14.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 119/19


Ordú na Cúirte Ginearálta an 17 Eanáir 2022 – Car-Master 2 v an Coimisiún

(Cás T-743/20) (1)

(Iomaíocht - Cairtéal - Margadh deisithe mótarfheithiclí sa Pholainn - Cinneadh lena ndiúltaítear do ghearán - Airteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 - Cás á láimhseáil ag údarás iomaíochta náisiúnta - Achomharc gan bunús sa dlí)

(2022/C 119/62)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Car-Master 2 sp. z o.o. sp.k. (Krakóv, an Pholainn) (ionadaí: M. Miśkowicz, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Meessen, J. Szczodrowski agus I. Zaloguin, i gcáil Gníomhairí)

Maidir le:

Iarratas bunaithe ar Airteagal 263 CFAE chun Cinneadh C(2020) 7369 final ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2020 (Cás AT.40665 – Toyota Motor Poland) a neamhniú, ag diúltú do ghearán an iarratasóra maidir le sáruithe – líomhainte ar Airteagal 101 CFAE.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc as bheith go follasach gan bunús sa dlí.

2)

Ordaítear do Car-Master 2 sp. z o.o. sp.k. na costais a íoc.


(1)  IO C 72, 1.3.2021.