22.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179/27 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Márta 2023 – Satabank v BCE
(Cás T-72/20) (1)
(Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa - Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 - Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 - Eintiteas faoi mhaoirseacht - Nós imeachta riaracháin ilchodach - Diúltú rochtana ar an gcomhad - Cinneadh 2004/258/CE - Rochtain ar dhoiciméid an BCE)
(2023/C 179/37)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Satabank plc (St Julian’s, Málta) (ionadaí: O. Behrends, Dlíodóir)
Cosantóir: An Banc Ceannais Eorpach (ionadaithe: G. Buono, A. Lefterov agus E. Koupepidou, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) an 26 Samhain 2019 lenar dhiúltaigh sé dá iarratas ar rochtain ar an gcomhad a bhaineann leis a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Déantar an cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) an 26 Samhain 2019 lenar dhiúltaigh sé d’iarratas Satabank plc ar rochtain ar an gcomhad a bhaineann leis a chur ar neamhní; |
2. |
Ordaítear do BCE na costais a íoc. |