20.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/23


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – SJ v An Coimisiún

(Cás T-659/20) (1)

(Treoir 2014/25/AE - Nósanna imeachta soláthair na n-eintiteas a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist - Cinneadh Cur Chun Feidhme maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25 maidir le hiompar paisinéirí iarnróid sa tSualainn - Cearta na cosanta - Ceart éisteachta)

(2023/C 104/37)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: SJ AB (Stócólm, an tSualainn) (ionadaithe: J. Karlsson agus M. Johansson, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: S. Baches Opi, P. Ondrůšek agus G. Wils, Gníomhairí)

Idiragraí mar thaca leis an iarratasóir: Ríocht na Sualainne (ionadaithe: M. Salborn Hodgson, H. Eklinder, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, H. Shev, R. Shahsavan Eriksson agus O. Simonsson, Gníomhairí)

Maidir le:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1193 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2020 maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiompar paisinéirí iarnróid sa tSualainn a chur ar neamhní (IO 2020 L 262, lch. 18), lenar chinn an Coimisiún Eorpach go leanfadh Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis atá ag oibriú sna hearnálacha seirbhísí uisce, fuinnimh, iompair agus poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO 2014 L 94, lch. 243) d’fheidhm a bheith aici maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag eintitis chonarthacha agus atá beartaithe gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar seirbhísí paisinéirí iarnróid a oibrítear ar bhonn tráchtála a chumasú ar chríoch na Sualainne.

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1193 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2020 maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiompar paisinéirí iarnróid sa tSualainn ar neamhní;

2)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais a íoc;

3)

Ordaítear do Ríocht na Sualainne a costais féin a íoc.


(1)   IO C 28, 25.1.2021.