BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Naoú Dlísheomra)
an 7 Aibreán 2022 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Comhtharaif chustaim – Ainmníocht Chomhcheangailte – Aicmiú earraí – Ceannteidil 1302, 3301 agus 3302 – Eastóscadh oiléaroisín fanaile – Dleacht mháil – Treoir 92/83/CEE – Díolúintí – Airteagal 27(1)(e) – An coincheap ‘blastán’ – Treoir 92/12/CEE – An Coiste um Dhleacht Mháil an Choimisiúin Eorpaigh – Inniúlachtaí)
I gCás C-668/20,
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Bundesfinanzhof (Cúirt Chónaidhme Fhioscach, an Ghearmáin), trí bhreith an 7 Iúil 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 8 Nollaig 2020, sna himeachtaí idir
Y GmbH
v
Hauptzollamt
Tugann AN CHÚIRT (an Naoú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: S. Rodin, Uachtarán an Dlísheomra, C. Lycourgos (Rapóirtéir), Uachtarán an Cheathrú Dlísheomra, agus L. S. Rossi, Breitheamh,
Abhcóide Ginearálta: G. Pitruzzella,
Cláraitheoir: M. Krausenböck,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
Y GmbH, ag H. Bleier, Rechtsanwalt, |
|
– |
an Hauptzollamt, ag B. Geyer, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
Rialtas na Seice, ag M. Smolek, O. Serdula agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag C. Perrin agus M. Salyková agus ag R. Pethke, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú ar fho-cheannteidil 13021905, 33019030 agus 33021090 den Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO 1987 L 256, lch. 1), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/1754 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2015 (IO 2015 L 285, lch. 1) (‘AC’), agus d’Airteagal 27(1)(e) de Threoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO 1992 L 316, lch. 21). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Y GmbH agus an Hauptzollamt (Príomh-Oifig Custaim, an Ghearmáin) maidir le hoibleagáid ar an iarratasóir sna príomhimeachtaí dleachtanna custaim agus dleachtanna máil a bhaineann le hoiléaroisín fanaile a allmhairiú isteach i gcríoch an Aontais. |
Comhthéacs dlí
Dlí an Aontais Eorpaigh
|
3 |
Dhréachtaigh an Chomhairle um Chomhar Custaim, dá ngairtear an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (EDC) anois an Córas Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (‘HS’), arna bhunú leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta a tugadh i gcrích sa Bhruiséil an 14 Meitheamh 1983. Formheasadh an coinbhinsiún idirnáisiúnta sin, lena phrótacal leasaitheach an 24 Meitheamh 1986, thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa le Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle an 7 Aibreán 1987 (IO 1987 L 198, lch. 1). Tá AC bunaithe ar HS. I AC tá na ceannteidil sé dhigit agus na fo-cheannteidil a thagann as HS. Ní chruthaíonn ach an seachtú agus an t-ochtú figiúr tuilleadh fo-cheannteidil a bhaineann go sonrach leis. |
|
4 |
Foráiltear le foroinn A, dar teideal ‘Rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú AC’, de Roinn I, dar teideal ‘Rialacha ginearálta’, de Chuid a hAon de AC, ina bhfuil na réamhfhorálacha: ‘Rialófar aicmiú na n-earraí in [AC] leis na prionsabail seo a leanas:
[…]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
5 |
Áirítear i gCuid a Dó de AC, dar teideal ‘Sceideal na ndleachtanna custaim’, Roinn II, dar teideal ‘Táirgí plandúla’, lena n-áirítear, inter alia, Caibidil 13 de AC, dar teideal ‘Leaic; gumaí, roisíní agus súnna glasraí agus úisc ghlasraí eile’, Roinn IV, dar teideal ‘Earraí bia ullmhaithe; deochanna, biotáillí agus fínéagar; tobac agus ionadaigh tobac mhonaraithe’, lena n-áirítear, inter alia, Caibidil 22 de AC, dar teideal ‘Deochanna, biotáillí agus fínéagar’, agus Roinn VI, dar teideal ‘Táirgí ó na tionscail cheimiceacha nó ó na tionscail ghaolmhara’, lena n-áirítear Caibidil 33 de AC, dar teideal ‘Blátholaí agus roisíneoidí; ullmhóidí cumhradóireachta, cosmaideacha, nó maisíochta’. |
|
6 |
Áirítear i gCaibidil 13 de AC na ceannteidil agus na fo-cheannteidil seo a leanas: ‘[…]
[…]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
7 |
Sonraítear i Nóta 1(ij) a ghabhann le Caibidil 13 de AC: ‘Tá feidhm ag ceannteideal 1302, inter alia, maidir le heastóscán liocrais, úsc pireatraim, eastóscán leannlusanna, úsc alónna agus óipiam. Níl feidhm ag an gceannteideal maidir leis na nithe seo a leanas: […]
|
|
8 |
Áirítear ceannteideal 2207 i gCaibidil 22 de AC, ina sonraítear an méid seo a leanas:
[…]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
9 |
Áirítear i gCaibidil 33 de AC na ceannteidil agus na fo-cheannteidil seo a leanas: ‘[…]
[…]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
10 |
De réir Nótaí 1 agus 2 a ghabhann le Caibidil 33:
[…]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC agus Nótaí Míniúcháin a ghabhann le HS
|
11 |
Sonraítear sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (IO 2019 C 119, lch. 1) (‘na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC’), maidir le ceannteideal 1302: ‘Is éard atá in eastóscáin phlandúla faoi cheannteideal 1302 ná amhábhair phlandúla a fhaightear trí, mar shampla, eastóscadh tuaslagóra, nach ndéantar a mhodhnú ná a phróiseáil tuilleadh go ceimiceach. Mar sin féin, ceadaítear breiseáin thámh (mar shampla, oibreáin fhrithstolptha) agus próiseáil a bhaineann le caighdeánú, nó le cóireáil fhisiciúil, amhail triomú nó scagachán.’ |
|
12 |
Foráiltear leis na nótaí míniúcháin a d’fhoilsigh EDC (‘na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le HS’), maidir le ceannteideal 1302: ‘(A) Súnna plandúla agus úisc phlandúla. Cumhdaítear leis an gceannteideal súnna plandúla (táirgí plandúla a fhaightear de ghnáth trí úscadh nó gearradh nádúrtha) agus úisc (táirgí plandúla a bhaintear as an mbunábhar plandúil trí thuaslagóirí), ar choinníoll nach sonraítear iad nó nach n-áirítear iad i gceannteidil níos sainiúla den Ainmníocht (féach an liosta eisiamh ag deireadh Chuid (A) den Nóta Míniúcháin seo). Tá na súnna agus na húisc seo difriúil ó na blátholaí, roisíneoidí agus oiléaroisíní eastósctha faoi cheannteideal 33.01, sa mhéid is go bhfuil, seachas comhábhair chumhra sho-ghalaithe, cion i bhfad níos airde de shubstaintí plandaí eile iontu (m.sh., clóraifill, tainnin, prionsabail shearbha, carbaihiodráití agus ábhar eastóscach eile). Áirítear ar na súnna agus na húisc a aicmítear anseo: … (21) Oiléaroisín fanaile (ar a dtugtar “roisíneoid fanaile” nó “úsc fanaile” go hearráideach uaireanta). De ghnáth déantar súnna a tiúchan nó a sholadú. D’fhéadfadh foirm leachtach, taois nó sholadach a bheith ar úisc. Is úisc iad “tintiúir” atá fós tuaslagtha san alcól trína n-eastósctar iad; is réitigh úsc iad na “úisc sreabhacha” mar a thugtar orthu, in alcól, gliocról nó ola mhianra, mar shampla. De ghnáth déantar tintiúir agus úisc sreabhacha a chaighdeánú go ginearálta (mar shampla, féadfar úsc pireatraim a chaighdeánú trí ola mhianra a chur leis chun gráid tráchtála a tháirgeadh a bhfuil cion caighdeánach pireatram acu de, mar shampla, 2 %, 20 % nó 25 %). Faightear úisc sholadacha tríd an tuaslagóir a ghalú. Uaireanta cuirtear substaintí támh le sleachta áirithe ionas gur féidir iad a laghdú go púdar níos éasca (mar shampla úsc lus na hoíche, a gcuirtear guma púdraithe Arabach leis), nó chun neart caighdeánach a fháil (mar shampla, cuirtear cainníochtaí áirithe stáirse le hóipiam chun táirge a fháil ina bhfuil cuid aithnid de mhoirfín). Le substaintí den sórt sin a chur leo, ní dhéantar difear d’aicmiú na n-úsc soladach seo. Mar sin féin, ní fhéadfaidh eastóscáin a bheith faoi réir timthriallta breise eastósctha nó próisis íonúcháin, amhail íonú crómatagrafach, a mhéadaíonn nó a laghdaíonn comhdhúil áirithe nó aicmí comhdhúile go pointe nach féidir a bhaint amach trí bhíthin eastóscadh tuaslagóra tosaigh amháin. […] Go ginearálta is amhábhair le haghaidh táirgí monaraithe éagsúla iad na súnna plandúla agus úisc phlandúla den cheannteideal seo. Eisiatar ón gceannteideal iad, toisc go mbíonn tréithe ullmhóidí bia, cógais, agus eile, acu mar gheall ar shubstaintí eile a chur leo. Eisiatar ón gceannteideal iad freisin nuair a bhíonn siad an-scagtha nó íonaithe, mar shampla, trí bhíthin íonú crómatagrafach, ultrascagachán, nó timthriallta eastósctha breise (mar shampla, eastóscadh leacht-leacht) tar éis eastóscadh tosaigh. […] Ní áirítear leis an gceannteideal blátholaí, roisíneoidí agus oiléaroisíní eastósctha (ceannteideal 33.01). […] Tá oiléaroisíní eastósctha difriúil ó na heastóscáin dá bhforáiltear sa cheannteideal seo sa mhéid is (1) go bhfaightear iad ó amhábhair cheallacha plandaí nádúrtha (beagnach spíosraí nó plandaí aramatacha i gcónaí), trí eastóscadh le tuaslagóirí orgánacha nó trí eastóscadh sreabháin sárchriticiúil, agus (2) go bhfuil prionsabail chumhra so-ghalaithe iontu mar aon le prionsabail blaistithe neamh-ghalaithe, rud a shainíonn an boladh nó an blas sainiúil den spíosra nó den phlanda aramatach. Eisiatar freisin leis an gceannteideal na táirgí plandúla seo a leanas, atá aicmithe faoi cheannteidil níos sainiúla den Ainmníocht: (a) Gumaí nádúrtha, roisíní nádúrtha, gumroisíní nádúrtha agus oiléaroisíní nádúrtha (ceannteideal 13.01). …’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
13 |
Maidir le Caibidil 33, sonraítear sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le HS: ‘1. Ní chumhdaítear leis an gCaibidil seo:
[…] 2. Leis an téarma “substaintí cumhra” atá faoi cheannteideal 33.02 ní thagraítear ach do na substaintí atá faoi cheannteideal 33.01, do chomhábhair chumhra atá leithlithe ó na substaintí sin nó do chomhdhúile aramatacha sintéiseacha. […] Déantar na blátholaí agus na hoiléaroisíní eastósctha i gceannteideal 33.01 a bhaint as ábhair phlandúla. […]’ |
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
|
14 |
Maidir le ceannteideal 3301, sonraítear sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le HS: ‘[…] Faightear oiléaroisíní eastósctha, ar a dtugtar “oiléaroisíní ullmhaithe” nó “oiléaroisíní spíosraí” freisin ó amhábhair ceallacha plandaí nádúrtha (spíosraí nó plandaí aramatacha de ghnáth), trí eastóscadh le tuaslagóirí orgánacha nó trí eastóscadh sreabháin sárchriticiúil. Tá prionsabail chumhra so-ghalaithe ag na heastóscáin seo (mar shampla, blátholaí) agus prionsabail blaistithe neamh-ghalaithe (mar shampla, roisíní, olaí sailleacha, comhábhair ghéire), rud a shainíonn an boladh nó an blas sainiúil den spíosra nó den phlanda aramatach. Athraíonn cion bláthola na n-oiléaroisíní eastósctha go mór ag brath ar an spíosra nó ar an bplanda aramatach. Úsáidtear na táirgí seo go príomha mar oibreáin bhlaistithe sa tionscal bia. Eisítear ón gceannteideal seo: (a) Oiléaroisíní nádúrtha (ceannteideal 13.01). (b) Eastóscáin phlandúla, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile (mar shampla, oiléaroisíní eastósctha le huisce), a bhfuil comhábhair so-ghalaithe iontu agus go ginearálta (seachas substaintí cumhra) ina bhfuil cion i bhfad níos airde de shubstaintí plandaí eile (ceannteideal 13.02). […] Uaireanta bíonn méideanna beaga tuaslagóirí i mblátholaí, i roisíneoidí agus in oiléaroisíní eastósctha a úsáidtear ina n-eastóscadh (mar shampla, alcól eitile), ach ní bhaineann sé seo iad ó raon feidhme an cheannteidil. Fanann blátholaí, roisíneoidí agus oiléaroisíní eastósctha nach ndearnadh a chaighdeánú ach trí chuid de na príomh-chomhábhair a bhaint nó a chur leis, aicmithe sa cheannteideal seo ar choinníoll go bhfanann comhdhéanamh an táirge chaighdeánaithe laistigh den ghnáthraon atá le fáil sa chineál sin táirge ina stad nádúrtha. Mar sin féin, eisiatar (go ginearálta ceannteideal 33.02) blátholaí, roisíneoidí agus oiléaroisíní eastósctha atá codánaithe nó modhnaithe ar shlí eile (seachas trí hidreacarbóin theirpéineacha a bhaint), ionas go mbeidh difríocht shuntasach idir comhdhéanamh an táirge a eascraíonn as agus comhdhéanamh an táirge bhunaidh. Eisiatar freisin ón gceannteideal táirgí a mheasctar le caolaitheoirí breise nó iompráin amhail ola phlandúil, deastrós nó stáirse (go ginearálta ceannteideal 33.02). Tá na príomh-bhlátholaí, roisíneoidí agus oiléaroisíní eastósctha liostaithe san Iarscríbhinn leis na Nótaí Míniúcháin a ghabhann leis an gCaibidil seo. […] Sa bhreis ar na heisiaimh dá dtagraítear thuas eisítear ón gceannteideal seo freisin: (a) Oiléaroisín fanaile (ar a dtugtar “roisíneoid fanaile” nó “úsc fanaile” go hearráideach uaireanta) (ceannteideal 13.02). […]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
15 |
Maidir le ceannteideal 3302, sonraítear sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le HS: ‘Cumhdaítear sa cheannteideal seo na meascáin seo a leanas ar choinníoll go bhfuil siad de chineál a úsáidtear mar amhábhair sna tionscail chumhradóireachta, bhia nó deochanna (mar shampla, i milseogra, i mblastáin bhia nó dí) nó i dtionscail eile (mar shampla, déanamh gallúnaí): […] (3) Meascáin d’oiléaroisíní eastósctha. […] (6) Meascáin de shubstaint chumhra amháin nó níos mó (blátholaí, roisíneoidí agus oiléaroisíní eastósctha nó cumhránaic shintéiseacha) a mheasctar le caolaitheoirí breise nó iompráin amhail ola phlandúil, deastrós nó stáirse. (7) Meascáin, bídís measctha nó ná bíodh le caolaitheoir nó iomprán nó substaint ina bhfuil alcól, de tháirgí de Chaibidlí eile (mar shampla, spíosraí) a bhfuil substaint chumra amháin nó níos mó iontu (blátholaí, roisíneoidí agus oiléaroisíní eastósctha nó cumhránaic shintéiseacha), ar choinníoll go bhfuil na substaintí sin mar bhunús leis an meascán. Is meascáin den cheannteideal seo freisin iad táirgí a fhaightear trí cheann amháin nó níos mó de chomhábhair bhláthola, roisíneoide agus oiléaroisín eastósctha a bhaint ionas go mbeidh difríocht shuntasach idir comhdhéanamh an táirge eascraíonn as agus comhdhéanamh an táirge bhunaidh. […]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Treoir 92/83
|
16 |
Sonraítear le hAirteagal 20 de Threoir 92/83: ‘Chun críocha na Treorach seo, cumhdaítear leis an téarma “alcól eitile”:
|
|
17 |
Tá na focail seo a leanas in Airteagal 27 de Threoir 92/83, i Roinn VII de, dar teideal ‘Díolúintí’: ‘1. Díolmhóidh na Ballstáit na táirgí a chumhdaítear leis an Treoir seo ón dleacht mháil chomhchuibhithe faoi choinníollacha a leagfaidh siad síos chun a áirithiú go gcuirfear na díolúintí sin i bhfeidhm i gceart agus go díreach agus chun aon imghabháil, seachaint nó mí-úsáid a chosc: […]
[…]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Treoir 92/12,
|
18 |
Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 24 de Threoir 92/12/CEE ón gComhairle an 25 Feabhra 1992 maidir leis na socruithe ginearálta do tháirgí atá faoi réir dleacht mháil agus ar tháirgí den sórt sin a shealbhú agus a bhogadh agus faireachán a dhéanamh orthu (IO 1992 L 76, lch. 1), arna leasú ag Rialachán (CE) Uimh. 807/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 (‘Treoir 92/12’): ‘1. Déanfaidh coiste dá ngairtear an “Coiste um Dhleacht Mháil” cúnamh a thabhairt don Choimisiún [Eorpach]. 2. Glacfar na bearta is gá chun Airteagail 5, 7, 15b, 18, 19 agus 23 a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i mír 3. […] 4. I dteannta leis na bearta dá dtagraítear i mír 2, scrúdóidh an coiste gach ábhar a fhéadfaidh cathaoirleach an choiste a tharraingt anuas, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó ionadaí Ballstáit, a bhaineann le cur i bhfeidhm fhorálacha an [Aontais] maidir le dleachtanna máil. 5. Glacfaidh an coiste a rialacha nós imeachta.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Treoir 2008/118/EC
|
19 |
Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 43(1) de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n‐aisghairtear Treoir 92/12: Déanfaidh coiste dá ngairtear an “Coiste um Dhleacht Mháil” cúnamh a thabhairt don Choimisiún.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
20 |
Sonraítear le hAirteagal 44 de Threoir 2008/118: ‘Déanfaidh an Coiste um Dhleacht Máil, sa bhreis ar a chúraimí faoi Airteagal 43, na hábhair a fhéadfaidh cathaoirleach an choiste a tharraingt anuas a scrúdú, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag ionadaí Ballstáit, a bhaineann le cur i bhfeidhm fhorálacha an [Aontais] maidir le dleacht mháil.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Treoirlíne Uimh. 458 ó Choiste an Choimisiúin um Dhleacht Mháil an 19 Samhain 2003
|
21 |
Is léir go háirithe ó Threoirlíne Uimh. 458 de Choiste an Choimisiúin um Dhleacht Mháil an 19 Samhain 2003‘go nglacann na toscaireachtaí beagnach d’aon toil go bhfuil feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 27(1)(e) de [Treoir 92/83] ó chéim an táirgthe nó ón allmhairiú ar aghaidh chuig blastáin de na cóid AC 1302 1930, 2106 9020 agus 3302, sna leaganacha atá i bhfeidhm tráth [a nglacfar na treoirlínte seo]’. |
Dlí na Gearmáine
|
22 |
Sonraítear le hAlt 130 den Gesetz über das Branntweinmonopol (Branntweinmonopolgesetz – BranntwMonG) (an Dlí ar an Monaplacht i mBiotáillí), an 8 Aibreán, 1922 (RGBl. 1922 I, lch. 335), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘an BranntwMonG’), an méid seo a leanas: ‘(1) Tá biotáillí agus earraí (táirgí) ina bhfuil biotáillí faoi réir dleachta ar bhiotáillí sa chríoch chánach … (4) Ní hionann earraí ina bhfuil biotáillí de réir bhrí fhomhír (1) agus na hearraí alcólacha i gCaibidil 22 de [AC]; déantar iad a mhonarú le biotáille nó tá biotáille iontu agus tá a neart alcóil níos mó ná 1.2 % de réir toirte i gcás earraí leachtacha nó níos mó ná 1 % de réir maise i gcás earraí neamhleachtacha. […]’ |
|
23 |
Faoi Alt 152(1)(5) den BranntwMonG, a bhí i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2017, lenar trasuíodh Airteagal 27(1)(e) de Threoir 92/83 i ndlí na Gearmáine: ‘Beidh táirgí díolmhaithe ó dhleacht i gcás ina n-úsáidtear iad ar bhonn tráchtála […] 5. gan dínádúrú i monarú blasanna le haghaidh blaistiú (a) deochanna neart alcólach de 1.2 % de réir toirte nó níos lú; (b) earraí bia eile, seachas biotáillí agus deochanna alcólacha eile […]’ |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú
|
24 |
Sna príomhimeachtaí, d’allmhairigh an t-iarratasóir isteach sa Ghearmáin táirge leachtach donn órga a raibh boladh láidir fanaile uaidh, ina raibh thart ar 85 % eatánól, 10 % uisce, 4.8 % d’iarmhar tirim agus ina raibh meánchion fanaile aige de 0.5 % (‘na hearraí i gceist sna príomhimeachtaí’). D’fhonn earraí den sórt sin a fháil, baintear táirge idirmheánach as an bhfaighneog fanaile ar dtús trí úsáid a bhaint as eatánól (‘an táirge idirmheánach’). Déantar an táirge idirmheánach sin atá an-aramatach, slaodach, donn dorcha sin a chaolú ansin le halcól agus le huisce chun na hearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí a fháil. |
|
25 |
An 10 Feabhra 2016, dhearbhaigh an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí na hearraí sin le scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi fho-cheannteideal 33021090 de AC. |
|
26 |
An 25 Aibreán 2016, bhí an Hauptzollamt le dlínse aige den tuairim gur cheart na hearraí a aicmiú faoi fho-cheannteideal 13021905 de AC agus, dá bhrí sin, go raibh siad faoi réir dleacht ar bhiotáillí faoi dhlí na Gearmáine freisin. Dá réir sin, ghnóthaigh sé dleachtanna custam agus dleachtanna máil. |
|
27 |
Dheimhnigh an Finanzgericht (an Chúirt Airgeadais, an Ghearmáin) le dlínse aici gur tháinig na hearraí a bhí i gceist sna príomhimeachtaí faoi fho-cheannteideal 13021905 de AC agus, dá bhrí sin, go raibh sé dleathach dleachtanna custaim agus máil a fhorchur. Thionscain an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí achomharc ar phointe dlí i gcoinne bhreithiúnas an Finanzgericht (an Chúirt Airgeadais) os comhair na cúirte a rinne an tarchur, an Bundesfinanzhof (an Chúirt Airgeadais Chónaidhme, an Ghearmáin), agus é den tuairim gur cheart na hearraí sin a aicmiú faoi fho-cheannteideal 33021090 de AC. |
|
28 |
Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl go bhfuil amhras uirthi faoin léiriú atá le tabhairt ar fho-cheannteidil 13021905, 33019030 agus 33021090 de AC agus Airteagal 27(1)(e) de Threoir 92/83. |
|
29 |
Sa chéad áit, tugann an chúirt sin dá haire, ar an gcéad dul síos, go n-áirítear i gceannteideal 1302 de AC súnna plandúla agus úisc phlandúla, ar choinníoll, de réir na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le HS, nach sonraítear nó nach n-áirítear iad i gceannteidil níos sainiúla. Arís de réir na nótaí míniúcháin sin, tá difríocht idir súnna plandúla agus úisc phlandúla, go háirithe, maidir le hoiléaroisíní, sa mhéid is go bhfuil cion i bhfad níos airde d’ábhair phlandúla iontu, seachas comhábhair chumhra sho-ghalaithe. |
|
30 |
Chuige sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go bhféadfaí an táirge idirmheánach, a bhaintear as an bhfaighneog fanaile ag baint úsáid as tuaslagóir, a mheas mar úsc plandúil. Mar sin féin, ós rud é go gcaolaítear an táirge idirmheánach sin go méid suntasach uisce agus alcóil ansin, tá amhras ar an gcúirt sin cibé an bhféadfar nó nach bhféadfar na hearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí a mheas mar úsc plandúil de réir bhrí cheannteideal 1302 den AC. |
|
31 |
Cuireann an chúirt a rinne an tarchur béim, go háirithe, ar an bhfíoras, de réir na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le HS, go ndéantar úisc phlandúla a eisiamh ó cheannteideal 1302 nuair a bhíonn, mar gheall ar shubstaintí eile a bheith curtha leo, tréithe ullmhóidí bia acu, agus fiú amháin más rud é, i gcomhréir leis na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC, maidir le ceannteideal 1302, nach gcuirtear cosc ar an táirge a aicmiú faoin gceannteideal sin le próiseáil a bhaineann le caighdeánú, nach léir, nuair a bhíonn táirge caolaithe chomh suntasach leis an táirge atá i gceist sna príomhimeachtaí, féadfar an phróiseáil sin a mheas mar chaighdeánú fós, fiú má tá an caolú sin, mar a fhianaíonn an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí, beartaithe chun an t-ábhar fanaile a choigeartú go 0.5 %. |
|
32 |
Ar an dara dul síos, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go ndéantar tagairt go sainráite d’oiléaroisíní eastósctha i gceannteideal 3301 de AC agus go bhfuil na comhábhair oibiachtúla a luaitear sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le HS sna hearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí ionas gur féidir na hearraí sin a aicmiú faoin gceannteideal sin. Ina theannta sin, ní áirítear i Nóta 1(ij) a ghabhann le Caibidil 13 de AC gach oiléaroisín eastósctha ón gcaibidil sin agus, dá réir sin, ó cheannteideal 1302 de AC freisin. |
|
33 |
Mar sin féin, tugann an chúirt sin dá haire freisin, go sonraítear i Nóta 1(a) a ghabhann le Caibidil 33 de AC, os a choinne sin, go bhfuil úisc phlandúla faoi cheannteideal 1302 eisiata ón gcaibidil sin agus, dá bhrí sin, ó cheannteideal 3301 de AC. |
|
34 |
Ar an tríú dul síos, tá an chúirt sin neamhchinnte faoin idirdhealú idir ceannteideal 3301 agus ceannteideal 3302 de AC. Ag féachaint do na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le HS, tá sí den tuairim go gcumhdaítear le ceannteideal 3302 ní hamháin meascáin de roinnt oiléaroisíní eastósctha, ach freisin meascáin de shubstaint chumhra amháin nó níos mó a bhfuil caolaitheoirí breise acu, ionas go bhféadfaí na hearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí a aicmiú freisin faoin gceannteideal sin, a mhéid, sa chás seo, go ndéantar oiléaroisín fanaile, atá bunaithe ar shubstaint chumhra, a chaolú trí alcól agus uisce a chur leis. |
|
35 |
Sa dara háit, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, ós rud é go bhfuil biotáillí sna hearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí, go bhfuil siad, mar riail, faoi réir na dleachta máil dá bhforáiltear i mír 130(1), an chéad abairt, agus (4) den BranntwMonG. Mar sin féin, tá sé riachtanach fós a chinneadh an bhféadfaidh na hearraí sin leas a bhaint as an díolúine dá bhforáiltear faoi mhír 152(1)(5) roimhe seo den BranntwMonG, toisc, d’fhonn an cheist sin a fhreagairt, gur gá Airteagal 27(1)(e) de Threoir 92/83 a léiriú, a ndearnadh a thrasuí leis an bhforáil náisiúnta sin, agus, go sonrach, chun a chinneadh cad atá le tuiscint le ‘blasanna’, de réir bhrí Airteagal 27(1)(e). |
|
36 |
Chuige sin, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur gur mheas Coiste an Choimisiúin um Dhleacht Mháil, i dTreoirlíne Uimh. 458 an 19 Samhain 2003, go raibh feidhm ag díolúine den sórt sin ón gcéim táirgthe nó ón allmhairiú ar aghaidh maidir le blastáin d’fho-cheannteidil 13021930, 21069020 agus 3302 de AC, sna leaganacha a bhí i bhfeidhm an tráth sin. |
|
37 |
De réir na cúirte sin, chuirfeadh an treoir sin cosc ar na hearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí a bheith díolmhaithe ón dleacht ar bhiotáillí dá mbeadh siad le haicmiú faoi fho-cheannteideal 13021905 nó faoi cheannteideal 3301 de AC. I gcodarsnacht leis sin, bhainfeadh na hearraí sin tairbhe as an díolúine sin dá ndéanfaí iad a aicmiú faoi cheannteideal 3302 de AC, cé go bhféadfadh níos mó alcóil a bheith in earraí faoin gceannteideal sin i gcomparáid leis na hearraí a thagann faoi cheannteideal 3301. |
|
38 |
Níl an chúirt a rinne an tarchur cinnte, áfach, an bhfuil Coiste an Choimisiúin um Dhleacht Mháil ábalta raon feidhme Airteagal 27(1)(e) de Threoir 92/83 a theorannú ar an mbealach sin. Tá sé den tuairim nach n-údaraítear leis na cumhachtaí a thugtar don choiste sin raon feidhme na forála sin a theorannú. |
|
39 |
Sna himthosca sin, chinn an Bundesfinanzhof (Cúirt Chónaidhme Fhioscach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais i gcomhair réamhrialú:
|
Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear
An chéad cheist go dtí an tríú ceist
|
40 |
Lena chéad, dara agus tríú ceist, ar iomchuí iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá AC a léiriú ar bhealach a chiallaíonn go bhfuil táirge atá comhdhéanta de thart ar 85 % eatánól, 10 % uisce, 4.8 % iarmhar tirim agus ag a bhfuil meánchion fanaile de 0.5 %, a fhaightear trí tháirge idirmheánach é féin a bhaintear as pónairí fanaile trí úsáid a bhaint as eatánól a chaolú in uisce agus in eatánól, ag teacht faoi fho-cheannteideal 1302 1905, fo-cheannteideal 3301 9030 nó fo-cheannteideal 3302 1090 den ainmníocht sin. |
|
41 |
Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar dtús, go gcumhdaítear le ceannteideal 1302 i gCaibidil 13 de AC, inter alia, úisc phlandúla, a bhfuil an fo-cheannteideal 1302 1905 de AC acu, lena ndéantar tagairt go sonrach, d’oiléaroisín fanaile. |
|
42 |
Ar an dara dul síos, cumhdaítear le ceannteideal 3301 i gCaibidil 33 de AC, inter alia, oiléaroisíní eastósctha agus cumhdaítear le fo-cheannteideal 3301 9030 de AC, go sonrach, oiléaroisíní eastósctha seachas iad siúd ó liocras agus leannlusanna. |
|
43 |
Ar an tríú dul síos, ionchorpraítear i gCaibidil 33 de AC freisin ceannteideal 3302, lena gcumhdaítear, inter alia, meascáin de shubstaintí agus de mheascáin chumhra, lena n-áirítear tuaslagáin alcólacha, le bunús de cheann amháin nó níos mó de na substaintí sin, de chineál a úsáidtear mar amhábhair sa tionscal. Cumhdaítear le fo-cheannteideal 3302 1090 de AC, inter alia, meascáin den sórt sin nuair is de chineál iad a úsáidtear i dtionscail an bhia. |
|
44 |
Ar an gceathrú dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le Riail Ghinearálta 1 de AC, go gcinnfear, i bprionsabal, aicmiú chun críocha dleachtanna custaim de réir théarmaí na gceannteideal agus aon alt nó nótaí caibidle coibhneasta. |
|
45 |
I bhfianaise na réamhchinntí sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, (i) i gcomhréir le Nóta 1, an dara mír, pointe (ij) a ghabhann le Caibidil 13 de AC, nach bhfuil feidhm ag ceannteideal 3301 den ainmníocht sin maidir le ‘oiléaroisíní eastósctha’ a chumhdaítear faoi cheannteideal 3301 de AC agus (ii) faoi Nóta 1(a) a ghabhann le Caibidil 33 de AC, nach gcumhdaítear leis an gcaibidil sin ‘úisc phlandúla’ a thagann faoi cheannteideal 1302 de AC. |
|
46 |
Dá bhrí sin, i gcomhréir leis an díolúine dá bhforáiltear i Nóta 1, an dara mír, pointe (ij) a ghabhann le Caibidil 13 de AC, ionas go dtiocfaidh na hearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí lasmuigh d’fho-cheannteideal 1302 1905 de AC – lena gcumhdaítear, mar a shonraítear i mír 41 den bhreithiúnas seo, oiléaroisín fanaile ach nach mór é a mheas mar oiléaroisín eastósctha de réir bhrí cheannteideal 3301 de AC nó mar mheascán de shubstaintí nó de mheascáin chumhra le bunús de cheann de na substaintí sin laistigh de brí cheannteideal 3302 de AC – ní fhéadfaidh na hearraí sin, in aon chás, a bheith ina n-úsc plandúil de réir bhrí cheannteideal 1302 de AC. |
|
47 |
Ní mar sin atá sé, áfach. Dhealródh sé nach mór na hearraí sin a mheas mar úsc plandúil de réir bhrí cheannteideal 1302 de AC agus, go sonrach, mar oiléaroisín fanaile de réir bhrí fho-cheannteideal 1302 1905 de. |
|
48 |
Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil an fíoras go sonraítear sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le HS nach ndéantar tagairt ach i gceannteideal 1302 de, ach d’úisc phlandúla nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile, ina chosc, ann féin, ar a mheas go bhfuil earraí amhail na cinn atá i gceist sna príomhimeachtaí ina n-úisc phlandúla de réir bhrí cheannteideal 1302 de AC, ar an bhforas go bhféadfadh na hearraí sin teacht faoi cheannteidil níos sonraí agus, go sonrach, faoi cheannteidil 3301 agus 3302 de AC. |
|
49 |
Ní léir ar dhóigh ar bith ó cheannteideal 1302 de AC ná ó na nótaí a ghabhann leis go bhfuil an ceannteideal sin le meas mar fho-cheannteideal, murab ionann agus ceannteidil AC áirithe ina leagtar amach go sainráite tréith den sórt sin. Níl na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le HS ina gceangal agus mar sin ní féidir leo tosaíocht a bheith acu ar fhorálacha AC ná a n-ábhar a mhodhnú (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Márta 2016, Customs Support Holland, C-144/15, EU:C:2016:133, míreanna 28 agus 47). |
|
50 |
Ar aon chuma, leanann sé ó na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le HS, maidir le ceannteideal 1302 de, gurb iad na ceannteidil níos sonraí dá dtagraítear ná iad siúd dá dtagraítear ag deireadh Chuid (A) den nóta lena mbaineann. I liosta na n-earraí ar an liosta sin ní luaitear na hearraí faoi cheannteidil 3301 nó 3302 de HS. |
|
51 |
Sa dara háit, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, cé gur baineadh as pónairí fanaile é trí úsáid a bhaint as eatánól, féadfar an táirge idirmheánach, dá dtagraítear i mír 24 den bhreithiúnas seo, a aicmiú mar oiléaroisín fanaile de réir bhrí cheannteideal 1302 1905 de AC. |
|
52 |
Foráiltear go sainráite sa chéad mhír de Nóta 1 a ghabhann le Caibidil 13 de AC go dtagann ‘úsc pireatraim’ faoi cheannteideal 1302 de AC. De réir na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le HS, faightear an eastóscán sin ‘trí eastóscadh le tuaslagóir orgánach’, amhail an táirge idirmheánach dá dtagraítear i mír 24 thuas. |
|
53 |
Ina theannta sin, le ceannteideal 1301 de AC, inter alia, d’oiléaroisíní nádúrtha. I gcodarsnacht leis sin, ní mór oiléaroisín fanaile, de réir bhrí fho-cheannteideal AC 13021905, a mheas mar úsc plandúil nach bhfaightear ar bhealach ‘nádúrtha’, ach trí phróiseas eastósctha teicneolaíoch, mar shampla trí bhíthin tuaslagóra. |
|
54 |
Deimhnítear tuilleadh léiriú den sórt sin sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC, maidir le ceannteideal 1302, ina sonraítear ‘Is éard atá in úisc phlandúla faoi cheannteideal 1302 ná amhábhair phlandúla a fhaightear trí, mar shampla, eastóscadh tuaslagóra’. |
|
55 |
Ar an dara dul síos, is fíor, mar a léiríonn an chúirt a rinne an tarchur, d’fhonn na hearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí a fháil, go bhfuil an táirge idirmheánach sin caolaithe go láidir le heatánól agus uisce. Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, ar dtús, mar a shonraítear sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC maidir le ceannteideal 1302, go dtiocfaidh úsc plandúil fós faoin gceannteideal sin fiú má dhéantar próiseáil a bhaineann le caighdeánú air. |
|
56 |
Sa chaoi chéanna, luaitear sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le HS, maidir le ceannteideal 1302, go gcumhdaítear leis an gceannteideal sin freisin ‘eastóscáin shreabhacha’, eadhon ‘tuaslagáin [caighdeánaithe go ginearálta] d’eastóscáin [plandúla] in […] alcól’, chun gráid tráchtála a tháirgeadh le cion d’úsc plandúil caighdeánach sa táirge. |
|
57 |
Ina theannta sin, ní shocraítear le forálacha AC ná le forálacha HS ná ina nótaí míniúcháin uasteorainn maidir le cainníochtaí na dtáirgí eile a fhéadtar a úsáid chun an t-úsc plandúil atá i gceist a chaighdeánú. |
|
58 |
Mar sin, nuair a chaolaítear úsc plandúil chun a chaighdeánú a áirithiú, féadfaidh an t-úsc plandúil a chaolaítear mar sin teacht fós faoi cheannteideal 1302 de AC. |
|
59 |
Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú, de réir allmhaireoir na n-earraí atá i gceist sna príomhimeachtaí, go bhfuil caolú an táirge idirmheánaigh le halcól agus le huisce beartaithe go beacht chun an cion fanaile a choigeartú sna hearraí sin go 0.5 % agus, dá bhrí sin, chun iad a chaighdeánú. |
|
60 |
Sa tríú háit, ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le HS, maidir le ceannteidil 1302 agus 3301 de HS, go bhfuil úisc phlandúla de cheannteideal 1302 difriúil ó oiléaroisíní eastósctha, de réir bhrí cheannteideal 3301 de HS, sa mhéid, go bhfuil de ghnáth cion i bhfad níos airde de shubstaintí planda eile ann, seachas comhábhair chumhra sho-ghalaithe, ná na hoiléaroisíní eastósctha faoi cheannteideal 3301 de HS. |
|
61 |
Is cosúil gurb é sin an cás maidir leis na hearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí, ós rud é go bhfuil cion na n-iarmhar tirim i bhfaighneog fanaile, de réir na faisnéise a thug an chúirt a rinne an tarchur, naoi n-uaire níos airde ná an cion fanaile. |
|
62 |
I bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite, is é an freagra ar an gcéad cheist go dtí an tríú ceist mar sin nach mór AC a léiriú sa chaoi sin is go dtagann earra, comhdhéanta de thart ar 85 % eatánól, 10 % uisce, 4.8 % iarmhar tirim arb é 0.5 % an meánchion fanaile agus a fhaightear trí chaolú táirge idirmheánach in uisce agus eatánól chun críocha caighdeánaithe, agus a bhaintear é féin as faighneoga fanaile trí eatánól, faoi fho-cheannteideal 1302 1905 den ainmníocht sin. |
An ceathrú ceist le haghaidh réamhrialú
|
63 |
Lena ceathrú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 27(1)(e) de Threoir 92/83 a léiriú ar bhealach a gciallaíonn nach mór oiléaroisín fanaile d’fho-cheannteideal 13021905 de AC a mheas mar ‘bhlas’ de réir bhrí na forála sin. |
|
64 |
Foráiltear le hAirteagal 27 de Threoir 92/83 go bhfuil na Ballstáit chun na táirgí a chumhdaítear leis an Treoir sin a dhíolmhú ón dleacht mháil a bhunaítear leis an Treoir sin, inter alia, i gcás ina n-úsáidtear na táirgí sin chun blasanna a tháirgeadh chun earraí bia agus deochanna neamh-mheisciúla nach bhfuil níos mó ná 1.2 % d’ábhar alcóil de réir toirte acu. |
|
65 |
Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara go leanann sé ó fhoclaíocht Airteagal 27 nach bhfuil ach táirgí a thagann faoi raon feidhme Threoir 92/83 ábalta leas a bhaint as an díolúine faoi Airteagal 27. I gcodarsnacht leis sin, tá sé neamhábhartha go gcuimsítear sna táirgí sin earraí nach dtagann, mar sin, faoi raon feidhme na Treorach sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 12 Meitheamh 2008, Gourmet Classic, C-458/06, EU:C:2008:338, míreanna 35 go 37, agus an 9 Nollaig 2010, Repertoire Culinaire, C-163/09, EU:C:2010:752, mír 26). |
|
66 |
I measc chomhábhair na n-earraí atá i gceist sna príomhimeachtaí, is cosúil nach dtagann ach eatánól faoi raon feidhme Threoir 92/83, faoin gcéad fhleasc d’Airteagal 20 den Treoir sin, arna léamh i gcomhar le ceannteideal 2207 de AC. Leanann sé as sin nach bhféadfar ach an comhábhar sin a dhíolmhú faoi Airteagal 27 den Treoir sin, ar an gcoinníoll go n-úsáidtear é chun blasanna a tháirgeadh chun earraí bia agus deochanna neamh-mheisciúla nach bhfuil níos mó ná 1.2 % d’ábhar alcóil de réir toirte acu a ullmhú. |
|
67 |
Agus é sin á shoiléiriú, ba cheart a thabhairt faoi deara, ós rud é nach bhfuil an coincheap ‘blas’ sainmhínithe i dTreoir 92/83 ná in AC, nach mór a bhrí agus a raon feidhme a chinneadh i gcomhréir le gnáthbhrí an nóisin sin sa ghnáth-theanga, agus an comhthéacs ina bhfuil sé agus críocha na rialacha ar cuid de é á gcur san áireamh freisin (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Meán Fómhair 2014, Deckmyn agus Vrijheidsfonds, C-201/13, EU:C:2014:2132, mír 19 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
68 |
Ina ghnáthchiall, leis an gcoincheap ‘blas’, déantar tagairt do chomhábhar a thugann blas nó boladh ar leith do tháirge áirithe. Ina theannta sin, níl scéim ghinearálta nó cuspóirí Threoir 92/83 ag teacht salach ar a leithéid de léiriú. |
|
69 |
Dá bhrí sin, a mhéid a chomhlíonann sí sainmhíniú den sórt sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fhionnadh, nach mór oiléaroisín fanaile a mheas mar ‘bhlas’ de réir bhrí Airteagal 27 den Treoir sin, agus nár chóir aon dleacht mháil a thobhach ar an eatánól atá ann nuair a úsáidtear blas den sórt sin chun earraí bia nó deochanna neamh-mheisciúla nach bhfuil níos mó ná 1.2 % d’ábhar alcóil de réir toirte acu a ullmhú. |
|
70 |
Ní fhéadtar amhras a chaitheamh ar an léiriú sin leis na treoirlínte arna nglacadh ag Coiste an Choimisiúin um Dhleachtanna Máil, a luaigh an chúirt a rinne an tarchur. |
|
71 |
Fiú dá mba rud é go raibh sé beartaithe ag na treoirlínte sin oiléaroisín fanaile a eisiamh ón gcoincheap ‘blas’, de réir bhrí Airteagal 27 de Threoir 92/83, is amhlaidh fós go bhfuil cumhachtaí an choiste sin, mar atá leagtha síos ar an dáta ar glacadh na treoirlínte sin, in Airteagal 24(2) agus (4) de Threoir 92/12, teoranta do bhearta a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha dhlí an Aontais maidir le dleachtanna máil, gan cead a thabhairt don choiste sin na forálacha sin a leasú nó, dá bharr sin, údarú a thabhairt dó raon feidhme den choincheap ‘blas’ de réir bhrí Airteagal 27 a shrianadh. |
|
72 |
Ná ní cheadaítear ach an oiread le cumhachtaí Choiste an Choimisiúin um Dhleachtanna Máil, mar atá sainmhínithe anois in Airteagail 43 agus 44 de Threoir 2008/118, lenar aisghaireadh Treoir 92/83, raon feidhme coincheapa den sórt sin a shrianadh. |
|
73 |
Leanann sé ó na breithnithe go léir thuasluaite nach mór Airteagal 27(1)(e) de Threoir 92/83 a léiriú sa chaoi sin gur ‘blastán’ é oiléaroisín a thagann faoi fho-cheannteideal 1302 1905 den AC a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 2658/87, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 2015/1754 ar an gcoinníoll gur comhábhar é a thugann blas nó boladh sonrach do tháirge áirithe. |
Costais
|
74 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Naoú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
[Sínithe] |
( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.