|
3.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 235/24 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Bealtaine 2023 – Stadtwerke Leipzig v an Coimisiún
(Cás T-313/20) (1)
(Iomaíocht - Comhchruinnithe - Margadh leictreachais na Gearmáine - Cinneadh lena ndearbhaítear comhchruinniú a dhéanamh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach - Caingean le haghaidh neamhniú - Locus standi - Inghlacthacht - Oibleagáid cúiseanna a lua - An coincheap ‘Comhchruinniú aonair’ - An ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil - An ceart éisteacht a fháil - Sainmhíniú ar an margadh - Tréimhse anailíse - Anailís ar chumhacht an mhargaidh - Tionchar cinntitheach - Earráidí follasacha measúnaithe - Dualgas cúraim)
(2023/C 235/30)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Stadtwerke Leipzig GmbH (Leipzig, an Ghearmáin) (ionadaithe: I. Zenke agus T. Heymann, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Meessen agus I. Zaloguin, Gníomhairí, le cúnamh ó T. Funke agus A. Dlouhy, Dlíodóirí)
Idiragraithe mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller agus S. Costanzo, Gníomhairí), E.ON SE (Essen, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Grave, C. Barth agus D.-J. dos Santos Goncalves, Dlíodóirí), RWE AG (Essen) (ionadaithe: U. Scholz, J. Siegmund agus J. Ziebarth, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh C(2019) 1711 final ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2019 lena ndearbhaítear go bhfuil comhchruinniú comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE (Cás M.8871 – RWE/E.ON Assets) (IO 2020 C 111, lch. 1), a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do Stadtwerke Leipzig GmbH, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach E.ON SE agus RWE AG a íoc. |
|
3. |
Ordaítear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine a costais féin a íoc. |