19.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 359/64 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Iúil 2022 — Delifruit v an Coimisiún
(Cás T-629/20) (1)
(Táirgí cosanta plandaí - Substaint ghníomhach clóirpireafos - Uasleibhéil d’iarmhair clóirpireafos i mbananaí nó ar bhananaí a chinneadh - Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 - Eolas eolaíoch agus teicniúil ar fáil - Tosca dlisteanacha eile)
(2022/C 359/76)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Delifruit, SA (Guayaquil, Eacuadór) (ionadaithe: K. Van Maldegem, P. Sellar agus S. Abdel-Qader, Dlíodóirí)
Cosantóir: (An Coimisiún Eorpach, (ionadaithe: F. Castilla Contreras, A. Dawes agus M. ter Haar, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, Delifruit, SA, go ndéanfar Rialachán (AE) 2020/1085 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2020 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le huasleibhéil d’iarmhair clóirpireafos agus clóirpireafos-meitile i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (IO 2020 L 239, lch. 7, Ceartúchán IO 2020 L 245, lch. 31) (“an Rialachán a chonspóidtear”) a neamhniú go páirteach, a mhéid a shocraítear uasleibhéal na n-iarmhar (“MRL”) le haghaidh clóirpireafos i mbananaí nó ar bhananaí ag 0.01 mg/kg.
An chuid oibríochtúil
1) |
Déantar an chaingean a dhíbhe. |
2) |
Ordaítear do Delifruit, SA na costais a íoc. |