BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

1 Lúnasa 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú — Comhbheartas maidir le tearmann — Critéir agus sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta — Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (Baile Átha Cliath III) — Iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh ag mionaoiseach sa Bhallstát inar rugadh é — Tuismitheoirí an mhionaoisigh sin ar deonaíodh stádas dídeanaí dóibh i mBallstát eile roimhe sin — Airteagal 3(2) — Airteagal 9 — Airteagal 20(3) — Treoir 2013/32/AE — Airteagal 33(2)(a) — Inghlacthacht an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus freagracht as scrúdú a dhéanamh air)

I gCás C-720/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Verwaltungsgericht Cottbus (Cúirt riaracháin Cottbus, an Ghearmáin), trí bhreith an 14 Nollaig 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 24 Nollaig 2020, sna himeachtaí idir

RO, a bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil aici,

agus

Bundesrepublik Deutschland,

tugann AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS (an Mór-Dhlísheomra),

comhdhéanta de K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, S. Rodin, I. Ziemele agus J. Passer (Rapóirtéir), Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, M. Safjan, D. Gratsias, M.L. Arastey Sahún, M. Gavalec, Z. Csehi agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 14 Nollaig 2021,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

RO, dá ndéanann V. Gerloff, Rechtsanwalt, ionadaíocht dhlíthiúil,

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus R. Kanitz, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Beilge, ag M. Jacobs, M. Van Regemorter, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó W. Ferrante, avvocato dello Stato,

Rialtas na hÍsiltíre, ag M.K. Bulterman, A. Hanje, J. Langer, agus M.A.M. de Ree, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

an Coimisiún Eorpach, ag C. Cattabriga, L. Grønfeldt agus C. Ladenburger, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 24 Márta 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013, lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO 2013 L 180, lch. 31; “Rialachán Bhaile Átha Cliath III”), agus, go háirithe, Airteagal 20(3) de, chomh maith le léirmhíniú Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013, maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60; “Treoir maidir le nósanna imeachta”) agus, go háirithe, Airteagal 33(2)(a) de.

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir RO, mionaoiseach, a bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil aici, agus Bundesrepublik Deutschland (Poblacht Chónaidhme na Gearmáine), maidir le diúltú, mar neamh-inghlactha, d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an mhionaoisigh sin, a rugadh sa Bhallstát sin agus a bhfuair a tuismitheoirí agus a cúigear siblíní cosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile sular rugadh í.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 343/2003

3

Foráiltear le hAirteagal 16(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann a taisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír (IO 2003 L 50 lch. 1) an méid seo a leanas:

“Ceanglaítear ar an mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann faoin Rialachán seo [...] an t-iarrthóir tearmainn a bhfuil a iarratas á scrúdú agus atá, gan chead, ar chríoch Ballstáit eile a ghabháil faoina chúram, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 20.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Rinneadh Rialachán Uimh. 343/2003 a aisghairm agus cuireadh Rialachán Bhaile Átha Cliath III ina ionad.

Rialachán Bhaile Átha Cliath III

5

Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 4, 5 agus 14 de Bhaile Átha Cliath III:

“(4)

Luadh i gconclúidí Tampere […] gur cheart modh soiléir agus inoibrithe a bheith ar áireamh i [gComhchóras Eorpach Tearmainn (CEAS)], sa ghearrthéarma, chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann.

(5)

Ba cheart go mbeadh modh den sórt sin bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil agus cothrom, do na Ballstáit agus do na daoine lena mbaineann araon. Ba cheart, go háirithe, go bhféadfaí dá thairbhe a chinneadh go tapa cé acu Ballstát atá freagrach, d’fhonn rochtain éifeachtach ar na nósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus chun nach ndéanfar dochar don chuspóir iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil go tapa.

[...]

(14)

I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, [a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950], agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba cheart do Bhallstáit tús áite a thabhairt d’urramú shaol an teaghlaigh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu.”

6

Bunaítear le Rialachán Bhaile Átha Cliath III, de réir Airteagal 1 de, “na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát.”

7

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 2 den Rialachán sin, dar teideal “Sainmhínithe”:

“Chun críocha an Rialacháin seo:

[...]

c)

ciallaíonn ‘ iarratasóir ’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta aige, nach bhfuil cinneadh críochnaitheach déanta ina leith fós;

[...]

f)

ciallaíonn ‘ tairbhí cosanta idirnáisiúnta ’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát dár deonaíodh cosaint idirnáisiúnta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(a) de Threoir [2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011, maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach, agus inneachar na cosanta a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9)] í;

g)

ciallaíonn ‘ baill teaghlaigh ’, sa mhéid gurb ann cheana don teaghlach sa tír thionscnaimh, na baill seo a leanas de theaghlach an iarratasóra atá i láthair ar chríoch na mBallstát:

[...]

i gcás gur mionaoiseach an t-iarratasóir agus nach bhfuil sé nó sí pósta, athair, máthair nó duine fásta eile atá freagrach as an iarratasóir, de réir dhlí nó de réir chleachtas an Bhallstáit ina bhfuil an duine fásta,

[...]”

8

I gCaibidil II den Rialachán sin, dar teideal “Prionsabail ghinearálta agus coimircí”, tá, inter alia, Airteagal 3, dar teideal “Rochtain ar an nós imeachta chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú”, lena bhforáiltear, i mír 1 agus sa chéad fhomhír de mhír 2, an méid seo a leanas:

“1.   Déanfaidh na Ballstáit scrúdú ar aon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaiscfidh náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a chuirfidh iarratas isteach ar chríoch aon Bhallstát acu [...]. Déanfaidh Ballstát amháin scrúdú ar an iarratas, ar Ballstát é a thabharfar le fios sna critéir a leagtar amach i gCaibidil III go mbeidh sé freagrach.

2.   I gcás nach féidir Ballstát atá freagrach a ainmniú ar bhonn na gcritéar a liostaítear sa Rialachán seo, beidh an chéad Bhallstát ar taisceadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta leis freagrach as scrúdú a dhéanamh air.

[...]”

9

I gCaibidil III de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, dar teideal “Critéir chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach”, tá, inter alia, Airteagal 7, Airteagal 9 agus Airteagal 10 den Rialachán sin.

10

Foráiltear i mír 1 d’Airteagal 7 den Rialachán sin, dar teideal “Ordlathas na gcritéar” mar a leanas:

“Cuirfear na critéir chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach i bhfeidhm san ord ina leagtar síos sa Chaibidil seo iad.”

11

Foráiltear le hAirteagal 9 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, dar teideal “Baill teaghlaigh ar daoine iad a bhaineann tairbhe as cosaint idirnáisiúnta”, an méid seo a leanas:

“I gcás ina mbeidh ball teaghlaigh, is cuma ar bunaíodh nó nár bunaíodh an teaghlach cheana sa tír thionscnaimh ag an iarratasóir, ar tugadh cead dó nó di cónaí mar dhuine dár deonaíodh cosaint idirnáisiúnta i mBallstát, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chuir na daoine lena mbaineann a mian in iúl i scríbhinn.”

12

Foráiltear le hAirteagal 10 den Rialachán, dar teideal “Baill teaghlaigh is iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta”, an méid seo a leanas:

“Má tá ball teaghlaigh i mBallstát ag an iarratasóir nach raibh a iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát sin fós faoi réir céad chinnidh a rinneadh maidir leis an tsubstaint, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chuir na daoine lena mbaineann a mian in iúl i scríbhinn.”

13

I gCaibidil IV den Rialachán sin, dar teideal “Cleithiúnaithe agus clásail lánroghnacha”, tá, inter alia, Airteagal 17, dar teideal “Clásail lánroghnacha”, lena bhforáiltear i mír 2 de:

“Féadfaidh an Ballstát ina dtaiscfear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus a bheidh i mbun an phróisis chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, nó féadfaidh an Ballstát atá freagrach, tráth ar bith sula ndéanfar an chéad chinneadh maidir le substaint, iarraidh ar Bhallstát eile iarratasóir a ghabháil ar láimh chun aon bhaill teaghlaigh a thabhairt le chéile, ar chúiseanna daonchairdiúla bunaithe go háirithe ar chúinsí a bhaineann le cursaí teaghlaigh nó ar chúinsí cultúrtha, fiú i gcás nach bhfuil an Ballstát eile sin freagrach faoi na critéir a leagtar síos in Airteagal 8 go hAirteagal 11 agus Airteagal 16. Caithfidh na daoine lena mbaineann a chur i scríbhinn go n-aontaíonn siad leis sin.

[...]”

14

I gCaibidil VI den Rialachán céanna, dar teideal “Nósanna imeachta um ghabháil ar láimh agus um ghabháil ar ais”, tá Airteagal 20 i Roinn I de, dar teideal “Tús a chur leis an nós imeachta”, a bhfuil teideal an Airteagail sin comhionann le teideal na Roinne sin, agus lena bhforáiltear:

“1.   Cuirfear tús leis an bpróiseas chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach a luaithe a thaiscfear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta le Ballstát.

2.   Measfar go bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta taiscthe a luaithe a gheobhaidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann foirm a rinne an t-iarratasóir a thíolacadh nó tuarascáil a rinne na húdaráis a chur i dtoll a chéile. I gcás nach ndéanfar iarratas i scríbhinn, ba cheart go mbeadh an tréimhse idir rún a chur in iúl agus ullmhú tuarascála chomh gearr agus is féidir.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, ní fhéadfar idirdhealú a dhéanamh idir cás mionaoisigh a bheidh i dtionlacan an iarratasóra agus a chomhlíonfaidh an sainmhíniú ar bhall teaghlaigh, agus cás an iarratasóra sin agus beidh sé faoin mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an bhaill teaghlaigh sin déileáil le cás an mhionaoisigh, fiú murar iarratasóir an mionaoiseach é féin, ar choinníoll gurb é seo leas an mhionaoisigh. Caitear mar an gcéanna le leanaí a rugadh tar éis don iarratasóir iontráil i gcríoch na mBallstát, gan gá le nós imeachta nua a thionscnamh iad a ghabháil ar láimh.

[...]”

15

I Roinn II de Chaibidil VI, dar teideal “Nósanna imeachta maidir le hiarrataí ar ghabháil ar láimh”, tá, inter alia, Airteagal 21, dar teideal “Iarraidh ar ghabháil ar láimh a thíolacadh”, lena bhforáiltear, sa chéad fhomhír de mhír 1:

“I gcás ina measfaidh Ballstát lenar taisceadh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta go bhfuil Ballstát eile freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas, féadfaidh sé, a thapúla is féidir agus ar aon nós laistigh de thrí mhí ón dáta a taisceadh an t-iarratas de réir bhrí Airteagal 20(2), iarraidh ar an mBallstát eile sin an t-iarratasóir a ghabháil ar láimh.”

An Treoir maidir le Nósanna Imeachta

16

De réir aithris 43 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta:

“Ba chóir do na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar fhiúntas

gach iarratais, is é sin le rá, a mheas an bhfuil an t-iarratasóir lena mbaineann incháilithe le haghaidh cosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le [Treoir 2011/95], mura luaitear a mhalairt sa Treoir seo, go háirithe i gcás inar féidir glacadh leis go réasúnach go ndéanfadh tír eile an scrúdú sin nó go mbronnfadh sí cosaint leordhóthanach. Go háirithe, níor chóir go mbeadh sé de chúram ar na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar fhiúntas an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta i gcás ina bhfuil stádas dídeanaí nó cosaint leordhóthanach ar bhealach eile bronnta ar an iarratasóir ag an gceád tír thearmainn agus go n-athligfear an t-iarratasóir isteach sa tír sin.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

17

Foráiltear in Airteagal 33 den Treoir sin, dar teideal “Iarratais Dho-ghlactha”, mar a leanas:

“1.   Seachas na cásanna nach ndéantar iarratas a scrúdú de bhun Rialachán [Baile Átha Cliath III], níl sé de cheangal ar na Ballstáit a scrúdú an incháilithe mar thairbhí cosanta idirnáisiúnta é an t-iarratasóir de bhun [Threoir 2011/95], i gcás ina meastar gur iarratas do-ghlactha atá ann de réir an Airteagail seo.

2.   Ní fhéadfaidh na Ballstáit a mheas go bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta do-ghlactha ach amháin i gcás:

a)

inar bhronn Ballstát eile cosaint idirnáisiúnta;

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Gearmáine

18

Foráiltear le hAirteagal 29(1)(1a) den Asylgesetz (Dlí maidir le tearmann) an 26 Meitheamh 1992 (BGBl. 1992 I, lch. 1126), sa leagan a foilsíodh an 2 Meán Fómhair 2008 (BGBl. 2008 I, lch. 1798), dar teideal “Iarratais Dho-ghlactha”, mar seo a leanas:

“(1)   Tá iarratas ar thearmann do-ghlactha más rud é:

1)

go bhfuil Stát eile

a) i gcomhréir le [Rialachán Bhaile Átha Cliath III], [...]

freagrach as an nós imeachta tearmainn,

[...]”

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

19

An 19 Márta 2012, bronnadh stádas dídeanaí sa Pholainn ar thuismitheoirí agus ar chúigear siblíní an iarratasóra sna príomhimeachtaí, ar náisiúnaigh de Chónaidhm na Rúise iad.

20

I mí na Nollag 2012, d’fhág siad críoch an Bhallstáit sin chun an Ghearmáin a bhaint amach, áit ar thaisc siad iarratais ar chosaint idirnáisiúnta.

21

An 25 Aibreán 2013, d’iarr Poblacht Chónaidhme na Gearmáine ar Phoblacht na Polainne na daoine sin a ghabháil faoina cúram ar bhonn Airteagal 16(1)(c) de Rialachán Uimh. 343/2003.

22

An 3 Bealtaine 2013, dhiúltaigh Poblacht na Polainne cloí leis an iarratas sin, ar an bhforas go raibh na daoine sin cheana féin ina dtairbhithe de chosaint idirnáisiúnta ar a críoch.

23

Le cinneadh an 2 Deireadh Fómhair 2013, dhiúltaigh Poblacht Chónaidhme na Gearmáine iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó na daoine céanna toisc iad a bheith do-ghlactha, mar gheall ar an stádas dídeanaí a bhí acu cheana féin sa Pholainn, agus d’ordaigh sí dóibh críoch na Gearmáine a fhágáil, faoi phionós na díbeartha.

24

An 7 Samhain 2014, cuireadh an cinneadh sin ar neamhní maidir leis an ordú críoch na Gearmáine a fhágáil faoi phionós na díbeartha amháin.

25

An 7 Márta 2018, rinne an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí, a rugadh sa Ghearmáin an 21 Nollaig 2015 agus ar náisiúnach de Chónaidhm na Rúise í amhail a tuismitheoirí agus a cúigear siblíní, iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh le húdaráis na Gearmáine.

26

Trí dhá chinneadh a ghlac an Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (Oifig Chónaidhme um Imirce agus Dídeanaithe, an Ghearmáin) an 14 Feabhra 2019 agus an 19 Márta 2019 faoi seach, ordaíodh do thuismitheoirí agus siblíní an iarratasóra críoch na Gearmáine a fhágáil faoi phionós na díbeartha, mar gheall ar an gcosaint idirnáisiúnta a bhí acu cheana féin sa Pholainn. Tá an t-achomharc i gcoinne na gcinntí sin fós ar feitheamh.

27

Le cinneadh an 20 Márta 2019, dhiúltaigh an Oifig Chónaidhme um Imirce agus Dídeanaithe don iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisc an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí toisc é a bheith do-ghlactha, ar bhonn Airteagal 29(1)(1a) den Dlí maidir le tearmann, arna léamh in éineacht leis an dara habairt d’Airteagal 20(3) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III.

28

Thug an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí achomharc in aghaidh an chinnidh diúltaithe sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur. De réir na cúirte sin, níor tionscnaíodh aon nós imeachta lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach, i gcomhréir le Rialachán Bhaile Átha Cliath III, maidir leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisc an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí. Sna himthosca sin, iarrann an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil Poblacht Chónaidhme na Gearmáine freagrach, faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath III, as scrúdú a dhéanamh ar iarratas an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta agus, má tá, an bhfuil an Ballstát sin i dteideal mar sin féin diúltú don iarratas toisc é a bheith do-ghlactha.

29

Ba sna himthosca sin a chinn an Verwaltungsgericht Cottbus (Cúirt riaracháin Cottbus, an Ghearmáin) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“1)

Ag féachaint do chuspóir dhlí an Aontais maidir le gluaiseachtaí tánaisteacha a sheachaint, agus freisin do phrionsabal ginearálta aontachta an teaghlaigh a chuirtear in iúl i Rialachán Bhaile Átha Cliath III, an gcaithfear Airteagal 20(3) den Rialachán sin a chur i bhfeidhm de réir analaí i gcás ina ndéanann leanbh mionaoiseach agus a tuismitheoirí iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát céanna ach go bhfuil cosaint idirnáisiúnta ag na tuismitheoirí cheana féin i mBallstát eile fad a rugadh an leanbh sa Bhallstát inar thaisc sí a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta?

2)

I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist, an gá gan scrúdú a dhéanamh ar iarratas an linbh mhionaoisigh ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Rialachán Bhaile Átha Cliath III agus cinneadh maidir le haistriú a dhéanamh faoi Airteagal 26 den Rialachán sin, ar an bhforas, mar shampla, go bhfuil an Ballstát ina ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta dá tuismitheoirí freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an linbh mhionaoisigh?

3)

I gcás freagra dearfach ar an dara ceist, an gceanglaítear le hAirteagal 20(3) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III cur i bhfeidhm de réir analaí a dhéanamh, os rud é, i gcomhréir leis an dara habairt, nach bhfuil gá le nós imeachta maidir le gabháil ar láimh nua a thionscnamh do leanbh a rugadh ina dhiaidh sin, cé go bhféadfadh sé nach mbeadh an Ballstát óstach ar an eolas ansin gur gá aire a thabhairt don leanbh mionaoiseach nó go bhféadfadh sé, i gcomhréir lena chleachtas riaracháin, iarratas a dhiúltú de réir analaí ar Airteagal 20(3) den Rialachán sin, rud a chuirfeadh an leanbh mionaoiseach i mbaol a bheith ina “dídeanaí faoileála”?

4)

I gcás freagra diúltach ar cheisteanna 2 agus 3, an féidir le leanbh mionaoiseach a thaisc iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát cur i gcoinne cinnidh do-ghlacthachta ar bhonn iarratais de réir analaí ar Airteagal 33(2)(a) den Treoir um Nósanna Imeachta, fiú murab í an leanbh sin í féin, ach a tuismitheoirí, a bhfuil cosaint idirnáisiúnta acu i mBallstát eile?”

Na ceisteanna arna dtarchur i gcomhair réamhrialú

An chéad cheist

30

Iarrann an chúirt a rinne an tarchur, i bhfianaise chuspóir Rialachán Bhaile Átha Cliath III gluaiseachtaí tánaisteacha a chosc agus an ceart bunúsach maidir le meas ar shaol teaghlaigh na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a chaomhnú agus, go háirithe, aontacht an teaghlaigh, an gcaithfear Airteagal 20(3) den Rialachán sin a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil feidhm aige de réir analaí maidir leis an gcás ina dtaisceann mionaoiseach agus a tuismitheoirí iarratais ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát inar rugadh an mionaoiseach sin, fiú má tá cosaint idirnáisiúnta ag a tuismitheoirí cheana féin i mBallstát eile.

31

Chun críocha an Rialacháin sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhforáiltear le hAirteagal 20 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III dar teidil “Tús a chur leis an nós imeachta” atá i gCaibidil VI den Rialachán sin dar teidil “Nósanna imeachta um ghabháil ar láimh agus um ghabháil ar ais” faoi mhír 3, nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir cás mionaoisigh a bheidh i dtionlacan an iarratasóra agus a chomhlíonfaidh an sainmhíniú ar bhall teaghlaigh, agus cás an iarratasóra sin agus beidh sé faoin mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an bhaill teaghlaigh sin déileáil le cás an mhionaoisigh, fiú murar iarratasóir an mionaoiseach é féin, ar choinníoll gurb é seo leas an mhionaoisigh. De réir an dara habairt d’Airteagal 20(3), caitear mar an gcéanna le leanaí a rugadh tar éis don iarratasóir iontráil i gcríoch na mBallstát, gan gá le nós imeachta nua a thionscnamh iad a ghabháil ar láimh.

32

Leanann sé ó théarmaí soiléire Airteagal 20(3) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III go bhfuil stádas “iarratasóir” fós ag baill teaghlaigh an mhionaoisigh de réir bhrí Airteagal 2(c) den Rialachán sin, agus, dá bhrí sin, nach rialaíonn sé staid an mhionaoisigh a rugadh tar éis cosaint idirnáisiúnta a bheith deonaithe do na baill teaghlaigh sin i mBallstát seachas an Ballstát inar rugadh an mionaoiseach agus ina bhfuil cónaí air lena theaghlach.

33

Ina theannta sin, murab ionann agus an méid a d’áitigh Rialtas na Gearmáine, ní bhaineann sé le hábhar maidir leis sin cibé ar thaisc na baill teaghlaigh sin iarratas nua ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát deiridh sin agus cibé ar dhiúltaigh an Ballstát sin d’iarratais den sórt sin mar gheall ar iad a bheith do-ghlactha sular rugadh an mionaoiseach lena mbaineann nó ina dhiaidh sin. Ní mór a mheabhrú nach féidir le Ballstát a iarraidh go bailí ar Bhallstát eile, i gcomhthéacs na nósanna imeachta a leagtar síos leis an Rialachán sin, náisiúnach tríú tír a thaisc iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa chéad cheann de na Ballstáit sin a ghabháil ar láimh nó a ghabháil ar ais tar éis cosaint idirnáisiúnta a bheith faighte acu sa dara Ballstát (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Márta 2019, Ibrahim agus páirtithe eile, C-297/17, C-318/17, C-319/17 agus C-438/17EU:C:2019:219, mír 78).

34

Maidir leis an gceist an bhféadtar Airteagal 20(3) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III a chur i bhfeidhm de réir analaí ar chás den chineál sin atá i gceist sna príomhimeachtaí, ba chóir a thabhairt faoi deara, de réir mar a thug an tAbhcóide Ginearálta ar aird i bpointe 28 dá Thuairim, nach bhfuil cás mionaoisigh a bhfuil a theaghlach ina n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus cás mionaoisigh a bhfuil a theaghlach ina dtairbhithe de chosaint den sórt sin cheana féin inchomparáide i gcomhthéacs na scéime a bunaíodh le Rialachán Bhaile Átha Cliath III, na coincheapa “iarratasóir” agus “tairbhí cosanta idirnáisiúnta”, a shainmhínítear faoi seach i bpointe c) agus pointe f) d'Airteagal 2 den Rialachán sin, lena gcumhdaítear go deimhin stádais dhlíthiúla ar leith arna rialú ag forálacha éagsúla den Rialachán sin.

35

I ndáil leis sin, de réir mar a tugadh ar aird sa phointe céanna i dTuairim an Abhcóide Ghinearálta, rinne reachtas an Aontais idirdhealú, inter alia, idir cás mionaoisigh a bhfuil a bhaill teaghlaigh ina dtairbhithe de chosaint idirnáisiúnta cheana féin i mBallstát, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, agus cás mionaoisigh ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a bhaill teaghlaigh, dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 20(3) den Rialachán sin.

36

Sa chéad cheann de na cásanna sin, arb é an ceann atá i gceist sna príomhimeachtaí, dá ndéanfaí Airteagal 20(3) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III a chur i bhfeidhm de réir analaí ar an mionaoiseach lena mbaineann, bhainfí cur i bhfeidhm na sásraí dá bhforáiltear leis an Rialachán sin ón mionaoiseach lena mbaineann agus ón mBallstát a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta do bhaill teaghlaigh an mhionaoisigh sin araon.

37

Go háirithe, dá gcuirfí an dara habairt d’Airteagal 20(3) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III i bhfeidhm de réir analaí ar mhionaoiseach den sórt sin, bheadh sé mar thoradh air sin go bhféadfadh an mionaoiseach a bheith faoi réir cinneadh aistrithe gan nós imeachta maidir le gabháil ar láimh a thionscnamh don mhionaoiseach sin. Maidir leis an díolúine ó thús a chur le nós imeachta maidir le gabháil ar láimh do mhionaoiseach a rugadh tar éis don iarratasóir críoch na mBallstát a shroicheadh, dá bhforáiltear sa dara habairt d’Airteagal 20(3) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, glactar leis go gcuirfear an mionaoiseach san áireamh sa nós imeachta a tionscnaíodh maidir le baill dá theaghlach agus, dá bhrí sin, go bhfuil an nós imeachta sin ar siúl, nós imeachta nach ndéantar ach i gcás ina bhfuil cosaint idirnáisiúnta faighte cheana féin ag na baill teaghlaigh sin i mBallstát eile.

38

Ina theannta sin, bheadh sé mar thoradh, go háirithe, dá gceadófaí, tríd an dara habairt d’Airteagal 20(3) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III a chur i bhfeidhm de réir analaí, do Bhallstát breithe an mhionaoisigh cinneadh aistrithe a ghlacadh gan aon nós imeachta maidir le gabháil ar láimh a bheith ann go ndéanfaí, go háirithe, dul timpeall ar an teorainn ama leagtar síos sa chéad fhomhír d’Airteagal 21(1) den Rialachán sin agus go mbeidh an Ballstát a thug cosaint idirnáisiúnta do bhaill an teaghlaigh roimh bhreith an mhionaoisigh sin ag tabhairt aghaidh ar chinneadh aistrithe den sórt sin, cé nár cuireadh ar an eolas é ná nach raibh sé in ann a fhreagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an mhionaoisigh sin a admháil.

39

Thairis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil rialacha sonracha leagtha síos ag reachtas an Aontais i gcás ina bhfuil deireadh tagtha leis an nós imeachta a tionscnaíodh i ndáil le daoine de theaghlach an mhionaoisigh agus, dá bhrí sin, nach iarratasóirí iad na baill teaghlaigh sin a thuilleadh, de réir bhrí Airteagal 2(c) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, ach gur ligeadh isteach chun cónaithe iad mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta i mBallstát. Rialaítear an cás sin go háirithe le hAirteagal 9 den Rialachán sin.

40

De réir Airteagal 9 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, i gcás inar tugadh cead do bhall teaghlaigh an iarratasóra, is cuma ar bunaíodh nó nár bunaíodh an teaghlach cheana sa tír thionscnaimh, cónaí mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta i mBallstát, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chuir na daoine lena mbaineann a mian in iúl i scríbhinn.

41

Mar a chuir páirtithe leasmhara áirithe in iúl le linn na héisteachta, os rud é go bhfuil cur i bhfeidhm an chritéir lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III faoi réir an choinníll shainráite gur chuir na daoine lena mbaineann a mian in iúl i scríbhinn, cuirtear bac ar an gcritéar sin a chur i bhfeidhm in éagmais a leithéid de mhian a chur in iúl. D’fhéadfadh an cás sin teacht chun cinn go háirithe i gcás ina ndéantar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an mhionaoisigh lena mbaineann tar éis ghluaiseacht thánaisteach neamhrialta a theaghlaigh ón gcéad Bhallstát chuig an mBallstát ina dtaiscfear an t-iarratas. Mar sin féin, ní bhaineann an imthoisc sin ón bhfíric gur leagadh síos le hAirteagal 9 foráil lena gcumhdaítear cás go sonrach, amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, nach iarratasóirí iad a thuilleadh iad baill teaghlaigh iarratasóra, ach gur tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta iad cheana féin i mBallstát.

42

Thairis sin, i bhfianaise fhoclaíocht shoiléir Airteagal 9 den Rialachán sin, ní féidir maolú a bheith ann ar an gceanglas go gcuirfí mianta na ndaoine lena mbaineann in iúl i scríbhinn, mar a cheanglaítear leis an Airteagal sin. Dá bhrí sin, ní féidir le cosc ar ghluaiseachtaí tánaisteacha, atá ar cheann de na cuspóirí a shaothraítear le Rialachán Bhaile Átha Cliath III mar a thug an Chúirt faoi deara (breithiúnas an 2 Aibreán 2019, H. agus R., C-582/17 agus C-583/17EU:C:2019:280, mír 77), údar maith a thabhairt le léirmhíniú éagsúil ar an Airteagal sin.

43

Is amhlaidh atá maidir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, faoina bhféadfaidh an Ballstát ina ndéantar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, tráth ar bith, sula ndéanfar an chéad chinneadh maidir leis an tsubstaint, a iarraidh ar Bhallstát eile an t-iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta a ghabháil ar láimh chun aon bhaill teaghlaigh a thabhairt le chéile ar chúiseanna daonnúla, ar choinníoll go gcuireann na daoine lena mbaineann a dtoiliú in iúl i scríbhinn.

44

Sna himthosca sin, i gcás nár chuir na daoine lena mbaineann in iúl, i scríbhinn, gur mhian leo gurb é an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta do mhionaoiseach an Ballstát inar tugadh cead do theaghlach an mhionaoisigh cónaí mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, cinnfear an Ballstát atá freagrach de bhun Airteagal 3(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III. Dá bhrí sin, i gcomhréir leis an bhforáil seo, is infheidhme ar bhonn coimhdeacha, i gcás nach féidir Ballstát atá freagrach a ainmniú ar bhonn na gcritéar a liostaítear sa Rialachán sin, beidh an chéad Bhallstát inar taisceadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta freagrach as an iarratas sin a scrúdú.

45

I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór Airteagal 20(3) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III a léirmhíniú sa chaoi nach bhfuil sé infheidhme de réir analaí i gcás ina dtaisceann mionaoiseach agus a thuismitheoirí iarratais ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát inar rugadh an mionaoiseach sin, cé go bhfuil cosaint idirnáisiúnta ag a thuismitheoirí cheana féin i mBallstát eile.

An dara agus an tríú ceist

46

I bhfianaise an fhreagra ar an gcéad cheist, ní gá an dara agus an tríú ceist a scrúdú.

An ceathrú ceist

47

Leis an gceathrú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur an gcaithfear Airteagal 33(2)(a) den Treoir um Nósanna Imeachta a léirmhíniú sa chaoi is go gceadaítear leis, de réir analaí, diúltú d’iarratas mionaoisigh ar chosaint idirnáisiúnta toisc é a bheith do-ghlactha sa chás nach í an mionaoiseach í féin, ach a tuismitheoirí, ar tairbhithe iad de chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile.

48

Chuige sin, ní mór a choinneáil i gcuimhne, de réir Airteagal 33(1) den Treoir um Nósanna Imeachta, nach bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit a scrúdú an gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha riachtanacha atá ann i gcomhair cosaint idirnáisiúnta de bhun Threoir 2011/95 i gcás ina meastar gur iarratas do-ghlactha atá ann faoin Airteagal sin. Maidir leis sin, liostaítear go cuimsitheach i mír 2 den Airteagal sin na cásanna ina bhféadfaidh na Ballstáit a mheas go bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta do-ghlactha [breithiúnais an 19 Márta 2019, Ibrahim agus páirtithe eile, C-297/17, C-318/17, C-319/17 agus C-438/17, EU:C:2019:219, mír 76, agus an 22 Feabhra 2022, Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides (an tAonad Teaghlaigh — Cosaint Bronnta cheana féin), Cás C‑483/20 EU:C:2022:103, mír 23].

49

Tá an cineál uileghabhálach sin bunaithe ar fhoclaíocht na forála deiridh sin, go háirithe ar an bhfocal “amháin” roimh áireamh na bhforas do-ghlacthachta, agus ar a chuspóir arb é atá ann, mar a thug an Chúirt faoi deara cheana féin, an oibleagáid atá ar an mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a laghdú trí na cásanna a leagan amach ina meastar gur iarratas do-ghlactha é iarratas den sórt sin (breithiúnas an 19 Márta 2020, Bevándorlási és Menekültügyi Hivatal (Tompa), C-564/18, EU:C:2020:218, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ina theannta sin, i bhfianaise an chuspóra sin, is maolú é Airteagal 33(2) den Treoir um Nósanna Imeachta, ina iomláine, maidir le hoibleagáid na mBallstát chun scrúdú substaintiúil a dhéanamh ar gach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

50

De bhun Airteagal 33(2)(a) den Treoir um Nósanna Imeachta, féadfaidh na Ballstáit a mheas go bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta do-ghlactha i gcás inar bhronn Ballstát eile cosaint idirnáisiúnta. Baineann an fhéidearthacht sin go háirithe leis an tábhacht a bhaineann le prionsabal na muiníne frithpháirtí i ndlí an Aontais, go háirithe i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais arb é an tAontas Eorpach atá ann, agus ar léiriú í an fhoráil sin i gcomhthéacs an nós imeachta chomhchoitinn tearmainn arna bhunú leis an Treoir sin [féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides (an tAonad Teaghlaigh —Cosaint Bronnta cheana féin), C-483/20, EU:C:2022:103, míreanna 28 agus 29].

51

Mar sin féin, leanann sé ó chineál uileghabhálach an liosta in Airteagal 33(2) den Treoir um Nósanna Imeachta agus ó chineál maolaitheach na bhforas do-ghlacthachta atá sa liosta sin nach mór Airteagal 33(2) (a) den Treoir sin a léirmhíniú go docht agus nach féidir, dá bhrí sin, é a chur i bhfeidhm maidir le cás nach bhfreagraíonn dá fhoclaíocht.

52

Ní féidir, dá bhrí sin, an ratione personae den fhoráil sin a leathnú chuig iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta nach mbaineann tairbhe as cosaint den sórt sin dá dtagraítear san fhoráil sin. Deimhnítear an léirmhíniú sin le haithris 43 den Treoir um Nósanna Imeachta, ina sonraítear, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i bpointe 40 dá Thuairim, raon feidhme an fhorais do-ghlacthachta sin trína shonrú nár chóir go mbeadh sé de chúram ar na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar fhiúntas an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta i gcás ina bhfuil stádas dídeanaí nó cosaint leordhóthanach ar bhealach eile bronnta ‘ar an iarratasóir’ ag an gceád tír thearmainn nó inar thug sí cosaint leordhóthanach dó ar shlí eile.

53

Dá bhrí sin, i gcás, amhail an cás sna príomhimeachtaí, inar mionaoiseach í an t-iarratasóir a bhfuil cosaint idirnáisiúnta ag a baill teaghlaigh i mBallstát eile ach nach bhfuil cosaint den sórt sin aici féin, ní thagann an t-iarratasóir sin faoi raon feidhme na heisceachta dá bhforáiltear in Airteagal 33(2)(a) den Treoir um Nósanna Imeachta. Dá bhrí sin, ní féidir a dhearbhú go bhfuil a héileamh do-ghlactha ar an mbonn sin.

54

Thairis sin, ní féidir an fhoráil sin a chur i bhfeidhm de réir analaí chun údar a thabhairt le cinneadh do-ghlacthachta sa chás sin. Le hiarratas den sórt sin, thabharfaí neamhaird ní hamháin ar chineál uileghabhálach an liosta atá in Airteagal 33(2) den Treoir um Nósanna Imeachta, ach freisin ar an bhfíoras nach bhfuil cás an mhionaoisigh sin inchomparáide le cás iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a bhfuil cosaint den sórt sin aige nó aici cheana féin i mBallstát eile, rud a chuireann bac ar aon analaí.

55

I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an gceathrú ceist nach mór Airteagal 33(2)(a) den Treoir um Nósanna Imeachta a léirmhíniú sa chaoi nach bhfuil sé infheidhme de réir analaí maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh ag mionaoiseach i mBallstát i gcás nach é an mionaoiseach sin é féin, ach a thuismitheoirí, ar tairbhithe iad de chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile.

Costais

56

Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Ní mór Airteagal 20(3) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát,

a léirmhíniú sa chaoi:

nach bhfuil sé infheidhme de réir analaí i gcás ina dtaisceann mionaoiseach agus a thuismitheoirí iarratais ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát inar rugadh an mionaoiseach sin, cé go bhfuil cosaint idirnáisiúnta ag a thuismitheoirí cheana féin i mBallstát eile.

 

2.

Ní mór Airteagal 33(2)(a) de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013, maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar

a léirmhíniú sa chaoi:

nach bhfuil sé infheidhme de réir analaí maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh ag mionaoiseach i mBallstát i gcás nach é an mionaoiseach sin é féin, ach a thuismitheoirí, ar tairbhithe iad de chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.