlacht nó neamhchlaontacht aige. |
|
105 |
I dtosach báire, ní mór a mheabhrú go bhfuil Luacháil 2 roinnte ina dhá chuid, go n‑áirítear leis an gcéad chuid luacháil shealadach ar Banco Popular chun críocha an réitigh agus go n‑áirítear leis an dara cuid ionsamhlúcháin de chás an fhoirceanta. Sa chéad chuid tá luacháil ar shócmhainní agus ar dhliteanais Banco Popular agus leis sin féachtar luach eacnamaíoch Banco Popular a chinneadh i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na huirlise díolacháin gnó. Chuir BRA an chéad chuid sin san áireamh chun críche an scéim réitigh a ghlacadh. Is é is cuspóir don ionsamhlúcháin ar chás an fhoirceanta, atá sa dara cuid, i gcomhréir le hAirteagal 20(9) de Rialachán Uimh. 806/2014, meastachán a dhéanamh ar an gcóireáil a chuirfí ar gach aicme scairshealbhóra agus creidiúnaí dá ndéanfaí an t‑eintiteas atá faoi réir an bhirt réitigh a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta faoi dhlí na Spáinne. |
|
106 |
I Luacháil 3, tá an anailís ar an difríocht chóireála bunaithe ar an gcóireáil iarbhír a cuireadh ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe dá ndearnadh difear mar thoradh ar an réiteach. Níor cuireadh an luacháil ar shócmhainní agus ar dhliteanas Banco Popular chun críocha an réitigh, a bhí sa chéad chuid de Luacháil 2, san áireamh i Luacháil 3 agus dá bhrí sin ní fhéadfadh sé go mbeadh tionchar á imirt aige ar an ngnólacht measúnachta agus an luacháil sin á déanamh aige. |
|
107 |
Dá bhrí sin, ní bhaineann argóint an iarratasóra ach leis an dara cuid de Luacháil 2, a chomhfhreagraíonn d’ionsamhlú ar chás foirceanta. |
|
108 |
I ndáil leis sin, sa chinneadh atá faoi chonspóid, luaigh BRA gur aithníodh sa chreat dlí ab infheidhme nárbh fhéidir go mbeadh an meastachán sealadach ar an gcóireáil ba chosúil a bheith curtha ar na scairshealbhóirí agus ar na creidiúnaithe dá ndearnadh difear dá ndearnadh an t‑eintiteas a fhoirceannadh i Luacháil 2 a bheith chomh cruinn agus an ceann atá i Luacháil 3 ar roinnt cúiseanna, eadhon, inter alia, srianta ama agus easpa sonraí a bheadh sách gar do dháta an réitigh i gcomhthéacs Luacháil 2. Dá bhrí sin, de réir Airteagal 20(9) de Rialachán Uimh. 806/2014, áirítear ‘meastachán’ ar an gcóireáil sin i Luacháil 2, ach foráiltear le hAirteagal 20(17) den Rialachán sin nach mór, le Luacháil 3, go ndéanfaí an láimhseáil sin a ‘bhunú’. Luaigh BRA nach bhféadfaí an fíoras go raibh torthaí comhchosúla ag an meastachán sealadach i Luacháil 2 agus i Luacháil 3, ach go raibh siad bunaithe ar thoimhdí éagsúla, a mheas ann féin mar fhianaise leordhóthanach nach raibh Luacháil 3 déanta i gcomhréir leis na ceanglais dlí. |
|
109 |
Ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara gur luaigh an gnólacht measúnachta, i Luacháil 2, nach raibh an fhaisnéis agus na sonraí riachtanacha ar fad aige agus nach raibh am a dhóthain aige chun meastachán a dhéanamh a mbeadh níos mó i gceist leis ná meastachán tástach, ag an gcéim sin. Shonraigh sé arís agus arís eile go raibh ionsamhlúcháin an cháis foirceanta bunaithe ar go leor éiginnteachtaí agus, nuair a bheadh faisnéis níos beaichte ar fáil, go mbeadh sé in ann a thoimhdí a bheachtú agus cás foirceanta ‘níos láidre’ agus níos iontaofa a chur le chéile. |
|
110 |
Luaigh an gnólacht measúnachta, go sonrach, ‘ós rud é nár cuireadh struchtúr nó cláir chomhardaithe na n‑eintiteas aonair in iúl dó, dréachtaíodh a chás foirceanta ar bhonn comhdhlúite chun críocha táscacha’ agus ‘go mbainfeadh an foirceannadh iarbhír faoi Dhlí 22/2003 le heintitis aonair’. Luaigh sé freisin, ‘agus an fhaisnéis bhreise seo á fáil, [bheadh sé] in ann ionsamhlú níos daingne de chás foirceanta a chur i láthair ar bhonn aonair’. |
|
111 |
Ar thaobh amháin, is iomaí forchoimeádas a bhí i Luacháil 2 maidir le hiontaofacht ionsamhlúcháin an cháis foirceanta. Ar an taobh eile, is léir ó mhíreanna 105 agus 106 thuas nach bhféadfadh amhras a bheith á chaitheamh ar bhailíocht an ionsamhlúcháin sin le luacháil ar Banco Popular i gcás foirceanta i Luacháil 3 a bheadh éagsúil ón luacháil san ionsamhlúcháin i Luacháil 2. |
|
112 |
Dá bhrí sin, ní féidir leis an iarratasóir a mhaoímh go bailí gur mheas an gnólacht measúnachta, d’fhonn a cháil ghairmiúil a chosaint, go raibh sé faoi cheangal ag na conclúidí a leagadh amach i Luacháil 2 agus Luacháil 3 á déanamh aige nó go mbainfí an bonn dá cháil ghairmiúil dá mbeadh difríocht idir an dá luacháil sin agus, dá bhrí sin, go mbeadh easpa oibiachtúlachta mar thoradh air. |
|
113 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an argóint ón iarratasóir gur spreagadh an gnólacht measúnachta chun aon cheartú nó modhnú ar na conclúidí a bhí i Luacháil 2 a sheachaint, níl sí ag teacht leis na cúinsí ina ndearnadh Luacháil 2 agus Luacháil 3. |
|
114 |
I ndáil leis sin, sa chinneadh atá faoi chonspóid, mar fhreagra ar na barúlacha dá dtagraítear i mír 103 thuas, shonraigh BRA, cé go ndearnadh an meastachán ex ante ar an gcóireáil a chuirfí ar na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe dá ndearnadh difear i gcás hipitéiseach foirceanta, a áirítear i Luacháil 2, laistigh de thréimhse shonrach ama agus go raibh sé bunaithe ar fhianaise a bhí ar fáil don ghnólacht measúnachta sular glacadh an réiteach, arb í an fhianaise a bhí ar fáil an 31 Márta 2017, bhí Luacháil 3 bunaithe ar fhianaise níos mionsonraithe an 6 Meitheamh 2017, ar dháta dúnta na ngníomhaíochtaí, nuair a bhí sí ar fáil. Mheas BRA, i bhfianaise na faisnéise éagsúla a raibh na measúnuithe sin bunaithe orthu, chomh maith lena gcuspóir éagsúil, go raibh an gnólacht measúnachta breá ábalta conclúidí éagsúla a bhaint amach. |
|
115 |
Ní mór a mheabhrú, ar thaobh amháin, gur ghá go mbeadh ionsamhlúchán an cháis foirceanta i Luacháil 2 bunaithe ar shonraí a bhí ann sular glacadh an scéim réitigh, agus nár mhór go gcuirfí na sonraí a bhí ar fáil ar dháta an réitigh san áireamh i Luacháil 3. Ní fhéadfaí a thoimhdiú, mar sin, i ndáil le luacháil Banco Popular i gcás hipitéiseach foirceanta arna dhéanamh i Luacháil 3, go mbainfeadh an luachálaí an toradh céanna amach agus a bhí san ionsamhlúchán i Luacháil 2. |
|
116 |
Ar an taobh eile, admhaíonn an t‑iarratasóir nár mhór Luacháil 2 a dhéanamh mar ábhar práinne. Dá bhrí sin, mar atá sonraithe ag an luachálaí i Luacháil 2, bhí ionsamhlú an cháis foirceanta bunaithe ar thoimhdí neamhfhíoraithe a bhí le beachtú. |
|
117 |
Leanann sé ón méid sin go raibh BRA curtha ar an eolas, a luaithe a fuarthas Luacháil 2, go mbeadh ar an luachálaí brath ar shonraí nua i Luacháil 3 agus, dá bhrí sin, an Luacháil a rinneadh in ionsamhlúchán an cháis foirceanta a leasú. Dá bhrí sin, ní féidir leis an iarratasóir a mhaíomh go bailí gur cheart go mbeadh amhras ar BRA maidir le hoibiachtúlacht agus le neamhchlaontacht an ghnólachta measúnachta toisc go ndearna an luachálaí Luacháil 2. |
|
118 |
Ar an tríú dul síos, admhaíonn an t‑iarratasóir go ndearnadh Luacháil 2 agus Luacháil 3 chun críoch éagsúil agus de réir cineálacha éagsúla cur chuige. |
|
119 |
Ag an éisteacht, mhínigh an t‑iarratasóir, cé gur cheart luachálaí difriúil a bheith úsáidte ag BRA chun luacháil a dhéanamh trí mhodh difriúil a úsáid, gur úsáid an gnólacht measúnachta an mhodheolaíocht chéanna i Luacháil 2 agus i Luacháil 3 eadhon luacháil i gcás foirceanta. |
|
120 |
Sa mhéid gur léir ón anailís ar an dara pléadáil dlí gur ghá an measúnú ar an gcóireáil a chuirfí ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe Banco Popular dá ndearnadh difear dá mbeadh Banco Popular faoi réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta a dhéanamh de réir mar a bheadh i gcás foirceanta, ní féidir leis an iarratasóir a éileamh go bailí go raibh rogha an mhodha sin de chineál lena suí gur dhócha go raibh easpa oibiachtúlachta ann ó thaobh an ghnólachta measúnachta de. Contrártha leis an méid a éilíonn sí, bheadh ar aon mheasúnóir eile a cheapfaí chun Luacháil 3 a dhéanamh é a bhunú ar chás hipitéiseach leachtú Banco Popular. |
|
121 |
Thairis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i Luacháil 3, ní hea nach ndearna an gnólacht measúnachta ach toradh an ionsamhlúcháin i Luacháil 2 a dheimhniú. |
|
122 |
Mar sin, mar shampla, i Luacháil 2, measadh réadú iomlán shócmhainní Banco Popular do chreidiúnaithe, i gcás fhoirceannadh 3 bliana, a bheith idir EUR 120.9 billiún don hipitéis ab fhearr agus EUR 116.5 billiún don chás ba mheasa. I Luacháil 3, le haghaidh chás fhoirceannadh 3 bliana, bhí toradh ar leith ag an measúnú ar na sócmhainní, eadhon EUR 101.546 billiún don chás ab fhearr agus EUR 97.593 billiún don chás ba mheasa. |
|
123 |
Ní leor ann féin an fíoras aonair gur bhain an gnólacht measúnachta an chonclúid chéanna amach, eadhon nach bhfaigheadh na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe dá ndearnadh difear cúiteamh i gcás fhoirceannadh Banco Popular chun a shuí gur mheas sé go raibh sé faoi cheangal lena mheasúnú arna dhéanamh i Luacháil 2, agus Luacháil 3 á déanamh aige. |
|
124 |
Leanann sé ón méid sin roimhe seo nach bhfuil an argóint atá beartaithe lena suíomh go raibh easpa oibiachtúlachta prima facie ann ó thaobh an ghnólachta measúnachta de toisc go ndearna sé Luacháil 2 bunaithe ar aon fhianaise shonrach agus go bhfuil sí ag teacht salach ar inneachar Luacháil 3 féin. |
|
125 |
Dá bhrí sin, i gcúinsí an cháis seo, murab ionann agus an méid a mhaíonn an t‑iarratasóir, níl an fíoras go ndearna an gnólacht measúnachta Luacháil 2 mar údar chun amhras a chaitheamh ar a neamhspleáchas chun Luacháil 3 a dhéanamh agus ar a cheapacháin, arna dhéanamh ag BRA, mar mheasúnóir neamhspleách. |
|
126 |
Dá réir sin ní mór diúltú don chéad chuid. |
An dara cuid, maidir leis na naisc idir an gnólacht measúnachta agus Banco Santander
|
127 |
Maíonn an t‑iarratasóir go raibh BRA mícheart, agus measúnú á dhéanamh ar neamhspleáchas an ghnólachta measúnachta, neamhaird a thabhairt ar an gcaidreamh idir an gnólacht sin agus Banco Santander. |
|
128 |
Ar dtús, áitíonn sí, i bhfianaise na seirbhísí arna gcur ar fáil ag an luachálaí do Banco Santander roimh réiteach Banco Popular agus ina dhiaidh, ba cheart go mbeadh sé cinnte ag SRB nár chomhlíon Banco Santander na coinníollacha lena mheas gur mheasúnóir neamhspleách sa mhéid go raibh leasanna suntasacha iarbhír nó féideartha aige a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a bhreithiúnas i gcomhthéacs Luacháil 3, de réir bhrí Airteagal 41 de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. |
|
129 |
Ar an gcéad dul síos, maíonn an t‑iarratasóir nár thug BRA aird ar an bhfíoras go raibh an gnólacht measúnachta mar iniúchóir do Banco Santander ar feadh 25 bliana, go dtí 2016. |
|
130 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, le linn an nós imeachta maidir leis an gceart chun éisteacht a fháil, gur chuir scairshealbhóirí agus creidiúnaithe áirithe dá ndearnadh difear barúlacha isteach maidir le neamhspleáchas an ghnólachta measúnachta, a cuireadh i mbaol, dar leo, toisc gur sholáthair sé sin seirbhísí iniúchóireachta do Banco Santander roimhe seo, sular glacadh an scéim réitigh. |
|
131 |
Sa chinneadh atá faoi chonspóid, mar fhreagra ar na barúlacha sin, mheas BRA nár cheart na seirbhísí iniúchóireachta a chuir an gnólacht measúnachta ar fáil do Banco Santander a chur san áireamh agus é i mbun an mheasúnaithe ar an neamhspleáchas a rinne sé tráth a fostaíodh an gnólacht an 23 Bealtaine 2017, ós i ndáil le Banco Popular a rinne an measúnú sin. Shonraigh BRA, ar an dáta sin, nach ndearnadh an measúnú ar neamhspleáchas an luachálaí ar cheannaitheoirí ionchasacha ós rud é, ar an gcéad dul síos, nach raibh sé beartaithe leis an gcreat dlí agus, ar an dara dul síos, go raibh an nós imeachta luachála éagsúil ón nós imeachta díolacháin lenar cinneadh an ceannaitheoir. Go háirithe, ní raibh rochtain ag an luachálaí ar fhaisnéis maidir le hainmneacha ceannaitheoirí ionchasacha nó le céannacht an fhaighteora sular glacadh an scéim réitigh. |
|
132 |
Mheas BRA, i bhfianaise raon feidhme agus chuspóir Luacháil 3, nár chuir na seirbhísí iniúchóireachta a chuir an gnólacht measúnachta ar fáil roimhe seo do Banco Santander isteach ar neamhspleáchas an ghnólachta sin sa mhéid a bhaineann le Luacháil 3 a dhéanamh agus nár cruthaíodh aon leas suntasach iarbhír nó féideartha i gcoiteann nó i gcoinbhleacht leo, de réir bhrí Airteagal 41 de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. Go háirithe, shonraigh sé nach raibh baint ag Luacháil 3 ach le sócmhainní agus dliteanais Banco Popular sular díoladh é le Banco Santander seachas le dliteanais agus sócmhainní Banco Santander. |
|
133 |
Dá bhrí sin, ní mór a mheas, ar dháta ceaptha an ghnólachta measúnachta mar mheasúnóir neamhspleách, an 23 Bealtaine 2017, nárbh eol céannacht an cheannaitheora agus dá bhrí sin nárbh fhéidir na naisc idir an luachálaí agus Banco Santander a chur san áireamh. Ina theannta sin, ba chóir a thabhairt faoi deara, ar dháta a cheapacháin mar mheasúnóir, nach raibh an gnólacht measúnachta ag cur seirbhísí iniúchóireachta ar fáil do Banco Santander a thuilleadh, rud nach n‑éilíonn an t‑iarratasóir. |
|
134 |
Ina theannta sin, de bhun Airteagal 41(4)(a) de Rialachán Tarmligthe 2016/1075, chun a shuí gurb ann do leas iarbhír nó féideartha i gcoiteann nó i gcoinbhleacht de réir bhrí mhír 1 den Airteagal sin, rud atá ábhartha ná soláthar seirbhísí, lena n‑áirítear san am atá caite, arna dhéanamh ag an luachálaí neamhspleách don eintiteas, agus do na daoine dá dtagraítear i mír 3, agus go háirithe an nasc idir na seirbhísí sin agus na heilimintí atá ábhartha don luacháil lena mbaineann. |
|
135 |
Ní chuireann an t‑iarratasóir aon argóint isteach lena shuíomh go bhfuil nasc ann idir na seirbhísí iniúchóireachta arna soláthar ag an ngnólacht measúnachta do Banco Santander agus na heilimintí atá ábhartha do Luacháil 3, a bhain le luacháil Banco Popular amháin seachas luacháil Banco Santander. |
|
136 |
Ar an dara dul síos, maíonn an t‑iarratasóir, toisc gur fhostaigh Banco Santander an gnólacht measúnachta mar chomhairleoir maidir leis na hidirbhearta ba chúis leis na comhaontuithe idir Banco Santander agus infheisteoirí áirithe de Banco Popular, a thug caingne trí bhealaí breithiúnacha nó seachbhreithiúnacha, go suitear leis sin go bhfuil leasanna iarbhír nó féideartha ann i gcoiteann idir an luachálaí agus an t‑eintiteas lena mbaineann, de réir bhrí Airteagal 41 de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. De réir an iarratasóra, maidir le duine a thugann comhairle do cheannaitheoir an eintitis faoi réiteach, díreach tar éis an réitigh, i ndáil le hábhar a bhaineann go díreach leis na díospóidí a eascraíonn as an réiteach, ní féidir a mheas go bhfuil sé neamhspleách ar an duine a bheidh dá fhostú. Ina theannta sin, maítear gur fhostaigh Banco Santander an luachálaí mar gheall ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil dó faoi Banco Popular mar thoradh ar a rannpháirtíocht i Luacháil 2. |
|
137 |
Le linn an nós imeachta maidir leis an gceart chun éisteacht a fháil, chuir scairshealbhóirí agus creidiúnaithe áirithe dá ndearnadh difear barúlacha isteach maidir le neamhspleáchas an ghnólachta measúnachta, a cuireadh i mbaol, dar leo, toisc gur sholáthair sé sin seirbhísí do Banco Santander tar éis gur glacadh réiteach Banco Popular, ar sheirbhísí a bhain le comhthathú Banco Popular nó le cúiteamh páirteach a bheith á dheonú ag Banco Santander do chreidiúnaithe áirithe de Banco Popular. |
|
138 |
Sa chinneadh atá faoi chonspóid, mar fhreagra ar na barúlacha sin, mheas BRA nár bunaíodh leis na seirbhísí sin go raibh leasanna ábhartha i gcoiteann nó i gcoinbhleacht de réir bhrí Airteagal 41(2) agus (4) de Rialachán Tarmligthe 2016/1075, le duine ábhartha de réir bhrí Airteagal 41(3) den Rialachán Tarmligthe sin. |
|
139 |
Ar an gcéad dul síos, bhí BRA den tuairim, i bhfianaise raon feidhme agus chuspóir Luacháil 3, nach bhféadfadh tionchar a bheith ag na seirbhísí a chuir an luachálaí ar fáil tar éis dháta an réitigh maidir le gnóthas leantach ar Luacháil 3 ná ar na heilimintí atá inti. Thairis sin, thug sé dá aire nach bhféadfadh tionchar a bheith ag Luacháil 3 ar sheasamh Banco Popular nó Banco Santander, a mhéid gur cinneadh ann ar cheart cúiteamh tríd an gCiste Réitigh Aonair (CRA) a dheonú do na scairshealbhóirí agus do na creidiúnaithe lena mbaineann. |
|
140 |
Ar an dara dul síos, mheas BRA, in aon chás, tar éis ghlacadh na scéime réitigh, go raibh ráthaíochtaí breise tugtha ag an luachálaí chun a áirithiú nach bhféadfadh na seirbhísí arna soláthar do Banco Santander a bheith ina gcúis le leasanna ábhartha iarbhír nó féideartha i gcoiteann nó i gcoinbhleacht. Thug BRA dá aire, ina ráiteas dar dáta an 18 Nollaig 2019, gur dheimhnigh an gnólacht measúnachta nár bhain seirbhís ar bith a soláthraíodh do Banco Santander le luacháil na sócmhainní nó na ndliteanas lenar bhain Luacháil 3, nó leis an bhfaisnéis airgeadais a bhaineann leo. Ina theannta sin, dúirt sé gur dheimhnigh an gnólacht measúnachta nach raibh aon sreabhadh faisnéise idir an obair luachála a rinneadh agus tionscadail eile, mar gheall ar na bearta cosanta a cuireadh i bhfeidhm agus a prótacail rúndachta. |
|
141 |
Go háirithe, maidir leis na seirbhísí a bhain le Banco Popular a chomhtháthú, dúirt BRA go raibh sé sonraithe go leordhóthanach ag an luachálaí, cé gur sholáthair sé seirbhísí comhairleacha do Banco Santander, nach raibh baint ag na seirbhísí sin leis na seirbhísí a soláthraíodh do BRA, nach raibh baint acu le haon ábhar a bhain leis na seirbhísí luachála a soláthraíodh do BRA agus nár áiríodh luacháil ná seirbhísí dlí maidir le Banco Popular leo. |
|
142 |
Maidir leis na seirbhísí a bhain le Banco Santander a bheith ag deonú cúitimh do chreidiúnaithe áirithe de Banco Popular, thug BRA dá aire, in aithris 93 den chinneadh atá faoi chonspóid, gur luaigh an gnólacht measúnachta nach raibh baint ag na seirbhísí sin le comhairle dlí ná le seirbhísí comhairleacha i ndáil leis na gearáin sin. Go háirithe, bhí sé fostaithe chun réiteach lárionad comhordúcháin aonair a dhearadh agus a chur chun feidhme chun faisnéis a bhailiú i ndáil le gearáin sheachbhreithiúnacha agus bhreithiúnacha a láimhseáil agus é mar aidhm leis sin éifeachtúlacht a mhéadú agus an t‑am bainistíochta a laghdú. Go sonrach, seirbhísí maidir le faireachán agus doiciméadú faisnéise riaracháin agus le hullmhú tuarascálacha tréimhsiúla a bhí i gceist le cúraimí an ghnólachta measúnachta. Ina theannta sin, luaigh sé nach raibh sé rannpháirteach in obair na cosanta dlí, a mhéid a bhain Banco Santander úsáid as gnólachtaí seachtracha dlí chun na gearáin sin a bhainistiú, agus nár chinn ná nár ríomh sé an méid cúitimh a thairg Banco Santander do chustaiméirí Banco Popular. |
|
143 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara, le linn an nós imeachta maidir le réiteach Banco Popular, gur áirithigh BRA, mar a ceanglaíodh air a dhéanamh, gur chomhlíon an gnólacht measúnachta na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus, go háirithe, na ceanglais maidir le heaspa coinbhleachta leasa, a leagtar síos in Airteagal 41 de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. |
|
144 |
Dá bhrí sin, le linn an nós imeachta tairisceana as ar eascair dámhachtain an chonartha shonraigh don ghnólacht measúnachta, thug an gnólacht sin, an 18 Bealtaine 2017, dearbhú do BRA nach raibh coinbhleacht leasa ann le Banco Popular. An 23 Bealtaine 2017, ar dháta a cheaptha mar oifigeach tuairiscithe, chuir sé dearbhú ar fáil freisin maidir lena neamhspleáchas i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe 2016/1075, inar luaigh sé, inter alia, go raibh sé ar an eolas faoi na ceanglais dhlíthiúla agus go ndearnadh na socruithe iomchuí, nuair a bhí gá leo, chun a áirithiú nach raibh aon leas suntasach aige féin ná ag aon bhall den fhoireann a moladh chun an conradh sonrach a chomhlíonadh, mar a shainmhínítear in Airteagal 41 de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. Gheall sé na socruithe uile is gá a chur i bhfeidhm chun a áirithiú nach gcuirfí isteach ar a neamhspleáchas le seirbhís ar bith a chuirfí ar fáil sa todhchaí do na páirtithe eile. Shonraigh sé go mbeadh aon bhall nua a chuirfí lena fhoireann faoi réir chomhlíonadh na gceanglas neamhspleáchais agus faoi réir cheadú BRA. |
|
145 |
Tar éis dó a bheith ceaptha mar mheasúnóir, an 21 Meán Fómhair 2017 agus an 11 Aibreán 2019, chuir an gnólacht measúnachta ráitis bhreise ar fáil maidir lena neamhspleáchas tar éis baill nua a bheith curtha leis an bhfoireann a bhí ag obair ar Luacháil 3. Ina theannta sin, an 18 Nollaig 2019, thíolaic sé dearbhú nach raibh coinbhleacht leasa ann inar dheimhnigh sé, an 15 Samhain 2019, i bhfianaise a chuid córais agus a chuid rialuithe, go raibh sé neamhspleách chun críocha Luacháil 3 agus go mbíodh sé amhlaidh riamh agus nach raibh sé ar an eolas faoi choinbhleachtaí ar bith le hobair eile a bhí déanta aige ná faoi choinbhleachtaí aonair. |
|
146 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara gur shonraigh an gnólacht measúnachta, ina ráiteas dar dáta an 18 Nollaig 2019, a rinneadh arna iarraidh sin ag BRA i ndiaidh bharúlacha na scairshealbhóirí agus na gcreidiúnaithe dá ndearnadh difear sna himeachtaí maidir leis an gceart chun éisteacht a fháil, na seirbhísí a chuir sé ar fáil do Banco Santander agus gur luaigh sé nach raibh aon nasc idir na seirbhísí a chuir sé ar fáil do Banco Santander agus na seirbhísí a soláthraíodh do BRA chun Luacháil 3 nó an doiciméad soiléirithe a dhéanamh. Chomh maith leis sin, dhearbhaigh sé nár sholáthair sé seirbhísí maidir le luacháil nó tuairisciú airgeadais na sócmhainní agus na ndliteanas lenar bhain Luacháil 3. |
|
147 |
Rinne BRA na mínithe ón ngnólacht measúnachta a atáirgeadh in aithris 93 den Chinneadh atá faoi chonspóid, dá dtagraítear i mír 142 thuas. Dá bhrí sin, chinn BRA, i ráiteas an 18 Nollaig 2019, gur chuir an gnólacht measúnachta ráthaíochtaí breise ar fáil chun a áirithiú nár bhunaigh na seirbhísí a soláthraíodh do Banco Santander maidir le cúiteamh a dheonú do chreidiúnaithe áirithe de Banco Popular, tar éis an réitigh, leas suntasach iarbhír nó leas féideartha i gcoiteann nó coinbhleacht, de réir bhrí Airteagal 41(2) agus (4)(a) de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. |
|
148 |
Ní mhíníonn an t‑iarratasóir cén chaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag na seirbhísí sin ar bhreithiúnas an ghnólachta measúnachta agus Luacháil 3 á déanamh, de réir bhrí Airteagal 41(2) de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. |
|
149 |
Leanann sé ón méid sin nach bhfuil na hargóintí ón iarratasóir mar údar le hamhras a chaitheamh ar mheasúnú BRA nár suíodh leis na seirbhísí a sholáthair an gnólacht measúnachta do Banco Santander gurb ann do leasanna ábhartha iarbhír nó ionchasacha a d’fhéadfadh tionchar a imirt, nó a bhfhéadfaí a mheas go réasúnta go bhfuil tionchar acu, ar bhreithiúnas an ghnólachta measúnachta, de réir bhrí Airteagal 41 de Rialachán Tarmligthe 2016/1075. |
|
150 |
Sa dara háit, áitíonn an t‑iarratasóir go n‑eascraíonn amhras faoi chlaontacht i súile tríú páirtithe as na naisc idir an gnólacht measúnachta agus Banco Santander, rud a fhágann nach mbreathnaítear air mar luachálaí neamhspleách. Nuair a bhíonn an neamhchlaontacht ann, glactar leis nach mbíonn dochar nó fabhraíocht ann. Measann sí go bhféadfadh sé go mbeadh tionchar diúltach ag Luacháil 3 ar Banco Santander, go mbainfí an bonn leis dá sheasamh i ndíospóidí maidir le réiteach Banco Popular nó éilimh ar chúiteamh a cheadú ó iar-scairshealbhóirí Banco Popular. |
|
151 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir leis an gcásdlí a luaitear i míreanna 99 agus 100 thuas, go gcumhdaítear leis an gceanglas neamhchlaontachta, arna chur i bhfeidhm ar an ngnólacht measúnachta, na himthosca go léir ar féidir a mheas go réasúnta, i súile tríú páirtithe, go ndéanfaí difear leo dá neamhspleáchas. Chun sárú ar an gceanglas sin a shuíomh, ní mór go mbeadh na naisc idir an gnólacht sin agus Banco Santander ina n‑imthosca a bhféadfadh a bheith mar chúis le hamhras dlisteanach i leith claontacht féideartha. |
|
152 |
Dá bhrí sin, dá ndearbhófaí gur cheart go mbeadh sé curtha san áireamh ag BRA go raibh easpa oibiachtúlachta nó neamhchlaontachta prima facie ann ar thaobh an ghnólachta measúnachta i bhfianaise a gcuid nasc le Banco Santander, ghlacfaí leis lena linn sin, nuair a mheas BRA i Luacháil 3 nach gcuirfí cóireáil níos fearr ar na scairshealbhóirí agus ar na creidiúnaithe dá ndearnadh difear faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneacht ná a cuireadh orthu faoin réiteach, go raibh sé ar intinn aige fabhar a thabhairt do Banco Santander. |
|
153 |
Sa chinneadh atá faoi chonspóid, thug BRA dá aire, i bhfianaise chuspóir Luacháil 3, eadhon cinneadh a dhéanamh an gcuirfí cóireáil níos fearr ar na scairshealbhóirí agus ar na creidiúnaithe dá ndearnadh difear faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta hipitéiseacha, nach mbeadh tionchar aige sin ar dhíol Banco Popular agus nach bhféadfadh tionchar a bheith aige ar sheasamh Banco Santander. Bhí BRA den tuairim nach raibh éifeacht ag Luacháil 3 ach ar BRA féin, a mhéid a bheadh air cúiteamh a íoc, trí CRA, i gcás difríocht chóireála a bheith ann. |
|
154 |
I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheabhrú, i Luacháil 3, go ndearna an gnólacht measúnachta luach shócmhainní agus dhliteanais Banco Popular a mheas faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta hipitéiseacha agus go raibh sé den tuairim nach mbeadh aisghabháil faighte ag na scairshealbhóirí agus ag na creidiúnaithe lena mbaineann dá bhfoirceannfaí Banco Popular ar dháta an réitigh. Agus toradh an mheasúnaithe sin á chur i gcomparáid aige le staid iarbhír na scairshealbhóirí agus na gcreidiúnaithe dá ndearnadh difear mar thoradh ar an réiteach, tháinig BRA ar an gconclúid nach raibh siad i dteideal aon aisig faoi Airteagal 76(1)(e) de Rialachán Uimh. 806/2014. |
|
155 |
Fiú dá mba rud é gur chinn an gnólacht measúnachta, i Luacháil 3, go gcuirfí cóireáil níos fearr ar na scairshealbhóirí agus ar na creidiúnaithe lena mbaineann i gcás leachtú Banco Popular ná mar a cuireadh orthu faoin rún, is é CRA a dhéanfadh an cúiteamh a thiocfadh as sin a íoc, seachas Banco Santander. |
|
156 |
Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara gur dlúthchuid d’fheidhmiú an tsásra réitigh dá bhforáiltear le Rialachán Uimh. 806/2014 é an cás ina léirítear sa luacháil arna déanamh faoi Airteagal 20(16) go (18) de Rialachán Uimh. 806/2014 go gcuirfí cóireáil níos fearr ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe eintitis ná mar a chuirfí orthu mar thoradh ar réiteach an eintitis sin, sa mhéid go mbunaítear sásra cúitimh leis ar bhonn prionsabal ‘creidiúnaí ar bith níos measa as ná faoi ghnáthnósanna imeachta dócmhainneachta’, a chumhdaítear in Airteagal 15(1)(g) de. |
|
157 |
Thairis sin, ní mór a chur in iúl, fiú más rud é go bhféadfadh na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe dá ndearnadh difear aisíocaíocht a fháil ar chuid dá n‑éilimh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, nach gciallaíonn sé sin go raibh an cinneadh an banc i dtrácht a chur faoi réiteach mícheart ná nach raibh na himeachtaí sin riachtanach agus nach raibh údar leo, agus é mar chuspóir le réiteach banc a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leis a chosc ó fhoirceannadh. |
|
158 |
Dá bhrí sin, murab ionann agus an méid a d’áitigh an t‑iarratasóir ag an éisteacht, níl aon tionchar ag toradh Luacháil 3 ar dhlíthiúlacht ná ar dhlisteanacht an chinnidh Banco Popular a chur faoi réiteach nó ar thoradh an réitigh sin, eadhon a dhíol le Banco Santander. |
|
159 |
Thairis sin, ba cheart a mheabhrú nárbh ionann an cuspóir a bhí ag Luacháil 2 agus cuspóir Luacháil 3, eadhon luach Banco Popular ina iomláine a mheas do cheannaitheoir féideartha i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na huirlise díolacháin gnó. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh amhras a bheith á chaitheamh ar an luacháil a rinneadh i Luacháil 2 leis an meastachán ar luach shócmhainní Banco Popular i gcomhthéacs gnáthimeachtaí dócmhainneachta hipitéiseacha a rinneadh i Luacháil 3 ná, dá bhrí sin, ar dhíol Banco Popular le Banco Santander ar aon euro amháin. |
|
160 |
Thairis sin, faoin mír deiridh d’Airteagal 85(4) de Threoir 2014/59, ní fhéadfadh sé go mbeadh sé mar thoradh ar neamhniú féideartha an chinnidh réitigh go ndéanfaí athrú ar na coinníollacha maidir le Banco Popular a dhíol le Banco Santander. Dá bhrí sin, is cuma cén toradh a bheidh ag Luacháil 3, ní féidir amhras a chaitheamh ar dhíol Banco Popular le Banco Santander ar phraghas aon euro amháin. |
|
161 |
Ar an tríú dul síos, murab ionann agus an méid a éilíonn an t‑iarratasóir, ní fhéadfadh sé go mbeadh sé d’éifeacht ag an measúnú a rinneadh i Luacháil 3 go dtabharfaí ceart chun cúitimh ó Banco Santander do na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe dá ndearnadh difear. |
|
162 |
I ndáil leis sin, is leor a thabhairt faoi deara gur chinn an Chúirt go gcuirtear de cheangal, leis an gcaingean le haghaidh damáistí agus leis an gcaingean le haghaidh neamhniú araon, ar an institiúid creidmheasa nó ar an ngnólacht infheistíochta faoi réiteach, nó ar chomharba na n‑eintiteas sin, na scairshealbhóirí a chúiteamh as caillteanais arna dtabhú mar thoradh ar fheidhmiú na cumhachta, arna dhéanamh ag údarás réitigh, chun díluacháil agus comhshó a dhéanamh i leith dhliteanais na hinstitiúide nó an ghnóthais sin, nó chun ceangal a chur uirthi na suimeanna a infheistíodh agus scaireanna á suibscríobh a ndearnadh díluacháil orthu mar thoradh ar an nós imeachta réitigh sin a aisíoc go hiomlán. Le caingne mar sin, caitear amhras ar an luacháil iomlán ar a bhfuil an cinneadh réitigh bunaithe, ós rud é go bhfuil comhdhéanamh an chaipitil mar chuid de shonraí oibiachtúla na luachála sin. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta de la Tour faoi deara i míreanna 82 agus 95 dá Thuairim, bhainfí an bonn de nós imeachta an réitigh féin agus de na cuspóirí a shaothraítear le Treoir 2014/59 dá réir sin (breithiúnas an 5 Bealtaine 2022, Banco Santander (Réiteach Banco Popular), C‑410/20, EU:C:2022:351, mír 43). |
|
163 |
Leanann sé as an méid sin thuas, ós rud é nach bhféadfadh difear a dhéanamh do staid Banco Santander le Luacháil 3, beag beann ar an toradh a bheadh air, ní raibh an gnólacht measúnachta in ann tús áite a thabhairt dó. Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh a naisc a bheith ina gcúis le hamhras dlisteanach maidir le haon dochar a bheith ann nó maidir le heaspa oibiachtúlachta nó neamhchlaontachta ó thaobh an ghnólachta measúnachta de. Ní imthosca iad na naisc sin a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar a neamhspleáchas chun Luacháil 3 a dhéanamh ná ar a cheapachán mar mheasúnóir neamhspleách, arna dhéanamh ag BRA. |
|
164 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara cuid agus, mar sin, don chéad saincheist ina iomláine. |
Maidir leis an triú saincheist lena líomhnaítear go bhfuil Luacháil 3 bunaithe ar bhonn mícheart maidir le ráiteas airgeadais Banco Popular tráth a réitigh.
|
165 |
Ina hiarratas, leis an tríú saincheist, d’iarr an t‑iarratasóir go bunúsach ar an gCúirt Ghinearálta a ordú, trí bhíthin beart fiosrúcháin, go dtairgeadh an Juzgado Central de Instrucción no 4 de l’Audiencia Nacional (Cúirt Lárnach Imscrúdaitheach Uimh. 4 den Ard-Chúirt, an Spáinn) saintuarascáil ó Bhanc na Spáinne an 8 Aibreán 2019 maidir le Banco Popular. |
|
166 |
Le doiciméad arna thaisceadh ag an gCúirt Ghinearálta an 2 Meán Fómhair 2022, chuir an t‑iarratasóir an tuarascáil sin isteach mar thairiscint nua fianaise ar bhonn Airteagal 85(3) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta. Shonraigh an t‑iarratasóir go raibh a hiarraidh ar bheart fiosrúcháin á tarscaoileadh aici leis sin. |
|
167 |
Ag an éisteacht, mhaígh an t‑iarratasóir gur thug saintuarascáil ó Bhanc na Spáinne léiriú ar shócmhainní agus ar dhliteanais sócmhainní Banco Popular díreach roimh an réiteach agus go bhféadfaí measúnú a dhéanamh leis ar acmhainneacht an bhainc a bheith in ann a shócmhainní agus a dhliteanais a láimhseáil i gcomhthéacs é a bheith ag leanúint dá ghníomhaíochtaí. Mhínigh sé go raibh an tuarascáil sin bunriachtanach chun an critéar maidir le gnóthas leantach a chur i bhfeidhm agus chun luacháil a dhéanamh bheadh éagsúil le Luacháil 3 ar bhonn an chritéir sin. |
|
168 |
D’áitigh BRA agus Ríocht na Spáinne nach raibh an tuarascáil sin ábhartha, ós rud é gur bhain sé le luach Banco Popular i mí na Nollag 2016. Maíonn BRA, go háirithe, go mbaineann an tuarascáil sin le fíorais nach bhfuil ábhartha chun críoch measúnaithe ar an gcóireáil fhrithfhíorasach nó na comparáide a rinneadh i Luacháil 3, nach ndearnadh measúnú orthu sa chinneadh atá á chonspóid. |
|
169 |
Mar atá luaite ag Ríocht na Spáinne, ullmhaíodh an tsaintuarascáil sin i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla maidir le dliteanas Banco Popular agus a stiúrthóirí i leith an mhéadaithe caipitil a tharla i mbliain airgeadais 2016, a bhí bunaithe ar fhaisnéis a bhain le ráitis chuntasaíochta agus airgeadais an bhainc, a cuireadh in iúl d’infheisteoirí trí bhíthin réamheolaire nár léiríodh fíorstaid eacnamaíoch an Bhainc ann. |
|
170 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara, i saintuarascáil ó Bhanc na Spáinne, go ndéantar achoimre ar na príomhchonclúidí mar seo a leanas: ar an gcéad dul síos, mar thoradh ar thrí shraith teitheadh taiscí sa dara ráithe de 2017 a bhí mar chúis le réiteach Banco Popular, ar an dara dul síos, níor comhlíonadh gnéithe áirithe de na rialacha cuntasaíochta leis na cuntais bhliantúla a áiríodh i réamheolaire mhéadú caipitil 2016, go háirithe maidir le hidirbhearta athmhaoinithe a aicmiú mar idirbhearta amhrasacha agus, ar an tríú dul síos, bhí toimhdí áirithe a úsáideadh chun teacht ar na meastacháin a bhí sa réamheolaire ródhóchasach. |
|
171 |
San iarratas, maíonn an t‑iarratasóir go ndearbhaítear sa tsaintuarascáil ó Bhanc na Spáinne nach mar gheall ar easpa sócmhainní Banco Popular chun caillteanais a ionsú a tharla na caillteanais arna dtabhú ag na hinfheisteoirí, ach toisc nárbh fhéidir freastal ar na hiarrataí arda ar thaiscí a aistharraingt. Tugtar le fios sa tuarascáil sin, de réir chuntais bhliantúla 2016, go raibh glansócmhainn EUR 11.088 billiún de ghnóthachan ag Banco Popular agus gur ghin sé brabúis, gurbh é an rud ba chúis le réiteach Banco Popular ná fadhb maidir le heis-sreafaí taiscí, gur tharla eis-sreabhadh suntasach taiscí an 23 Bealtaine 2017 tar éis agallamh le Cathaoirleach BRA ar an gcainéal teilifíse Bloomberg, go bhfuair Banco Popular, an 5 Meitheamh 2017, cúnamh leachtachta éigeandála EUR 9.5 billiún ó Bhanc na Spáinne agus gur iarr bord stiúrthóirí Banco Popular ar BCE, trí litir dar dáta an 6 Meitheamh 2017, a dhearbhú go raibh ag cliseadh ar an mbanc nó gur dócha go gclisfeadh air, ach tugadh le fios freisin nár mhór réiteach príobháideach a shaothrú. Is léir ón tuarascáil sin, cé go raibh drochfhadhb leachtachta ag Banco Popular, go mbeadh a chistí dílse dearfach fós roimh an réiteach, fiú agus na coigeartuithe cuntasaíochta a bhí fós le déanamh á gcur san áireamh agus in ainneoin go bhféadfaí nach gcomhlíonfaí na cóimheasa sócmhainneachta reachtacha. |
|
172 |
I ndáil leis sin, is leor a mheabhrú gurbh éard a bhí i gceist léi an measúnú ar an difríocht chóireála, a rinneadh i Luacháil 3, ná comparáid idir an chóiréail iarbhír a cuireadh ar na scairshealbhóirí agus ar na creidiúnaithe faoi réiteach Banco Popular agus an chóireáil a chuirfí orthu dá mbeadh an t‑eintiteas faoi réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta tráth a glacadh an réiteach. Baineann saintuarascáil ó Bhanc na Spáinne le himeachtaí a thárla roimh réiteach Banco Popular, eadhon méadú caipitil 2016 agus teitheadh taiscí sa chéad ráithe de 2017, nach raibh ábhartha chun críche Luacháil 3 a dhéanamh. |
|
173 |
Ina theannta sin, ní mhíníonn an t‑iarratasóir cén chaoi ba cheart na himeachtaí a ndearnadh anailís orthu sa tsaintuarascáil ó Bhanc na Spáinne, a bhaineann le staid Banco Popular roimh an réiteach, a bheith curtha san áireamh i Luacháil 3 nó sa chinneadh atá faoi chonspóid. Ní sainaithníonn sí ach an oiread cén argóint a ardaíodh san iarratas nó sa fhreagra a bhfuil an tuairisc sin ceaptha tacú léi. |
|
174 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara gur iarr an t‑iarratasóir go ndéanfaí an tuarascáil sin ionas go mbeadh sí in ann a luacháil féin a dhéanamh. Ag an éisteacht, shonraigh an t‑iarratasóir go raibh gá leis an tuarascáil sin chun Banco Popular a luacháil mar ghnóthas leantach. |
|
175 |
I ndáil leis sin, is leor a mheabhrú gur léir ón anailís ar an dara saincheist nár mhór leachtaithe a chur san áireamh i Luacháil 3. Dá bhrí sin, níl an luacháil ar bhonn shaintuarascáil Bhanc na Spáinne atá beartaithe ag an iarratasóir ábhartha ar chaoi ar bith agus ní fhéadfaí a shuíomh léi go bhfuil earráid shoiléir Luacháil 3. |
|
176 |
Ní mór a mheas, dá bhrí sin, nach bhfuil an tairiscint nua fianaise ón iarratasóir a cuireadh isteach an 2 Meán Fómhair 2022, eadhon saintuarascáil Bhanc na Spáinne, ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chinnidh atá faoi chonspóid, gan gá a bheith ann scrúdú a dhéanamh lena fháil amach an raibh údar maith ag an iarratasóir lena tíolacadh déanach. |
|
177 |
Maidir leis na hargóintí a ardaíodh san iarratas, cé is moite den iarraidh ar shaintuarascáil Bhanc na Spáinne, níl déanta ag an iarratasóir ach éileamh gur suntasach, ós rud é gur cinneadh réiteach Banco Popular mar gheall ar easpa leachtachta seachas éagothroime sócmhainní, nach dtagraítear i Luacháil 3 do luach caipitlithe margaidh Banco Popular tráth an réitigh, atá mar luach íosta le haghaidh luacháil aon chuideachta liostaithe. Ar dháta an réitigh, bheadh caipitliú margaidh Banco Popular cothrom le EUR 1.33 billiún, agus EUR 0.317 ann praghas scoir deiridh a bhí aige. |
|
178 |
Is leor a rá nach míníonn an t‑iarratasóir cén chaoi a mbeadh sé úsáideach luach caipitlithe margaidh Banco Popular a chur san áireamh chun críocha a chinneadh cén chaoi a gcaithfí le scairshealbhóirí agus le creidiúnaithe i gcomhthéacs gnáthimeachtaí dócmhainneachta agus luacháil á déanamh faoi chás foirceanta. I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, de réir Airteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe 2018/344, nach bhfuil i gceist leis an modh chun an luacháil sin a dhéanamh ach méid lascainithe an tsreabhaidh airgid ionchasaigh a chinneadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. |
|
179 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don argóint sin mar argóint neamhéifeachtach. |
|
180 |
Leanann sé ón méid sin nach mór diúltú don triú saincheist agus, dá réir sin, an chaingean a dhíbhe ina hiomláine. |
Costais
|
181 |
De réir Airteagal 134(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis. Ós rud é gurb é an t‑iarratasóir an páirtí caillteach, ní mór a ordú dó a chostais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag BRA, mar atá iarrtha aige sin. |
|
182 |
Faoi Airteagal 138(1) de na Rialacha Nós Imeachta, beidh ar Bhallstáit agus institiúidí a bhfuil idiragairt sna himeachtaí déanta acu a gcostais féin a íoc. Íocfaidh Ríocht na Spáinne a costais féin mar sin. |
|
Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Triú Dlísheomra Méadaithe) mar seo a leanas: |
|
|
|
|
van der Woude De Baere Steinfatt Kecsmár Kingston Arna léamh amach i gcúirt oscailte i Lucsamburg, an. Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Spáinnis.