19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/62


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Iúil 2022 — JC v EUCAP Somalia

(Cás T-194/20) (1)

(Clásal eadrána - Foireann idirnáisiúnta EUCAP Somalia ar conradh - Misean a bhaineann le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Neamh-athnuachan ar chonradh fostaíochta tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach - An ceart éisteacht a fháil - Cóir chomhionann - Neamh-idirdhealú ar fhorais náisiúntachta - An idirthréimhse dá bhforáiltear sa chomhaontú maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach - Caingean le haghaidh neamhniú - Caingean chun cúiteamh a ghnóthú - Gníomhartha doscartha ón gconradh - Neamh-inghlacthacht)

(2022/C 359/74)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: JF (ionadaí: A. Kunst, Dlíodóir)

Cosantóir: EUCAP Somalia (ionadaí: E. Raoult, Dlíodóir)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go ndéanfar nóta EUCAP Somalia an 18 Eanáir 2020 agus litir an 29 Eanáir 2020 inar chinn sé gan a chonradh fostaíochta a athnuachan a neamhniú, agus, ar an dara dul síos, de bhun Airteagal 268 CFAE, ar chúiteamh as an damáiste a bhain dó mar thoradh ar na gníomhartha sin, agus, mar mhalairt air sin, ar bhonn Airteagal 272 CFAE, go ndearbhófar na gníomhartha atá faoi chonspóid a bheith neamhdhleathach agus cúiteamh as an damáiste a bhain dó mar thoradh ar na gníomhartha sin.

An chuid oibríochtúil

1)

Déantar an chaingean a dhíbhe.

2)

Ordaítear do JF na costais a íoc.


(1)  IO C 201, 15.6.2020.