19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/63


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Iúil 2022 – VeriGraft v Eismea

(Cás T-457/20) (1)

(Clásal eadrána - Fís 2020: an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) - Comhaontú deontais “Personalised Tissue-Engineered Veins as a first Cure for Patients with Chronic Venous Insufficiency – P-TEV” - costais fochonraitheoireachta gan choinne - Nós imeachta formheasta simplithe - Luadh fochonraitheoireacht sna tuarascálacha teicniúla tréimhsiúla - Tuarascálacha teicniúla tréimhsiúla formheasta - Costais incháilithe)

(2022/C 359/75)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: VeriGraft AB (Gothenburg, an tSualainn) (ionadaithe: P. Hansson agus M. Persson, Dlíodóirí)

Cosantóir: Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (ionadaithe: A. Galea, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó D. Waelbroeck agus A. Duron, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, VeriGraft AB, dearbhú: (i) gurb ionann na costais fochonraitheoireachta a dhiúltaigh an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (EASME) agus costais incháilithe faoin gComhaontú Deontais a bhaineann leis an tionscadal “Personalised Tissue-Engineered Veins as the first Cure for Patients with Chronic Venous Insufficiency – P-TEV” le tagairt 778620; (ii) go bhfuil nóta dochair Uimh. 3242004635 arna eisiúint ag EASME de mhéid EUR 106 928,74 gan bhunús; agus (iii) nach bhfuil aon bhunús leis freisin an tsuim EUR 109 230,19 a ghnóthú ón gciste ráthaíochta arna bhunú leis an gComhaontú Deontais.

An chuid oibríochtúil

1.

Seastar leis an iarraidh ó VeriGraft AB chun dearbhaithe gurb ionann na costais fochonraitheoireachta a dhiúltaigh an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide ina suim EUR 258 588,80 agus costais incháilithe faoin gComhaontú Deontais “Personalised Tissue-Engineered Veins as the first Cure for Patients with Chronic Venous Insufficiency – P-TEV”, le tagairt 778620.

2.

Seastar leis an iarraidh ó VeriGraft chun dearbhaithe go bhfuil nóta dochair Uimh. 3242004635, arna eisiúint ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide ina suim EUR 106 928,74, gan bhunús.

3.

Seastar leis an iarraidh VeriGraft chun dearbhaithe nach bhfuil bunús le gnóthú shuim EUR 109 230,19 ón gciste ráthaíochta a bunaíodh leis an gComhaontú Deontais “Personalised Tissue-Engineered Veins as the first Cure for Patients with Chronic Venous Insufficiency – P-TEV”, le tagairt 778620.

4.

Ordaítear do Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (Eismea) na costais a íoc.


(1)  IO C 297, 07.09.2020.