20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/33


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – PT Pelita Agung Agrindustri agus PT Permata Hijau Palm Oleo v an Coimisiún

(Cás T-143/20) (1)

(Fóirdheontais - Allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2092 - Dleacht frithchúitimh chinntitheach - Airteagal 8(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2016/1037 - Sladghearradh praghsanna - Brú praghsanna - Airteagal 8(5) de Rialachán 2016/1037 - Nasc cúisíoch - Airteagal 3(1)(a)(iv) agus (2) de Rialachán 2016/1037 - Gníomh arb ionann é agus “dul ar iontaoibh” comhlachta phríobháidigh chun feidhm ar ranníocaíocht airgeadais í a chur i gcrích nó arb ionann é agus “ordú” dó é sin a dhéanamh - Luach saothair nach bhfuil leordhóthanach - Tacaíocht ioncaim nó praghsanna - Airteagal 3(2) agus 6(d), de Rialachán 2016/1037 - Sochar - Airteagal 3(1)(a)(i) agus (2) de Rialachán 2016/1037 - Aistriú díreach cistí - Airteagal 7 de Rialachán 2016/1037 - Méid an tsochair a ríomh - Airteagal 8(1) agus (8) de Rialachán 2016/1037 - Bagairt díobhála ábhartha - Cearta na cosanta)

(2023/C 63/40)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: PT Pelita Agung Agrindustri (Medan, an Indinéis), PT Permata Hijau Palm Oleo (Medan) (ionadaithe: F. Graafsma, J. Cornelis agus E. Rogiest, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Kienapfel, G. Luengo agus P. Němečková, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: European Biodiesel Board (EBB) (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: M-S. Dibling agus L. Amiel, Dlíodóirí)

Maidir le

Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go ndéanfaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2092 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise (IO 2019 L 317, lch. 42) a neamhniú, a mhéid a bhaineann an Rialachán sin leo.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do PT Pelita Agung Agrindustri agus PT Permata Hijau Palm Oleo na costais a íoc.


(1)  IO C 129, 20.4.2020.