BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Dara Dlísheomra)
27 Aibreán 2022 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Margadh inmheánach – Airteagal 114(2) CFAE – Eisiamh forálacha fioscacha – Treoir 2000/31/CE – Seirbhísí na sochaí faisnéise – Tráchtáil leictreonach – Ardán réadmhaoine a chur ar cíos ar líne – Airteagal 1(5)(a) – Eisiamh i réimse an chánachais – Sainmhíniú – Reachtaíocht réigiúnach a bhaineann le cáin ar lóistín turasóireachta – Foráil lena gceanglaítear ar idirghabhálaithe sonraí áirithe a sholáthar, i scríbhinn, maidir le hoibriú na mbunaíochtaí sin don údarás cánach d’fhonn daoine atá faoi dhliteanas i leith na cánach sin a aithint – Airteagal 56 CFAE – Gan idirdhealú – Gan srian)
I gCás C-674/20,
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Cour constitutionnelle (an Chúirt Bhunreachtúil, an Bheilg), trí bhreithiúnas an 26 Samhain 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 10 Nollaig 2020, sna himeachtaí idir
Airbnb Ireland UC
v
Région de Bruxelles-Capitale,
tugann AN CHÚIRT (an Dara Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: A. Prechal, Uachtarán Dlísheomra, J. Passer, F. Biltgen, N. Wahl (Rapóirtéir) agus M.L. Arastey Sahún, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
Airbnb Ireland UC, ag D. Van Liedekerke, advocaat, agus ag A. Laes agus M. Van Lierde, avocats, |
|
– |
Région de Bruxelles-Capitale, ag C. Molitor, avocat, |
|
– |
Rialtas na Spáinne, ag L. Aguilera Ruiz, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
Rialtas na Fraince, ag N. Vincent agus T. Stéhelin, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, agus ag R. Guizzi, avvocato dello Stato, |
|
– |
Rialtas na hÍsiltíre, ag M.K. Bulterman agus J. Hoogveld, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na hOstaire, ag J. Schmoll, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag W. Roels, S. Kalėda, P.-J. Loewenthal agus L. Armati, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 1(5)(a) agus Airteagal 15(2) de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘Treoir um thráchtáil leictreonach’) (IO 2000 L 178, lch. 1), ar Airteagail 1 go 3 de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO 2006 L 376, lch. 36) agus Airteagal 56 CFAE. |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh in imeachtaí arna dtionscnamh ag Airbnb Ireland UC chun Airteagal 12 d’ordú Région de Bruxelles-Capitale (Réigiún Phríomh-Chathair na Bruiséile, an Bheilg) an 23 Nollaig 2016 maidir leis an gcáin réigiúnach ar bhunaíochtaí cóiríochta turasóireachta, a chur ar neamhní. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
Treoir 2000/31,
|
3 |
Faoi aithris 12 de Threoir 2000/31: ‘Is gá gníomhaíochtaí áirithe a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo, ar an bhforas nach féidir, ag an bpointe seo, an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar sna réimsí sin a ráthú faoin gConradh nó faoin reachtaíocht thánaisteach atá ann cheana; trí na gníomhaíochtaí sin a eisiamh, ní chuirtear cosc ar aon ionstraimí a d’fhéadfadh a bheith riachtanach d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh; ní mór cánachas, go háirithe cáin bhreisluacha a fhorchuirtear ar líon mór de na seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo, a eisiamh [ó] raon feidhme na Treorach seo.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
4 |
Is mar seo a leanas atá an fhoclaíócht in aithris 13 den Treoir sin: ‘Níl sé d’aidhm ag an Treoir seo rialacha a bhunú maidir le hoibleagáidí fioscacha ná ní thagann sé roimh tarraingt suas ionstraimí Comhphobail a bhaineann le gnéithe fioscacha den tráchtáil leictreonach.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
5 |
Sonraítear an méid seo a leanas in aithris 21 den Treoir sin: ‘Tá raon feidhme an réimse chomhordaithe gan dochar do chomhchuibhiú Comhphobail amach anseo maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise agus do reachtaíocht a ghlacfar ar an leibhéal náisiúnta amach anseo i gcomhréir le dlí an Chomhphobail; ní chumhdaítear leis an réimse comhordaithe ach ceanglais a bhaineann le gníomhaíochtaí ar líne, amhail faisnéis ar líne, fógraíocht ar líne, siopadóireacht ar líne, conraitheoireacht ar líne […]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
6 |
Foráiltear le hAirteagal 1 de Threoir 2000/31, dar teideal ‘Cuspóir agus raon feidhme’: ‘1. Féachtar leis an Treoir seo le rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí shaorghluaiseacht sheirbhísí na sochaí faisnéise a áirithiú idir na Ballstáit. 2. Comhfhogasaítear leis an Treoir seo, a mhéid is gá chun an cuspóir atá leagtha amach i mír 1 a bhaint amach, forálacha náisiúnta áirithe maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise a bhaineann leis an margadh inmheánach, bunú na soláthraithe seirbhísí, cumarsáid tráchtála, conarthaí leictreonacha, dliteanas na n-idirghabhálaithe, cóid iompair, socraíochtaí díospóide lasmuigh den chúirt, caingne cúirte agus comhar idir na Ballstáit. […] 5. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le:
[…]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
7 |
Foráiltear le hAirteagal 3(2) den Treoir sin: ‘Ní fhéadfaidh Ballstáit, ar chúiseanna a thagann faoin réimse comhordaithe, srian a chur ar an tsaoirse chun seirbhísí na sochaí faisnéise a sholáthar ó Bhallstát eile.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
8 |
I gcomhréir le hAirteagal 3(4) den treoir sin, féadtar maolú ar an toirmeasc sin – ar choinníoll go bhfuil sé comhréireach i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú – ar fhorais an bheartais phoiblí, chosaint na sláinte poiblí, na slándála poiblí nó chosaint na dtomhaltóirí agus ar na forais sin amháin. |
|
9 |
Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 15(2) den Treoir: ‘Féadfaidh na Ballstáit oibleagáidí a bhunú ar sholáthraithe sheirbhísí na sochaí faisnéise chun na húdaráis phoiblí inniúla a chur ar an eolas go pras faoi ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha líomhainte arna ndéanamh nó faoin bhfaisnéis a chuireann faighteoirí ar fáil faoina seirbhís nó faoina n-oibleagáidí faisnéis a chur in iúl do na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin dóibh, faisnéis lenar féidir faighteoirí a seirbhíse a bhfuil comhaontuithe stórála acu leo a shainaithint.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Treoir 2006/123,
|
10 |
Foráiltear le hAirteagal 1 de Threoir 2006/123, dar teideal ‘Ábhar’, an méid seo a leanas: ‘1. Bunaítear leis an Treoir seo forálacha ginearálta lena n-éascaítear feidhmiú na saoirse bunaíochta do sholáthraithe seirbhísí agus saorghluaiseacht seirbhísí, agus ardchaighdeáin seirbhísí á choinneáil ar bun san am céanna. […]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
11 |
Faoi Airteagal 2 den treoir sin, dar teideal ‘Raon feidhme’: ‘1. Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le seirbhísí arna soláthar ag soláthraithe atá bunaithe i mBallstát. […] 3. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le réimse an chánachais.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
12 |
Foráiltear le hAirteagal 3 den Treoir sin, dar teideal ‘Gaol le forálacha eile de dhlí [an Aontais]’: ‘1. Má bhíonn coinbhleacht idir forálacha na Treorach seo agus foráil i ngníomh eile de chuid [an Aontais] lena rialaítear gnéithe sonracha maidir le rochtain ar ghníomhaíocht seirbhíse in earnálacha faoi leith nó le haghaidh gairmeacha faoi leith, nó maidir le cleachtadh na gníomhaíochta sin, beidh tosaíocht ag an bhforáil sa ghníomh eile de chuid [an Aontais] agus beidh feidhm aici maidir leis na hearnálacha nó gairmeacha faoi leith sin. […] […] 3. Cuirfidh na Ballstáit forálacha na Treorach seo i bhfeidhm i gcomhréir le rialacha an Chonartha maidir le ceart bunaíochta agus saorghluaiseacht seirbhísí.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Dlí na Beilge
|
13 |
Le hOrdú Réigiún Phríomh-Chathair na Bruiséile an 23 Nollaig 2016 maidir leis an gcáin réigiúnach ar bhunaíochtaí cóiríochta turasóireachta (Moniteur belge, an 6 Eanáir 2017, lch. 509; ‘ordú an 23 Nollaig 2016’) tugtar isteach cáin chomhréidh in aghaidh na hoíche áitíochta is iníoctha ag gach oibreoir de bhunaíocht chóiríochta turasóireachta, lena n-áirítear cóiríocht do thurasóirí i dtithe nuair a sholáthraítear é mar mhalairt ar íocaíocht (‘an cháin turasóireachta ar ráta comhréidh’). |
|
14 |
I gcomhréir le hAirteagal 2(8) d’ordú an 23 Nollaig 2016, sainmhínítear ‘idirghabhálaí’ mar ‘aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann, mar chúiteamh ar luach saothair, aonad cóiríochta ar fáil ar an margadh turasóireachta, a chuireann bunaíocht chóiríochta turasóireachta chun cinn do thurasóirí nó a chuireann seirbhísí ar fáil trína bhféadfaidh oibreoirí agus turasóirí teagmháil dhíreach a dhéanamh lena chéile’. |
|
15 |
I gcomhréir le hAirteagal 3 den ordú sin, ríomhtar an cháin turasóireachta ar ráta comhréidh trí mhéid bunúsach in aghaidh an aonaid chóiríochta, arna laghdú i gcás cóiríocht tí, a iolrú faoi líon na n-oícheanta a d’fhan na turasóirí san aonad cóiríochta sin. |
|
16 |
Is léir ó Airteagal 4 den ordú sin go bhfuil an cháin turasóra ar ráta comhréidh iníoctha ag oibreoir na bunaíochta cóiríochta turasóireachta nó, más rud é go bhfuil sé dócmhainneach nó anaithnid, ag úinéir na maoine, agus is léir ó Airteagal 7 den ordú sin nach mór don duine atá faoi dhliteanais an cháin sin a íoc dearbhú míosúil a chur faoi bhráid an údaráis chánach. |
|
17 |
Foráiltear le hAirteagal 12 d’ordú an 23 Nollaig 2016: ‘Déanfaidh idirghabhálaithe, le haghaidh na mbunaíochtaí cóiríochta turasóireachta i Réigiún Phríomh-Chathair na Bruiséile a ngníomhaíonn siad mar idirghabhálaí nó a sheolann straitéis prómóisin ina leith, sonraí an oibreora agus sonraí na mbunaíochtaí cóiríochta turasóireachta, chomh maith le líon na n-oícheanta a d’fhan na turasóirí agus na n-aonad cóiríochta a oibríodh i rith na bliana seo caite, a chur ar fáil do na hoifigigh arna n-ainmniú ag an Rialtas, arna iarradh sin i scríbhinn. Féadfar fíneáil riaracháin EUR 10000 a ghearradh ar idirghabhálaí a mhainníonn freagra a thabhairt ar an iarraidh i scríbhinn dá dtagraítear sa mhír roimhe seo.’ |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
18 |
Tar éis theacht i bhfeidhm an ordaithe an 23 Nollaig 2016, sheol údarás cánach Réigiún Phríomh-Chathair na Bruiséile iarraidh chuig Airbnb Ireland, an 10 Feabhra 2017, ar fhaisnéis maidir le daoine atá faoi dhliteanas an cháin turasóireachta ar ráta comhréidh a íoc a bhí ag baint úsáide as a chuid seirbhísí (‘an chéad iarraidh ar fhaisnéis’). |
|
19 |
An 31 Márta 2017, chuir Airbnb Ireland forchoimeádas in iúl maidir leis an iarraidh sin agus mhol sé plé a dhéanamh uirthi leis na húdaráis réigiúnacha. An 8 Lúnasa 2017, sheol údarás cánach Réigiún na Bruiséile Láir iarraidh bhreise, níos mionsonraithe, chuig Airbnb Ireland ar fhaisnéis maidir le naoi mbunaíocht cóiríochta turasóireachta atá lonnaithe i Réigiún Phríomh-Chathair na Bruiséile (‘an dara hiarraidh ar fhaisnéis’). |
|
20 |
An 8 Meán Fómhair 2017, shonraigh Airbnb Ireland nach gcomhlíonfadh sé an iarraidh sin, agus dá thoradh sin, an 10 Samhain 2017, d’fhorchuir údarás cánach Réigiún Phríomh-Chathair na Bruiséile naoi bhfíneáil de EUR 10000 ar gach ceann acu. |
|
21 |
Idir an chéad iarraidh ar fhaisnéis agus an dara hiarraidh ar fhaisnéis, thionscain Airbnb Ireland caingean os comhair na cúirte a rinne an tarchur an 10 Iúil 2017, eadhon an Cour Constitutionnelle (an Chúirt Bhunreachtúil, an Bheilg), chun Airteagal 12 d’ordú an 23 Nollaig 2016 a chur ar neamhní. |
|
22 |
Bhí an chúirt a rinne an tarchur, tar éis a thabhairt faoi deara gur léir ó na travaux preparatoires go raibh sé beartaithe le hordú an 23 Nollaig 2016, trí cháin turasóireachta ar ráta comhréidh a thabhairt isteach, a áirithiú go rannchuideodh earnáil na turasóireachta leis na hualaí airgeadais a eascraíonn as an turasóireacht agus go ndéanfaí comhchuibhiú ar an gcánachas ar bhunaíochtaí cóiríochta turasóireachta i Réigiún Phríomh-Chathair na Bruiséile, cúramach a rá nach raibh idirghabhálaithe, lena n-áirítear Airbnb Ireland, faoi dhliteanas an cháin sin a íoc ná faoi cheangal í a thobhach, agus ar mhalairt air sin, le hAirteagal 12 den ordú sin go gcuirtear iad faoi réir dualgais faisnéis a sholáthar ar iarraidh i scríbhinn ó na húdaráis chánach, agus mura gcomhlíonfaidh siad an dualgas sin bheadh dais faoi dhliteanais fíneáil riaracháin de EUR 10000. |
|
23 |
Ag sonrú, de réir chásdlí na Cúirte, nach mór a aicmiú mar ‘sheirbhís sochaí faisnéise’ faoi Threoir 2000/31, seirbhís idirghabhála atá beartaithe, trí bhíthin ardán leictreonach, chun aíonna ionchasacha a nascadh, ar luach saothair, le hóstach gairmiúla nó neamhghairmiúla a chuireann seirbhísí cóiríochta gearrthéarmacha ar fáil, agus líon áirithe seirbhísí atá coimhdeach leis an tseirbhís idirghabhála sin á chur ar fáil aici chomh maith (breithiúnas an 19 Nollaig 2019, Airbnb Ireland, C-390/18, EU:C:2019:1112, mír 69), tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur, atá den tuairim gur soláthraithe seirbhíse idirghabhála den sórt sin go príomha iad na hidirghabhálaithe a chumhdaítear le hordú an 23 Nollaig 2016, maidir leis an ábharthacht, sa chás seo, den treoir sin, ós rud é go bhforáiltear le hAirteagal 1(5)(a) den treoir sin nach bhfuil sé infheidhme maidir le ‘réimse an chánachais’. |
|
24 |
Tá an chúirt a rinne an tarchur neamhchinnte, go háirithe, maidir le léiriú na dtéarmaí sin agus maidir le haicmiú iomchuí Airteagal 12 d’ordú an 23 Nollaig 2016 ina leith sin. Tá an t-airteagal sin ina chuid den reachtaíocht chánach, ach áitíonn Airbnb Ireland mar sin féin nach bhfuil an t-eisiamh a leagtar síos in Airteagal 1(5)(a) de Threoir 2000/31, a bhfuil léiriú docht le déanamh air, infheidhme sa chás seo, agus dá bharr sin go dtagann Airteagal 12 den ordú sin faoi raon feidhme na Treorach sin. Mar sin féin, ní chomhlíonann Airteagal 12, tríd an dualgas faisnéis a sholáthar lena bhforchuirtear leis, na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(4) de Threoir 2000/31, faoina bhféadfaidh Ballstáit bearta a ghlacadh a shrianann an tsaoirse chun seirbhísí na sochaí faisnéise a sholáthar. |
|
25 |
Sna himthosca seo, chinn an Cour constitutionnelle (an Chúirt Bhunreachtúil) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:
|
Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
An chéad cheist
|
26 |
Lena chéad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 1(5)(a) de Threoir 2000/31 a léiriú ar bhealach a chiallaíonn gur gá foráil de chuid reachtaíocht cánach Bhallstát lena gceanglaítear ar idirghabhálaithe, i ndáil le bunaíochtaí cóiríochta turasóireachta atá lonnaithe i réigiúin den Bhallstát sin agus a fheidhmíonn mar idirghabhálaithe nó atá bainteach le straitéis chur chun cinn, sonraí an oibreora agus sonraí na mbunaíochtaí cóiríochta turasóireachta, chomh maith leis an méid oíche caite agus na haonaid chóiríochta a úsáideadh le linn na bliana atá caite, a chur ar aghaidh chuig na húdaráis chánach réigiúnach ar iarratas i scríbhinn ó na húdaráis sin, a mheas mar fhoráil atá doscartha, i dtaca lena nádúr, ón reachtaíocht ar chuid di í agus, go dtagann sí, dá réir, faoi shainmhíniú ‘réimse an chánachais’ a n-eisítear go sainráite ó raon feidhme na treorach sin. |
|
27 |
Ar an gcéad dul síos, ní mór a mheabhrú gur glacadh Treoir 2000/31 ar bhonn, inter alia, Airteagal 95 CE, a bhfuil a fhoclaíocht atáirgthe in Airteagal 114 CFAE, lena n-eisiatar óna raon feidhme, i mír 2, ‘forálacha fioscacha’. I mbreithiúnas an 29 Aibreán 2004, an Coimisiún v an Chomhairle (C-338/01, EU:C:2004:253, mír 63), shonraigh an Chúirt gur cumhdaíodh leis na focail sin ní hamháin gach réimse cánachais, gan aon idirdhealú a dhéanamh idir na cineálacha dleachtanna ná cánacha lena mbaineann, ach freisin gach gné den chánachas, cibé acu rialacha ábhartha nó rialacha nós imeachta. Shonraigh sí freisin nach bhféadfaí na socruithe mionsonraithe maidir le bailiú cánacha de chineál ar bith a dhícheangal ón gcóras cánachais nó forchuir ar cuid de iad (breithiúnas an 29 Aibreán 2004, an Coimisiún v an Chomhairle, C-338/01, EU:C:2004:253, mír 66). |
|
28 |
Ar an dara dul síos, tá an léiriú sin de thoradh freisin ar sheasamh na bhforálacha sin sna Conarthaí. Tá Airteagal 114(2) de CFAE mar chuid de Chaibidil 3, dar teideal ‘Comhfhogasú dlíthe’, a thagann i ndiaidh Caibidil 2, dar teideal ‘Forálacha cánach’, laistigh de Theideal VII, maidir le ‘comhrialacha ar iomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe’ den Chonradh FAE. Dá bhrí sin, ní bhaineann aon ní a bhaineann le Caibidil 3, eadhon comhfhogasú na ndlíthe, leis an méid a thagann faoi Chaibidil 2, eadhon forálacha cánach, agus ní féidir leo baint leis. |
|
29 |
Ar an tríú dul síos, tá an réasúnaíocht chéanna i réim maidir le reachtaíocht thánaisteach arna glacadh ar bhonn Airteagal 95 CE agus ansin Airteagal 114 CFAE. Is léir é sin freisin ón léiriú litriúil ar na téarmaí leathana a úsáidtear in Airteagal 1(5)(a) de Threoir 2000/31, eadhon an ‘réimse cánachais’, a bhfuil gá le léiriú leathan a dhéanamh air mar sin, mar a d’admhaigh an Chúirt, mar shampla, maidir leis an gcoincheap ‘réimse an iompair’, atá níos leithne ná an coincheap ‘seirbhísí iompair’ (breithiúnas an 15 Deireadh Fómhair 2015, Grupo Itevelesa agus páirtithe eile, C-168/14, EU:C:2015:685, mír 41). |
|
30 |
Ar an gceathrú dul síos, tá na breithnithe sin le sonrú i léamh aithrisí 12 agus 13 de Threoir 2000/31, ina sonraítear go n-eisiatar leis an Treoir sin ‘cánachas’ óna raon feidhme agus ‘[nach] sé d’aidhm [ag an Treoir seo] rialacha a bhunú maidir le hoibleagáidí fioscacha’. |
|
31 |
Sa chás seo, tá comhthuiscint ann gur seirbhísí sochaí fhaisnéise iad na seirbhísí sin a sholáthraíonn Airbnb Ireland faoi Threoir 2000/31, tar éis don Chúirt mar sin seirbhís idirghabhála a shainiú a bhfuil sé beartaithe, trí bhíthin ardán leictreonach, nascadh le chéile, le haghaidh luach saothair, aíonna ionchasacha le hóstaigh ghairmiúla nó neamhghairmiúla a chuireann seirbhísí cóiríochta gearrthéarmacha ar fáil, agus líon áirithe seirbhísí atá coimhdeach leis an tseirbhís idirghabhála sin á sholáthar freisin (breithiúnas an 19 Nollaig 2019, Airbnb Ireland, C-390/18, EU:C:2019:1112, míreanna 49 agus 69). |
|
32 |
Mar sin féin, mar a thug an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, maidir le hinfheidhmeacht na Treorach sin i leith na díospóide sna príomhimeachtaí faoi réir an choinníll go bhfuil Airteagal 12 d’ordú an 23 Nollaig 2016 – lena gceanglaítear idirghabhálaithe, le haghaidh bunaíochtaí cóiríochta turasóireachta atá lonnaithe i Réigiún Phríomh-Chathair na Bruiséile agus a fheidhmíonn mar idirghabhálaithe nó atá bainteach le straitéis chur chun cinn, sonraí an oibreora agus sonraí na mbunaíochtaí cóiríochta turasóireachta, chomh maith leis an méid oíche caite agus na haonaid chóiríochta a úsáideadh le linn na bliana atá caite – ní fhéadtar é a mheas mar ní a thagann faoin ‘réimse cánachais’, mar, dá bhféadfaí é a mheas, bheadh Airteagal 12 den ordú thuasluaite lasmuigh de raon feidhme Threoir 2000/31, i gcomhréir le hAirteagal 1(5)(a) den Treoir sin. |
|
33 |
Chuige sin, ba cheart a chur in iúl, cé go bhfuil sé fíor nach bhfuil Airteagal 12 d’ordú an 23 Nollaig 2016 dírithe ann féin ar na daoine atá faoi dhliteanas an cháin turasóireachta ar ráta comhréidh a íoc, ach ar dhaoine a ghníomhaigh mar idirghabhálaithe i bhfeidhmiú cóiríocht turasóireachta mar mhalairt ar íocaíocht, agus gurb é an cuspóir atá leis ná faisnéis a sholáthar do na húdaráis i Réigiún Phríomh-Chathair na Bruiséile, ar an riosca go ngearrfar fíneáil orthu, is amhlaidh fós, sa chéad áit, gurb iad na húdaráis a fhaigheann an fhaisnéis sin na húdaráis chánach; sa dara háit, mar a thugann an chúirt a rinne an tarchur féin faoi deara, go bhfuil an t-airteagal sin ina chuid den reachtaíocht chánach, eadhon ordú an 23 Nollaig 2016; agus, sa tríú háit, go bhfuil nasc doscartha idir an fhaisnéis a gceanglaítear leis an bhforáil sin a tharchur, maidir lena substaint, agus an reachtaíocht sin, ós rud é gur leis an bhfaisnéis sin amháin a fhéadtar an duine atá faoi dhliteanas iarbhír i leith íocaíocht na cánach a shainaithint, an bonn measúnaithe den cháin, eadhon suíomh na cóiríochta tí, líon na n-aonad cóiríochta agus líon na n-oícheanta caite agus, dá réir sin, méid na cánach. |
|
34 |
Is é an freagra ar an gcéad cheist, dá bhrí sin, gur gá foráil de chuid reachtaíocht cánach Bhallstát lena gceanglaítear ar idirghabhálaithe, i ndáil le bunaíochtaí cóiríochta turasóireachta atá lonnaithe i réigiúin den Bhallstát sin agus a fheidhmíonn mar idirghabhálaithe nó atá bainteach le straitéis chur chun cinn, sonraí an oibreora agus sonraí na mbunaíochtaí cóiríochta turasóireachta, chomh maith leis an méid oíche caite agus na haonaid chóiríochta a úsáideadh le linn na bliana atá caite, a chur ar aghaidh chuig na húdaráis chánach réigiúnach ar iarratas i scríbhinn ó na húdaráis sin, a mheas mar fhoráil atá doscartha, i dtaca lena nádúr, ón reachtaíocht ar chuid di í agus, go dtagann sí, dá réir, faoi shainmhíniú ‘réimse an chánachais’ a n-eisítear go sainráite ó raon feidhme na treorach sin. |
An dara ceist
Inghlacthacht
|
35 |
Tá Rialtais na hIodáile agus na hOstaire den tuairim nach bhfuil an dara ceist inghlactha a mhéid nár sholáthair an chúirt a rinne an tarchur an fhaisnéis a cheanglaítear in Airteagal 94(c) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais chun tacú leis an spleáchas ar Airteagail 1 go 3 de Threoir 2006/123 agus ar Airteagal 56 CFAE agus níor shoiléirigh sí na tátail a bhí beartaithe aici a bhaint as an léiriú iarrtha ar na forálacha sin chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach. Ina n-aighneacht, ní léir mar sin go bhfuil gá leis an gceist sin san ord tarchuir. |
|
36 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an dara ceist roinnte ina dhá chuid, an chéad chuid ag iarraidh a fhionnadh cibé an gcuirtear nó nach gcuirtear cosc le hAirteagail 1 go 3 de Threoir 2006/123 ar reachtaíocht náisiúnta amhail an ceann atá i gceist sna príomhimeachtaí agus an dara cuid maidir le comhoiriúnacht na reachtaíochta sin le hAirteagal 56 CFAE. |
|
37 |
Maidir leis an gcéad chuid den dara ceist, is fíor nár sholáthair an chúirt a rinne an tarchur aon fhaisnéis a thacaíonn leis an tagairt d’Airteagail 1 go 3 de Threoir 2006/123, agus mar thoradh air sin, níor cuireadh an Chúirt ar an eolas faoi na cúiseanna a spreag an chúirt sin chun fiosrúchán a dhéanamh faoi léiriú na bhforálacha sin nó faoin nasc eatarthu agus Airteagal 12 d’ordú an 23 Nollaig 2016, contrártha do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 94(c) de na Rialacha Nós Imeachta (féach, chuige sin, ordú an 30 Meitheamh 2020, Airbnb Ireland agus Airbnb Payments UK, C-723/19, nár foilsíodh, EU:C:2020:509, mír 29). Tá an chéad chuid den dara ceist a tharchuirtear chun réamhrialú doghlactha mar sin. |
|
38 |
Maidir leis an dara cuid den dara ceist, ar an taobh eile, tagraítear san iarraidh ar réamhrialú d’Airteagal 56 CFAE roinnt uaireanta in achoimre na cúirte a rinne an tarchur maidir leis na forais go léir ar bhraith Airbnb Ireland orthu. Dá bhrí sin, tá sé de chumas ar an gCúirt an nasc beacht arna bhunú ag an gcúirt sin a shainaithint, i gcomhthéacs sonrach na bpríomhimeachtaí, idir an fhoráil sin agus Airteagal 12 d’ordú an 23 Nollaig 2016. Ní mór, dá bhrí sin, a chinneadh go bhfuil an dara cuid den dara ceist inghlactha agus ní mór freagra a thabhairt maidir lena substaint. |
Substaint
|
39 |
Faoin dara cuid dá dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, cibé an sáraíonn nó nach sáraíonn reachtaíocht amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena gcuirtear oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála réadmhaoine, gan beann ar áit bhunaíochta agus ar an mbealach a dhéanann siad idirghabháil, i ndáil le bunaíochtaí cóiríochta turasóireachta atá lonnaithe i réigiúin an Ballstát lena mbaineann agus a fheidhmítear mar idirghabhálaithe nó atá bainteach le straitéis chur chun cinn, sonraí an oibreora agus sonraí na mbunaíochtaí cóiríochta turasóireachta, chomh maith leis an méid oíche caite agus na haonaid chóiríochta a úsáideadh le linn na bliana atá caite a chur ar aghaidh chuig na húdaráis chánach réigiúnacha, ar iarratas i scríbhinn ó na húdaráis sin, an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 56 CFAE. |
|
40 |
Ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara go leagtar síos le hAirteagal 12 d’ordú an 23 Nollaig 2016 oibleagáid maidir le hiarraidh ar fhaisnéis ó na húdaráis chánach a chomhlíonadh maidir le gach idirghabhálaí a mbaineann a ngníomhaíocht le bunaíochtaí cóiríochta turasóireachta atá lonnaithe i Réigiún Phríomh-Chathair na Bruiséile, beag beann ar an áit ina bhfuil na hidirghabhálaithe sin bunaithe agus, dá bhrí sin, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, agus beag beann freisin ar an mbealach a ndéanann na hoibreoirí eacnamaíocha sin idirghabháil, cibé acu trí mheáin dhigiteacha nó i gcomhréir le modhanna eile nasctha. |
|
41 |
Níl reachtaíocht den sórt sin idirdhealaitheach dá bhrí sin agus ní bhaineann sí, mar sin, leis na coinníollacha chun seirbhísí idirghabhála a sholáthar, ní dhéantar léi ach a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí, a luaithe a chuirtear an tseirbhís sin ar fáil, na sonraí a choinneáil chun críocha thobhach beacht na cánach a bhaineann le cíos na maoine atá i gceist ó na húinéirí lena mbaineann. |
|
42 |
Chuige sin, is léir ó chásdlí socair maidir le reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis na hoibreoirí go léir a fheidhmíonn a ngníomhaíocht ar chríoch náisiúnta, nach é an cuspóir atá léi na coinníollacha a bhaineann le soláthar seirbhísí ag na gnóthais lena mbaineann a rialáil agus aon éifeachtaí sriantacha ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar atá ró-éiginnte agus ró-indíreach chun an oibleagáid a leagtar síos a mheas mar oibleagáid a d’fhéadfadh bac a chur ar an tsaoirse sin, nach sáraíonn sí an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 56 CFAE (breithiúnas an 8 Bealtaine 2014, Pelckmans Turnhout, C-483/12, EU:C:2014:304, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
43 |
Cé go nglactar leis nach bhfuil sé idirdhealaitheach go teoiriciúil, áitíonn Airbnb Ireland go ndéantar difear sonrach le hAirteagal 12 d’ordú an 23 Nollaig 2016, go praiticiúil, do sheirbhísí idirghabhála amhail na cinn a sholáthraíonn sé. |
|
44 |
Is fíor mar thoradh ar fhorbairt modhanna teicneolaíochta agus cumraíocht reatha an mhargaidh chun seirbhísí idirghabhála maoine a sholáthar gur dócha go mbeidh idirghabhálaithe a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí trí bhíthin ardán ar líne, faoi reachtaíocht amhail an ceann atá i gceist sna príomhimeachtaí, a bheith faoi oibleagáid sonraí a tharchur chuig na húdaráis chánach níos minice agus ar bhealach níos mó ná mar a fhorchuirtear ar idirghabhálaithe eile. Mar sin féin, níl san oibleagáid níos mó sin ach léiriú ar líon níos mó idirbheart ag na hidirghabhálaithe sin agus a gcuid scaireanna margaidh faoi seach. Dá bharr sin, níl aon idirdhealú ann dá bharr. |
|
45 |
Ina dhiaidh sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil ualaí breise ar sholáthraithe seirbhísí i gceist le hoibleagáidí cánach de bharr a nádúir féin. |
|
46 |
Bhí deis ag an gCúirt a chur in iúl nach dtagann bearta, arb é an t-aon éifeacht atá acu ná costais bhreise a chruthú maidir leis an tseirbhís atá i gceist agus a dhéanann difear ar an mbealach céanna do sholáthar seirbhísí idir Ballstáit agus do sholáthar seirbhísí laistigh d’aon Bhallstát amháin, faoi raon feidhme Airteagal 56 CFAE (féach breithiúnas an 22 Samhain 2018, Vorarlberger Landes- agus Hypothekenbank, C-625/17, EU:C:2018:939, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
47 |
Ar deireadh, leis an oibleagáid ar gach idirghabhálaí faisnéis a sholáthar do na húdaráis chánach, arna iarraidh sin dóibh, maidir le sonraí an oibreora agus sonraí na mbunaíochtaí cóiríochta turasóireachta, chomh maith le líon na n-oícheanta caite agus na n-aonad cóiríochta a oibríodh le linn na bliana seo caite, fiú má chruthaítear costais bhreise, go háirithe maidir le cuardach agus stóráil na sonraí lena mbaineann, ba cheart a thabhairt faoi deara, go háirithe i gcás seirbhísí idirghabhála a sholáthraítear trí mheáin dhigiteacha, go ndéantar na sonraí atá i gceist a stóráil trí idirghabhálaithe ar nós Airbnb Ireland, agus mar thoradh air sin, is cosúil, ar aon nós, gur teoranta é an costas breise ar na hidirghabhálaithe sin a chruthaítear leis an oibleagáid sin. |
|
48 |
Is leor, chuige sin, tagairt a dhéanamh do na ráitis a rinne Airbnb Ireland sa chás ba bhun le breithiúnas an 19 Nollaig 2019, Airbnb Éireann (C-390/18, EU:C:2019:1112), inar luaigh sé gur chuir sé seirbhís ar fáil ina bhfuil i gceist leis ‘córas chun rátáil a thabhairt d’óstaigh agus d’aíonna atá ar fáil d’óstaigh agus d’aíonna amach anseo’, rud a fhágann go gcoimeádtar go huathoibríoch na sonraí a mbaineann leo. |
|
49 |
Is é an freagra ar an dara cuid den dara ceist, dá bhrí sin nach sáraíonn reachtaíocht amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena gcuirtear oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála réadmhaoine, gan beann ar áit bhunaíochta agus ar an mbealach a dhéanann siad idirghabháil, i ndáil le bunaíochtaí cóiríochta turasóireachta atá lonnaithe i réigiúin an Ballstát lena mbaineann agus a fheidhmítear mar idirghabhálaithe nó atá bainteach le straitéis chur chun cinn, sonraí an oibreora agus sonraí na mbunaíochtaí cóiríochta turasóireachta, chomh maith leis an méid oíche caite agus na haonaid chóiríochta a úsáideadh le linn na bliana atá caite a chur ar aghaidh chuig na húdaráis chánach réigiúnacha, ar iarratas i scríbhinn ó na húdaráis sin, an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 56 CFAE. |
An tríú ceist
|
50 |
Baineann an tríú ceist a tharchuirtear i gcomhair réamhrialú le léiriú ar Airteagal 15(2) de Threoir 2000/31 agus tá sé bunaithe ar an mbonn go bhfuil an Treoir sin infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí. Leanann sé ón bhfreagra a tugadh ar an gcéad cheist nach amhlaidh atá an cás. Mar sin ní gá an tríú ceist a fhreagairt. |
Costais
|
51 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Dara Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
[Sínithe] |
( *1 ) Teanga an cháis: an Fhraincis.