|
1.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 294/22 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Krasnyj Octyabr v EUIPO – Pokój (Pokój TRADYCJA JAKOŚĆ KRÓWKA SŁODKIE CHWILE Z DZIECIŃSTWA TRADYCYJNA RECEPTURA)
(Cás T-355/20) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Trádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Pokój “TRADYCJA JAKOŚĆ KRÓWKA SŁODKIE CHWILE Z DZIECIŃSTWA TRADYCYJNA RECEPTURA” - Trádmharc fíortha idirnáisiúnta níos luaithe “KOPOBKA KOROVKA” - Foras coibhneasta maidir le diúltú - Easpa riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) agus Airteagal 53(1)(a) de Rialachán (AE) 207/2009 [anois: Airteagail 8(1)(b) agus 60(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001])
(2022/C 294/31)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: PAO Moscow Confectionery Factory “Krasnyj Octyabr” (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: M. Geitz agus J. Stock, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Söder agus V. Ruzek, i gcáil Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Spółdzielnia “Pokój” (Bielsko-Biała, an Pholainn) (ionadaithe: E. Pijewska agus M. Mazurek, Dlíodóirí)
Maidir le:
Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 2 Aibreán 2020 (Cás R 1974/2019-1) a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do PAO Moscow Confectionery Factory “Krasnyj Octyabr” na costais a íoc. |