30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/61 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2022 – Validity v an Coimisiún
(Cás T-640/20) (1)
(Caingean le haghaidh neamhniú - Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Doiciméid a bhaineann le dréacht-ghlao ar thograí arna gcómhaoiniú ag CFRE - Doiciméid de thionscnamh Ballstáit - Diúltú páirteach rochtain a thabhairt - Nochtadh tar éis thaisceadh na caingne - An leas i dtionscnamh imeachtaí a chur ar iarraidh - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais - Iarraidh chun an t-iarratas a mhodhnú - Do-ghlacthacht i bpáirt)
(2023/C 35/75)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Validity Foundation – Mental Disability Advocacy Centre (Búdaipeist, an Ungáir) (ionadaithe: B. Van Vooren agus R. Oyarzabal Arigita, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Herrmann agus A. Spina, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go ndéanfar Cinneadh C(2020) 5540 final ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2020, lenar dhiúltaigh an Coimisiún rochtain a thabhairt dó ar dhoiciméid a bhaineann le dréacht-ghlao ar thograí ó údaráis na hUngáire, agus ar an dara dul síos, Cinneadh C(2021) 2834 final ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2021, lenar thug an Coimisiún rochtain dó ar na doiciméid sin, a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní gá a thuilleadh rialú a dhéanamh ar an iarratas go ndéanfar Cinneadh C(2020) 5540 final ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2020, lenar dhiúltaigh an Coimisiún do Validity Foundation – Mental Disability Advocacy Centre rochtain a fháil ar dhoiciméid a bhaineann le dréacht-ghlao ar thograí ó údaráis na hUngáire, a neamhniú. |
2) |
Diúltaítear don chuid eile den chaingean toisc é a bheith do-ghlactha. |
3) |
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc. |